‘Níos fearr ná Cré na Cille?’ – cnuasach Béarla de ghearrscéalta Uí Chadhain le foilsiú

Deir Cló Iar-Chonnacht go gcabhróidh cnuasach Béarla nua ó Yale University Press le cur ar a súile do phobal an Bhéarla ‘cé chomh maith’ is atá scéalta an Chadhnaigh

‘Níos fearr ná Cré na Cille?’ – cnuasach Béarla de ghearrscéalta Uí Chadhain le foilsiú

Tá cnuasach de ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain le foilsiú i mBéarla ag Yale University Press an bhliain seo chugainn.

Foilseofar gearrscéalta an Chadhnaigh i mBéarla mar chuid de chlár aistriúcháin Chló Iar-Chonnacht, ar leo na cearta do shaothar an mhórscríbhneora as an Spidéal i gConamara.

Foilsíodh le déanaí mar chuid den chlár uaillmhianach céanna, The Dregs of the Day, aistriúchán Alan Titley ar an nóibhille Fuíoll Fuine.

Tá leaganacha Gearmáinise agus Spáinnise de Fuíoll Fuine le foilsiú go luath chomh maith.

Maidir le cnuasach gearrscéalta Uí Chadhain, deir Míchéal Ó Conghaile, stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht go gcabhróidh na haistriúcháin le cur ar a súile do phobal an Bhéarla agus an domhain “cé chomh maith” agus atá scéalta an Chadhnaigh, caoga bliain tar éis a bháis. 

“Measann go leor léirmheastóirí gur fearr a chuid gearrscéalta fiú ná Cré na Cille!” a deir Ó Conghaile.

Cuireadh suim mhór sna leaganacha Béarla de mhórshaothar an Chadhnaigh Cré na Cille a foilsíodh cúpla bliain ó shin – The Dirty Dust  le Alan Titley agus Graveyard Clay le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson.

Tá Cré na Cille aistrithe chuig go leor teangacha eile le tamall de bhlianta anuas chomh maith agus cuirfear leaganacha Gréigise agus Rúisise ar fáil an bhliain seo chugainn. Sa bhliain 2021 a fhoilseofar an leagan Araibise den úrscéal iomráiteach.

Foilsíodh in 2015 aistriúchán Béarla Louis de Paor agus Lochlainn Uí Thuairisg ar An Eochair, ceann de ghearrscéalta móra an Chadhnaigh. Tá leagan Gearmáinise agus Seicise ar na bacáin chomh maith. 

I measc na n-aistritheoirí a chuir Béarla ar na scéalta sa chnuasach de ghearrscéalta Uí Chadhain atá le foilsiú ag Yale University Press an bhliain seo chugainn, tá Alan Titley, Úna Ní Chonchubhair, Lochlainn Ó Tuairisg, Louis de Paor agus Katherine Duffy.

Idir an dá linn, eagrófar seimineár lae faoi ghearrscéalta Uí Chadhain an fómhair seo chugainn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Deir lucht eagraithe an tseimineáir sin, OÉG agus Cló Iar-Chonnacht, go mbeidh fáilte go dtí an 1 Feabhra roimh thairiscintí páipéir 20-25 nóiméad nó painéil chainte faoi ghné ar bith de ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain.

Fág freagra ar '‘Níos fearr ná Cré na Cille?’ – cnuasach Béarla de ghearrscéalta Uí Chadhain le foilsiú'