Níos éasca ná riamh na torthaí is airde a fháil i nGaeilge na hArdteiste

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar thorthaí Ardteiste na bliana seo, bheadh cáilíocht Ghaeilge do chúrsa bunmhúinteoireachta ag os cionn 80% de na daltaí a rinne an scrúdú ardleibhéil

Níos éasca ná riamh na torthaí is airde a fháil i nGaeilge na hArdteiste

Bhí sé níos éasca ná riamh cheana na gráid is airde a fháil i scrúdú ardleibhéil Gaeilge Ardteiste na bliana seo.

De réir na staitisticí is déanaí, d’éirigh le 15.4% an marc is airde a fháil i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na hArdteiste 2023, nach mór duine as gach seisear a thug faoin scrúdú.

7.4% de dhaltaí a fuair grád H1 sa Bhéarla agus 10.9% a fuair an grád sin sa Mhatamaitic.

6.1% a fuair grád H1 sa Ghaeilge in 2019, an bhliain roimh thús na paindéime. Fágann sin go bhfuil ardú os cionn 150% tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaltaí a fhaigheann an grád is airde sa Ghaeilge.

D’éirigh le breis is 37% díobh siúd a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana H1 nó H2 a fháil (marc 80% nó níos airde). 25% de dhaltaí a fuair an dá ghrád is airde sa Bhéarla agus 28% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.

Fuair 61% de dhaltaí a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge H1, H2 nó H3 (70% nó níos mó sa scrúdú). 54% de dhaltaí a fuair na trí ghrád is airde sa Bhéarla agus 50% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.

Den 22,852 dalta a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge mí an Mheithimh seo caite, d’éirigh le 82.3% acu nó breis is ceathrar as gach cúigear grád H4 nó níos airde a bhaint amach. Grád H4 (marc 60% nó níos mó) a theastaíonn sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge le cáiliú chun céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.

In 2019, 69.1% de dhaltaí a fuair H4 nó níos airde sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge, rud a chiallaíonn go bhfuil ardú beagnach 20% tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaltaí a bhíonn incháilithe sa Ghaeilge do chúrsa bunmhúinteoireachta.

Díreach 0.1% de dhaltaí a fuair níos lú ná 30% sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana, laghdú ar ráta teipthe na bliana seo caite, 0.2%.

Rinne an Coimisiún um Scrúduithe Stáit coigeartú i ndiaidh na marcála ar thorthaí scrúduithe na bliana seo chun a chinntiú go mbeadh na gráid i gcomhréir le gráid na bliana seo caite.

Ardaíodh torthaí na bliana seo níos mó ná mar a ardaíodh cinn na bliana seo caite, áfach.

Ardaíodh na marcanna 7.9% ar an meán i mbliana, i gcomparáid le 5.6% anuraidh. Tháinig ardú ar 71% de na torthaí ar fad a bronnadh i mbliana dá bharr, i gcomparáid le hardú ar 50% de na torthaí anuraidh.

Tá líon na ndaltaí a fhaigheann na marcanna is airde sa Ghaeilge méadaithe níos mó ná mar atá sna croí-ábhair eile, áfach, patrún a bhí tosaithe roimh an bpaindéim.

H1 H2 H3 H4
2023
Gaeilge 15.4 21.9 23.8 21.2
Béarla 7.4 17.8 29 27.7
Matamaitic 10.9 16.7 21.9 23.1
2019
Gaeilge 6.1 17.7 22.3 23.0
Béarla 3.0 10.1 20.5 27.5
Matamaitic 6.4 11.2 17.1 22.5

Torthaí Gaeilge na hArdteiste

GAEILGE (Ardleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2023 23899 15.4 21.9 23.8 21.2 12.9 4.1 0.7 0.1
2022 24441 12.7 21.0 23.8 21.9 14.4 5.2 0.9 0.2
2021 25596 11.9 21.9 27.5 22.7 11.2 3.4 0.6 0.8
2020 24725 9.1 19.8 27.1 24.6 13.7 4.8 0.7 0.2
2019 23176 6.1 17.7 22.3 23.0 18.2 9.5 2.8 0.4
GAEILGE (Bonnleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2023 2408 4.2 12.7 21.1 24.0 19.0 11.7 5.8 1.5
2022 1933 3.4 13.0 22.6 24.9 17.0 11.9 5.5 1.7
2021 1074 8.8 16.5 22.5 20.9 14.4 11.6 1.7 3.4
2020 1462 5.9 17.6 25.5 23.1 16.0 10.4 0.4 1.0
2019 2834 1.9 11.8 19.9 24.5 20.9 12.0 6.2 2.9
GAEILGE (Gnáthleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2023 22852 2.3 13.5 24.6 25.4 18.3 9.7 4.3 1.8
2022 23520 1.0 10.6 26.3 28.9 19.3 8.7 3.4 1.9
2021 23301 3.0 11.0 22.1 26.3 21.1 12.3 2.6 1.6
2020 23546 1.9 8.9 19.6 26.3 23.2 15.3 3.4 1.4
2019 22323 0.3 5.2 18.6 26.2 25.0 15.7 6.3 2.7

 

Fág freagra ar 'Níos éasca ná riamh na torthaí is airde a fháil i nGaeilge na hArdteiste'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Insíonn an méid sin a scéal féin.

  • jpmorley0@gmail.com

    Seafóid ar fad. Táid ag cacadh ar na huibhe le fada an lá anois.