‘Níorbh fhiú leo scéal a chur chugainn’ – fearg ar íospartach gur ar RnaG a chuala sé faoi bhás Eugene Greene

Ag labhairt dó ar Barrscéalta inniu, dúirt Máirtín Ó Gallchóir as Gort an Choirce gur chuir sé ‘corraí mór’ air nach ón eaglais a fuair sé féin agus na daoine eile a d’ionsaigh Eugene Greene an scéala gur bhásaigh an sagart péidifileach mí na Samhna seo caite

‘Níorbh fhiú leo scéal a chur chugainn’ – fearg ar íospartach gur ar RnaG a chuala sé faoi bhás Eugene Greene

Máirtín Ó Gallchóir, duine de na daoine ar bhain an sagart Eugene Greene mí-úsáid ghnéis as

Deir fear a ndearna an sagart péidifileach as Gaeltacht Dhún na nGall Eugene Greene ionsaí gnéis air nuair a bhí sé óg nach raibh sé “ceart ná cóir” gur ar Raidió na Gaeltachta a fuair sé amach go raibh Greene básaithe.

Ag labhairt dó ar Barrscéalta ar RnaG inniu, dúirt Máirtín Ó Gallchóir as Gort an Choirce gur chuir sé “corraí mór” air nach ón eaglais a fuair sé féin agus na daoine eile a d’ionsaigh Greene an scéala gur bhásaigh an sagart mí na Samhna seo caite.

Inné a tháinig sé chun solais gur bhásaigh Eugene Greene anuraidh.

“Ní raibh sé ceart ná cóir an dóigh a bhfuair mé amach. Bhí mé i mo shuí sa teach liom féin ag éisteacht le Nuacht a hAon ar RTÉ RnaG, ní raibh aon duine agam ach mé féin. Sin an Eaglais Chaitliceach arís.

“Cad é a bhí siad ag smaointiú air, go dtáinig seo amach sna meáin agus nach raibh fhios ag na daoine, na híobartaigh uilig, go raibh an fear seo marbh? Go mb’éigean dom fáil amach tríd na meáin, bhí an domhan mór ag éisteacht leis. Níorbh fhiú leo scéal a chur chugainn,” arsa Máirtín Ó Gallchóir.

Dúirt sé nár thug scéal bhás Greene faoiseamh ar bith dó.

“Níl faoiseamh ar bith i mo chroíse inniu go bhfuil an fear seo marbh … ach an dóigh a raibh sé déanta ó thús, nach bhfuair muid scéala, chuir sin corraí orm, corraí mór orm. Ní dhéanann sé lá difir dúinne cé acu an bhfuil an fear seo beo nó marbh, tá an phian chéanna orainne achan lá,” ar sé.

Thug lucht Oifig Deoise Ráth Bhoth le fios inné go raibh sé i gceist acu teagmháil a dhéanamh an tseachtain seo leis na daoine a ndearna an sagart mí-úsáid orthu.

Dúirt Easpag Ráth Bhoth, Alan McGuckian ar Barrscéalta gur deimhníodh dóibh Dé hAoine seo caite gur raibh Greene básaithe ach go ndeachaigh rudaí sa bhfraoch orthu agus nár éirigh leo scéal a chur faoi bhráid na n-íospartach sular tháinig an scéal amach ar na meáin.

Bhí Eugene Greene 91 bliain d’aois.

Eugene Greene

Fuair na Gardaí amach mar gheall ar a chuid coireanna ar dtús i 1997 nuair a chuaigh Greene féin chucu agus é ag maíomh go raibh dúmhál á dhéanamh air ag fear.

Gearradh téarma 12 bliain príosúin ar Eugene Greene in 2000 as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar 26 buachaill idir 1965 agus 1982 i bparóistí éagsúla i nGaeltacht Dhún na nGall, ina measc Gaoth Dobhair, Cnoc Fola agus Cill Mac Greannáin. 

Scaoileadh saor é tar éis ocht mbliana.

Cé nach eol cá raibh fód a bháis, tuairiscíodh anuraidh gur i gCorcaigh a bhí Greene ina chónaí i dteach altranais de chuid na heaglaise. 

Tuairiscítear go ndearnadh corp Greene a chréamadh agus gur scaipeadh a luaithreach ar muir. 

Labhair Máirtín Ó Gallchóir le Tuairisc.ie anuraidh faoin lorg a d’fhág an mhí-úsáid air agus faoina dhearcadh i leith lucht ceannais na heaglaise. 

Fág freagra ar '‘Níorbh fhiú leo scéal a chur chugainn’ – fearg ar íospartach gur ar RnaG a chuala sé faoi bhás Eugene Greene'

  • Lillis Ó Laoire

    Má tá sé marbh le cúpla mí maith, agus más in áras de chuid na hEaglaise a bhí sé ar ceathrúin, mar a chuireann an tuairisc seo thuas in iúl, is deacair a thuigbheáil cad chuig nár cuireadh scéalta at tús chuig na hìobartaigh.