Bíonn an taistealaí réidh i gcónaí leis na pleananna a athrú, dul athrú treo, nó rud a chur ar ceal fiú – nach mbíonn?
Ní féidir tú a chur de do bhoinn go hiomlán má bhíonn tú réidh le d’intinn nó do phlean a athrú, sílim féin. Is minic go mbíonn plean ‘B’ i m’intinn agamsa don lá sin.
Ach tarlaíonn sé ó am go ham, go gcuirtear an teoiric sin faoi bhrú.
Is cuimhneach liom an t-am ar thug mé scata deirfiúracha go dtí an Róimh agus mise breá sásta go rabhamar le fanacht in óstán ar fhan mé go minic ann cheana, a bhí gar go maith do na radharcanna ba spéisiúla agus ba mhó cáil sa Róimh.
Caithfidh mé a rá gur cuireadh an teoiric faoi bhrú aisteach nuair a thángamar fhad leis an bpríomhdhoras agus é glasáilte agus ceangailte le slabhraí agus glas mór trom. Bhí nóta mínithe air ag tabhairt treoracha go dtí óstán eile, a raibh ár gcuid seomraí curtha in áirithe ann as an nua – nóta mínithe in Iodáilis.
Ach d’éirigh linn é a aimsiú – amanta is cabhair mhór í an Laidin scoile, dála an scéil.
An t-am deiridh ar thug mé cuairt ar an gCathair Bheannaithe, ní fhaca mé aon rud roimh ré ar an idirlíon a chuirfeadh ar m’airdeall mé. Ní raibh lá ann nach raibh mé ag fáil teachtaireachtaí faoin ‘Róimh faoi Cheilt’ nó tairiscintí mealltachta le haghaidh turas treoraithe a bheadh ina thruslóg ‘thar an líne’.’ Níor thug mé aon aird orthu.
Bhí sórt amchlár agus ord reatha déanta amach agam don turas agus neart am spártha ann freisin le go mbeadh deis ag daoine a rogha rud a dhéanamh. Turas spioradálta chuig Max Mara, mar shampla.
An chéad rud a thabharfas tú faoi deara ná go bhfuil roinnt mhaith oibreacha poiblí ar bun ar fud na cathrach – agus ‘Caput Mundi’ scríofa ar na sconsaí canbháis mórthimpeall orthu. Sórt leasainm é sin ar chathair na Róimhe féin, ar measadh uair amháin gurbh í príomhchathair an domhain í. Ach ansin thosaigh muid ag tabhairt faoi deara go raibh caint ar ‘iubhaile’ éigin.
Is cosúil go bhfógraítear Iubhaile gach 25 bliain ins an Eaglais Chaitliceach agus beidh an chéad cheann eile ann sa mbliain 2025. Meastar go dtabharfaidh 35 milliún duine cuairt ar an gcathair i rith na bliana sin. Tosóidh na himeachtaí nuair a osclófar an ‘Doras Naofa’ ar an 24 Nollaig i mbliana.
Maidin Dé Céadaoin a cuireadh an chéad dris chosáin sa mbealach orainn. Chuamar an bealach ar fad ar an mbus go dtí an Vatacáin agus mise lánchinnte de go mbeadh gnáthaifreann ar siúl ann agus gan le déanamh ach fanacht písín sa líne agus go ligfí isteach muid.
Ní raibh aon ligean isteach, áfach. Bhí rud éigin ar siúl thuas ag barr Chearnóg Naomh Peadar, agus slua mór ag baint an-cheart as. Ansin chonaiceamar an Pápa ar na scáileáin mhóra agus é ag beannú lánúin nuaphósta agus iad gléasta i gcomhair na bainise. Thosaigh muid féin ag baint ceart as muid féin – bhíomar istigh sa Chearnóg ar a laghad agus na mílte eile coinnithe taobh amuigh ag na póilíní.
Ó dheas linn ansin go Piazza Navona agus na hiontais go léir a bheadh le feiceáil ann. Dealbhóireacht Bernini, Séipéal Naomh Agnes le Borromini, an Pantheon agus ansin, mar bhónas breise, Eaglais na bhFrancach, agus an bailiúchán pictiúr le Caravaggio a bheadh le feiceáil in aon ionad amháin ansin.
Bhí na sconsaí cosanta le feiceáil ar an bpointe. Na trí fhuarán chlúiteacha agus an dealbhóireacht iontach le Bernini clúdaithe le canbhás nó le scafall. B’éigean gáirí a dhéanamh faoi. D‘éirigh le mo chompánaigh paistí trédhearcacha a aimsiú trína bhféadfaí na hiontais ealaíne a fheiceáil. Díol suime a bhí ins an obair phointeáilte a bhí ar siúl ag an dream a bhí ag athchóiriú na saothar ealaíne.
Bhuel ar a laghad bheadh Séipéal Naomh Agnes le feiceáil taobh le Piazza Navona. Isteach linn agus fógraíodh ar a bpointe nach raibh ach deich nóiméad ann sula ndúnfadh sé. Is diabhaltaí an méid atá duine in ann a shú isteach in imeacht deich nóiméad. Ar a laghad bheadh Caravaggio ag fanacht linn in Eaglais na bhFrancach timpeall an chúinne.
Bhí sí ag fanacht agus ag fanacht dúnta, glasáilte. ‘Athchóiriú’ ar bun don Iubhaile Mhór. Mar chúiteamh, sheas roinnt saighdiúirí nó oifigigh Fhrancacha os ár gcomhair le go nglacfadh muid pictiúr díobh. Agus síos linn go dtí an foirgneamh iomlán Rómhánach is ársa ar domhan, an Pantheon. Bheadh sé deacair é sin a chur faoi ghlas. Ach is rud nua anois é go gcaithfidh tú ticéad a fháil agus fanacht sa líne. Ba chuma, b’fhiú an fanacht gairid.
Shílfeá faoin am seo go mbeadh daoine ag éirí tuirseach de na sconsaí agus na fógraí faoi ‘athchóiriú’ agus ag casaoid faoi ‘Caput Mundi’. Ach níor chuir sé isteach ná amach orthu. Bhíodar i gceann de na cathracha ba shuimiúla agus ba stairiúla san Eoraip agus mura raibh ann ach na sráideanna, na bialanna, na foirgnimh ársa Rómhanacha, bhí neart le feiceáil agus le taitneamh a bhaint as go ceann cúpla lá.
Ina dhiaidh sin, chuadar a mbealach féin chomh fada le Fuarán Trevi – a bhí clúdaithe, ar ndóigh le canbhás agus le scafaill. Bhí iarracht bheag déanta ag na húdaráis agus báisín uisce leagtha ar an talamh tirim acu le go bhféadfadh na turasóirí airgead a chaitheamh isteach ann. Ar a laghad níl aon bhaol go dtosóidh turasóirí ag lapadaíl thart ann agus ag cothú trioblóide deireanach san oíche.
Bhí a fhios agam roimh ré go raibh cuid de na saothair ealaíne á mbogadh amach ón nGailearaí Borghese agus ba chuma liom toisc go raibh mé cinnte go mbeadh dealbha iontacha Bernini fós le feiceáil ann. Go deimhin, bhain muid an-cheart as tamall a chaitheamh ag breathnú ar na fir oibre ag ardú saothair ealaíne amach as trucaill agus sa nGailearaí féin ag déanamh iontais den achar a thóg sé orthu pictiúr eile a a ligean anuas ar shlabhra. Bhí slua mór daoine, saineolaithe ar a gceird iad ar fad, i mbun na hoibre seo agus thuigfeá cén fáth a gcaithfidh daoine íoc as taispeántais ealaíne.
Ní raibh ach iontas amháin eile le feiceáil an lá deireanach, agus bheadh an Colosseum ar an mbealach chuige. Bhí sé beartaithe agam bus agus b’fhéidir metro a fháil chun an turas go Baisleach San Clemente a ghiorrú agus daoine ag taisteal abhaile an oíche chéanna.
Chuaigh chaon duine acu suas go dtí an cuntar san óstán i dtosach lena gcuid billí a ghlanadh agus ní fhaca aon duine acu an fógra faoin stailc aon lae busanna agus metro.
Ach d’éirigh linn siúl síos Bealach na nImpirí, siúl timpeall an Colosseum agus ar ais – ghabhfadh sé rite leo é a chlúdach le canbhás.
Eitilt bhreá chompordach abhaile go Baile Átha Cliath agus shocraigh triúr againn tacsaí a roinnt.
‘Beidh orm dul trí Bhalla Munna,’ a dúirt an tiománaí Mahobat as an Afghanastán.
‘Tá an M1 dúnta i gcomhair athchóirithe.’
Fág freagra ar 'Níor tógadh an Róimh in aon lá amháin agus is léir nach bhfuil sí críochnaithe go fóill'