Níor éirigh leis na hiarrachtaí go dtí seo logainmneacha Gaeltachta a chur in úsáid ar chóras Eircode – Coimisinéir Teanga

Dodhéanta ag An Post a gcuid spriocanna seachadta litreacha a bhaint amach gan an leagan Béarla de na seoltaí a bheith sa bhunachar acu

Níor éirigh leis na hiarrachtaí go dtí seo logainmneacha Gaeltachta a chur in úsáid ar chóras Eircode – Coimisinéir Teanga

Tá logainmneacha Gaeltachta i mBéarla á n-úsáid fós ag an gcóras Eircode d’ainneoin “iarracht mhacánta” a bheith déanta ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an fhadhb a réiteach.

Tá an méid seo deimhnithe sa Tuarascáil Faireacháin is deireanaí atá foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga inniu.

Tháinig an fhadhb seo chun cinn ar dtús cúig bliana ó shin nuair a seoladh an córas Eircode agus tharraing an scéal níos mó gearán ná “aon ábhar aonair eile riamh” ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga.

Rinne an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill sraith moltaí ag an am le dul i ngleic leis an bhfadhb agus lena chinntiú go mbeadh sé de cheart ag pobal na Gaeltachta a gcuid seoltaí a úsáid i nGaeilge ar chóras Eircode dá mba mhian leo.

I mí na Samhna anuraidh dhearbhaigh An Post don Choimisinéir Teanga nach bhféadfaí an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar “go dteastaíonn sé le cruinnseachadadh litreacha” a chinntiú.

Dúradar go n-úsáideann “lear maith daoine seoltaí Béarla sa Ghaeltacht” agus go bhfuil dualgas reachtúil ar An Post faoi ComReg cloí le spriocanna áirithe seachadta. Bheadh sé “dodhéanta” na spriocanna sin a bhaint amach gan an leagan Béarla de na seoltaí a bheith sa bhunachar acu.

Tugadh le fios go bhféadfadh sé tarlú “amach anseo” go mbeadh “giuirléid láimhe ag fir agus mná poist” a d’fhéadfadh a bheith ina cúnamh le seoltaí a aithint

Míníodh don Choimisinéir Teanga chomh maith nár mhór don seoladh i mbunachar sonraí Eircode a bheith ag teacht leis an seoladh i mbunachar sonraí An Post. D’fhéadfadh “deacrachtaí suntasacha seachadta poist” chuig na custaiméirí sin a bheith ann dá mbeadh na seoltaí difriúil óna chéile.

Dúradh nach bhfuil de rogha ag Eircode, dá bhrí sin, na seoltaí i mbunachar sonraí Eircode a athrú go haontaobhach gan tagairt do bhunachar sonraí An Phost.

Dúirt Rónan Ó Domhnaill gur “léir” dó “go bhfuil iarracht mhacánta déanta” ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha teacht ar réiteach sa chás seo trí iarracht iachall a chur ar An Post a bhunachar sonraí seoltaí a leasú ionas gur i nGaeilge amháin a bheadh gach logainm Gaeltachta ábhartha.

“Níor éirigh leis na hiarrachtaí sin, áfach, agus dá thoradh seo ar fad tá logainmneacha Gaeltachta i mBéarla fós á n-úsáid ag Eircode,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Fág freagra ar 'Níor éirigh leis na hiarrachtaí go dtí seo logainmneacha Gaeltachta a chur in úsáid ar chóras Eircode – Coimisinéir Teanga'

  • Seán Mistéil

    Má táthar in ann beart a sheoladh le cúiréir chuig seoladh i nGaeilge i mBaile Átha Cliath (agus Eircode in úsáid) is deacair a thuiscint céard atá dodhéanta go dtí seo maidir leis na dualgais atá ar an Post maidir le Eircode.