Níor cheart cúlú ó ‘géarchéim eisiach’ na Gaeilge sa Ghaeltacht – Uachtarán na hÉireann

Deir Micheál D Ó hUigínn go bhfuil an Ghaeilge ‘beo beathach’ ach, ag an am céanna, go léiríonn an fhianaise go mbaineann dúshlán i bhfad níos mó ná mar a ceapadh le slánú na teanga sa Ghaeltacht

Níor cheart cúlú ó ‘géarchéim eisiach’ na Gaeilge sa Ghaeltacht – Uachtarán na hÉireann

Deir Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, nár cheart “cúlú” ó “ghéarchéim eisiach” na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Deir an tUachtarán go bhfuil sé soiléir go bhfuil an Ghaeilge “beo beathach” ach, ag an am céanna, go léiríonn an fhianaise go mbaineann dúshlán i bhfad níos mó ná mar a ceapadh le slánú na teanga sa Ghaeltacht.

I réamhrá i leabhar nua leis an iar-aire stáit Gaeltachta, Joe McHugh, Beidh tú Alright: An Irish Language Journey, deir an tUachtarán go bhfuil an dioscúrsa poiblí faoin nGaeilge athraithe go mór le tamall.

“Tá athrú suntasach tagtha ar an ndioscúrsa faoin nGaeilge le 20 nó 30 bliain agus san áit a mbíodh dearcadh diúltach faoin nGaeilge a bheith ina ‘teanga mharbh’ tá dearcadh agus glacadh I bhfad níos dearfaí ann ina leith de réir mar a bhog sí isteach gan dua sa ré dhigiteach a thug oiread sin deiseanna nua di.

“Tá fianaise shoiléir ann go bhfuil ár dteanga dhúchais ársa beo beathach agus spásanna nua á mbaint amach aici di féin sa saol comhaimseartha.”

Deir Ó hUigínn go raibh baint mhór ag TG4 leis an athrú ó thaobh na Gaeilge “i gcroí agus in aigne an phobail” agus gur chuir an stáisiún teilifíse an Ghaeilge i láthair mar theanga bheo a labhraítear gach lá.

Cuireann an tUachtarán fainic, áfach, ar dhaoine gan éirí réchúiseach faoi chás na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

“Ach ní féidir na maidí a ligean le sruth agus a bheith ag ceapadh go bhfuil ár dteanga náisiúnta slán agus saor ó gach baol. A mhalairt ar fad, cé gur léirigh na figiúirí daonáirimh is déanaí, a foilsíodh i mBealtaine 2023, go raibh ardú ar líon na ndaoine a thug le fios go raibh Gaeilge acu, léirigh na figiúirí céanna gur tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht don dara daonáireamh as a chéile.

“Is ionann é seo do mhórán agus géarchéim eisiach don Ghaeilge mar theanga phobail. Déanta na fírinne, d’fhéadfadh gur dúshlán I bhfad níos mó ná mar a cheapamar é an Ghaeilge a choimeád mar phríomhtheanga na Ghaeltacht, ach dúshlán é nach féidir linn cúlú uaidh.”

An dara “dúshlán mór” atá ann, a deir sé, ná “sciar suntasach” den 1.9 milliún duine a thug le fios sa daonáireamh in 2022 go bhfuil Gaeilge acu a mhealladh lena labhairt gach lá.

Deir an tUachtarán go bhfuil súil aige go spreagfaidh cuntas Joe McHugh ar a “Odaisé teanga”, daoine eile le tabhairt faoina n-aistear teanga féin.

Deir an tUachtarán gur “muinín” an Ghaeilge a labhairt a theastaíonn ó dhaoine agus gan a bheith ag déanamh imní faoi bhotúin a dhéanamh ná iad féin a “náiriú”.

“An dream atá ag tabhairt faoina n-aistear teanga féin, creidim gur tacaíocht chroíúil agus spreagadh amháin a ghebhaidh siad ó chainteoirí Gaeilge a bhfuil imní orthu faoina bhfuil i ndán don teanga,” arsa Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn.

Foilsíodh an tseachtain seo Beidh tú Alright: An Irish Language Journey le Joe McHugh, ina ndéanann an t-iar-aire cur síos ar a cheapachán conspóideach mar aire stáit Gaeltachta in 2014, tráth nach raibh aon Ghaeilge aige, agus ar a ‘aistear teanga’ ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Níor cheart cúlú ó ‘géarchéim eisiach’ na Gaeilge sa Ghaeltacht – Uachtarán na hÉireann'