Díomá agus fearg ar eagraíochtaí tithíochta Gaeltachta faoi chlár rialtais

Údar mór díomá é an clár rialtais don eagraíocht Tinteán, a bunaíodh anuraidh le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta ar fud na Gaeltachta

Díomá agus fearg ar eagraíochtaí tithíochta Gaeltachta faoi chlár rialtais

Tá “díomá” léirithe ag an dá ghrúpa feachtais a bhíonn ag plé le ceist na tithíochta sa Ghaeltachta leis an gClár Rialtais atá aontaithe ag Fine Gael, Fianna Fáil, agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách.

Dúirt Bánú, grúpa feachtais atá gníomhach i nGaeltacht na Gaillimhe, nach bhfuil “aon cheo sa chlár a thabharfadh le fios” go gcuirfí “acmhainní” ar fáil d’Údarás na Gaeltachta a chuirfeadh ar a gcumas “dul i ngleic le fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht”.

“Cé go luaitear go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag obair le dreamanna eile chun tithe a sholáthar sa Ghaeltacht, níl sé soiléir an mbeidh ról lárnach ag an Údarás nó ról imeallach,” a dúradh.

Údar “díomá agus feirge” é an clár rialtais don eagraíocht Tinteán, a bunaíodh anuraidh le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta ar fud na Gaeltachta. Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta sin go bhfuil “deis eile caillte ag an rialtas gníomh stairiúil a dhéanamh chun leasa na Gaeltachta”.

“Ní léir go dtiocfaidh aon athrú ar an staid reatha, agus gan tagairt ar bith déanta acu d’acmhainní ná cumhachtaí breise a bhronnadh ar Údarás na Gaeltachta i leith na tithíochta. Leag an pobal éilimh shoiléire shonracha stuama os comhair na bpáirtithe le linn an fheachtais olltoghcháin, agus tá lorg an fheachtais agus an phobail le feiscint ar an méid bheag atá sa cháipéis,” a dúradh i ráiteas Tinteán.

Chuir an dá ghrúpa feachtais fáilte roimh mhír sa Chlár Rialtais ina ngealltar go ndéanfar pleananna speisialta forbartha a bhfuil spriocanna sonracha tithíochta a gabháil leo do na ceantair Ghaeltachta. Tá sé ráite freisin ag Bánú agus Tinteán araon go mbeidh siad ag lorg cruinnithe leis na hAirí Rialtais nua nuair a bheidh a leithéid ceaptha.

Dúirt Bánú, áfach, gur “trua” é go bhfuil “an chuma ar an scéal go mbeifear ag brath i gcónaí ar an gComhairle Contae chun an fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht a réiteach”.

Ní cúrsaí tithíochta amháin atá ag déanamh imní do lucht Tinteán agus iad ag breathnú ar a bhfuil geallta sa Chlár Rialtais don Ghaeltacht. Dúradh gur údar imní é an “easpa tagartha” don phleanáil teanga sa cháipéis.

“Ní mór aird a tharraingt freisin ar an easpa tagartha don phleanáil teanga sa cháipéis, cé gur tugadh coimitmint acmhainní a chinntiú d’Údarás na Gaeltachta “to offer Gaeltacht businesses effective levels of financial support and advice”. Is mithid don rialtas a aithint go bhfuil Údarás na Gaeltachta freagrach as ‘forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta’ agus ní forbairt eacnamaíochta amháin,” a dúradh ina ráiteas.

Bhí ceithre éileamh mar chuid den fheachtas GaelVóta a bhí ar bun ag Conradh na Gaeilge – agus ar thacaigh Tinteán leis – roimh an olltoghchán i mí na Samhna seo caite.

Éilíodh go dtabharfaí “cumhachtaí tithíochta d’Údarás na Gaeltachta”, go dtabharfaí “deontas tithíochta ar ais”, go mbeadh “treoirlínte láidre pleanála” ann, agus go mbeadh “straitéis tithíochta i ngach Limistéar Pleanála Teanga”.

Fág freagra ar 'Díomá agus fearg ar eagraíochtaí tithíochta Gaeltachta faoi chlár rialtais'

  • Máirin

    Dá mbunófaí eagraíocht ar nós comharchumann tithíochta Gaeltachta le polasaí soiléir maidir le tithe a sholáthair (ar cíos nó le ceannacht i bpáirt leis an gcomharchumann) do Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht bheadh deis dul i bpáirt le hÚdarás na Gaeltachta.
    Seans gur ag fanacht ar a leithéid d’eagraíocht atá an rialtas.

  • Carraig

    Máirseáil, léirsiú, turlabhait, tranglam tráchta & ‘ceolchoirm’ i lár Sráid Uí Chonaill.
    Forlámhas a ghlacadh ar oifigí rialtais, callóid, clampar &
    DORN san AER!
    Sin a d’eagraigh Michael Davitt, file & feachtasóir teangan, le dream beag daoine chun Scoil Dhúnchaoin a choimeád ar oscailt siar sna seascaidí, beannacht Dé lena anam.
    Ró-radacach ar fad do ré seo na ríomhaireachta & na ‘ropairí méarchláir’?
    An leor linn bheith radacach ar an scáileán mór amháin agus duaiseanna á mbronnadh go tiubh orainn chun muid a choimeád ciúin?
    An dtiocfaidh ár lá nuair a fheicfimíd Kneecap, cuir i gcás (!), i dtús cadhnaíochta agus iad ag máirseáil
    ‘go fisiciúil’ tríd an ardchathair lena gcamthaí?
    Agus ceolchoirm Rap acu i lár na hArdchathrach??
    Ná ní baol d’éinne an ‘mháirseáil dhigiteach’.

  • JP

    Déanann daoine teach/tithe dá gcuid a dheonú do chathanais ar fud na tíre gach bliain, ar chúis amháin nó ar chúis eile.
    Leithéidí Peter McVerry Fund, Cumann Síomóin, an Eaglais srl.
    Dá dtoileoidís maoin dá gcuid a dheonú do Chomharchumann Gaeltachta, mar shampla, agus go ndíolfadh an Comharchumann sin ‘an tabhartas’ uathu mar mhaithe le Gaeilgeoirí óga… nár mhór an gar dóibh é?
    Agus de bhrí go bhfuil stádas carthanachta ag gach Comharchumann níor ghá aon cháin mhaoine a íoc.
    Chabhródh sé le lánúineacha óga fanacht mar a bhfuilid ar a bhfód dúchais agus áras cónaithe buan a bheith acu.
    An rithfeadh sé le daoine atá báúil leis an nGaeilge beart fónta praitinniúil mar sin a dhéanamh agus dlúthpháirtíocht a ‘speáint don aos óg…daoine óga a bheidh sásta a bpáistí a thógáil le Gaeilge?
    Níor mhór feachtas fógraíochta a chur ar bun chun aird a tharraingt ar scéim den sórt sin…
    Ach brú damanta a choimeád ar an Stát ina theannta sin.
    Ní neart go cur le chéile, is fíor sin.