Dhá leabhar Gaeilge ar ghearrliosta Ghradaim Leabhair Pháistí na hÉireann

Do léitheoirí an-óg atá na pictiúrleabhair ‘Bearradh Gruaige d’Eoinín’ agus ‘Na Trí Mhuicín’ atá ainmnithe do dhuais mhór

Dhá leabhar Gaeilge ar ghearrliosta Ghradaim Leabhair Pháistí na hÉireann

Tá dhá leabhar Gaeilge ar ghearrliosta Ghradaim Leabhair Pháistí na hÉireann 2025, liosta ar a bhfuil deich leabhar ar fad. Is iad na leabhair ar éirigh leo áit a bhaint amach Bearradh Gruaige d’Eoinín le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Róisín (Futa Fata) agus Na Trí Mhuicín le hÁine Ní Ghlinn agus maisithe ag Paddy Donnelly. Futa Fata a d’fhoilsigh an dá shaothar.

Do léitheoirí an-óg atá na pictiúrleabhair a ainmníodh. Leabhar cairtchláir é Bearradh Gruaige d’Eoinín, an tríú leabhar sa tsraith ‘Eoinín’, ina leantar eachtraí uainín óg agus é ag déanamh a bhealaigh sa saol.

Athinsint i bhfoirm véarsaíochta ar an síscéal clasaiceach é Na Trí Mhuicín. Ghnóthaigh an leabhar Gradam Réics Carló 2024 i nGradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge. Ag scríobh faoin leabhar dúirt moltóirí an Oireachtais gur ‘athinsint fhileata cheolmhar’ a bhí ann agus an greann go smior ann.

D’fhógair an craoltóir Rick O’Shea na deich dteideal atá ar ghearrliosta na ngradam ag searmanas in Ionad Ealaíne an Crescent i mBéal Feirste inniu.

“Is é seo an 35ú bliain den searmanas don aon ghradam in Éirinn atá dírithe ar leabhair do pháistí a cheiliúradh agus tá caighdeán na scríbhneoireachta agus an mhaisithe ag ardú gach uile bhliain! Sháraigh ár bpainéal moltóirí curiarracht na bliana seo caite agus 169 teideal léite acu ó scríbhneoirí agus maisitheoirí Éireannacha nó atá lonnaithe in Éirinn.

“Agus iad sin gearrtha siar go fadliosta 19 leabhar, léiríonn gearrliosta an lae inniu na leabhair is fearr do pháistí agus daoine óga agus taispeánann sé an éagsúlacht luachmhar a bhaineann le teidil a fhoilsítear in Éirinn nó atá cruthaithe ag ealaíontóirí Éireannacha,” a dúirt Elaina Ryan, príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann.

Tá Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann (ar a dtugtaí Gradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann/Gradaim Leabhar na Bliana Bisto tráth) á reáchtáil ó 1990 i leith agus is iad sin na príomhghradaim do leabhair do pháistí in Éirinn. Reáchtálann Leabhair Pháistí Éireann na gradaim ar bhonn bliantúil d’údair and do mhaisitheoirí a rugadh in Éirinn, atá ina gcónaí in Éirinn nó ar saoránaigh Éireannacha iad, agus tá na gradaim ann do leabhair Ghaeilge agus Bhéarla.

Fógrófar buaiteoirí na ngradam ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 19 Bealtaine, mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath. I measc na ngradam a bhronnfar beidh Gradam Leabhair Pháistí Leabhar na Bliana, Gradaim Onóra don Mhaisiú agus don Fhicsean agus Gradam na Moltóirí Sóisearacha, a roghnóidh léitheoirí óga ar fud na hÉireann.

Tá Leabhair Pháistí Éireann ag iarraidh ar pháistí ar fud na tíre páirt a ghlacadh i gclár na nGiúiréithe Sóisearacha. Is féidir le grúpaí (ranganna scoile, grúpaí óige, agus clubanna leabhar) a bhfuil suim acu ann clárú ar shuíomh Leabhair Pháistí Éireann, teidil a roghnú ón ngearrliosta agus aiseolas agus scóir a thabhairt.

Fág freagra ar 'Dhá leabhar Gaeilge ar ghearrliosta Ghradaim Leabhair Pháistí na hÉireann'