Ba gheall le séis mhachnaimh ó thús go deireadh ‘Na Féilte Tine – Imbolg’

Bhí an clár is déanaí i sraith iontach RTÉ faoi fhéilte na nGael i dtiúin leis an gcroí agus leis an bhfo-chomhfhios

Ba gheall le séis mhachnaimh ó thús go deireadh ‘Na Féilte Tine – Imbolg’

Athnuachan, athfhás, síocháin, marana, dúchas, comhluadar, téarnamh, solas is úire bunriachtanais an duine agus muid ag súil leo an tráth seo bliana, Imbolg.

Oíche Dé Luain bhlais mé sin uilig agus mé ag breathnú ar an dara clár sa tsraith iontach Na Féilte Tine – Imbolg (RTÉ 1) a chuir ROSG ar fáil dúinn agus é á léiriú ag Ciarán Ó Cofaigh agus Eilís Ní Cheallaigh.

Tar éis an cantal, an duairceas agus na dúshláin a sheol Éowyn inár mbealach nárbh aoibhinn an suaimhneas agus an téarnamh a bhí le fáil as clár a bhí dírithe ar bhean a d’oibrigh leis an nádúr, a thuig gurb éard a bhí ionainne ná cuidín bheag bhídeach den dúlra iomlán agus gur ár leonadh féin a bhíonn muid nuair a dhéanaimid dochar d’aon chuid eile. Mar a deir an file Bríd Ní Mhóráin “lúb in ollslabhra na beatha” is ea muid uilig.

Ba léir ó na daoine uilig a thug a mbarúil féin ar an gclár go sásaíonn Bríd dúil nó tart éigin ionainn ar fad, beag beann ar chúlra, creideamh ná aois. Bhí Gaeilge ag cuid mhaith de na daoine a ghlac páirt ach teanga uilíoch atá sa gceol, sa nádúr agus searmanais cheiliúrtha theacht an tsolais is an tséasúir úir.

Léirigh an clár seo go soiléir nach le tuath ná cathair Bríd, go bhfuil an call céanna ag gach duine ceangal leis an spiorad agus an saol inár dtimpeall, an ghealach agus an ghrian, na séasúir, an tírdhreach is an talamh.

Chaitheamar seal i gCill Orglan leis na Biddies nó na Brídeoga agus an baile uilig ag ceiliúradh traidisiúin na sinsear ach mar rud beo beathach. I Ros Cathail i nGairdín Bhríde chonaiceamar an Brat Bríde tar éis drúcht na hoíche á ghearradh le tabhairt ag na heasláin agus an comhluadar ban á gcur faoi chosaint Chrios Bhríde.

Sa bpríomhchathair bhíomar i bhfochair mhuintir Chluain Dolcáin a chuaigh ar oilithreacht go Sráid Stanhope is Margadh na Feirme, mar a mbíodh neart gaibhne tráth, agus as sin ar ais go Tobar Bhríde i gCluain Dolcáin. Ceol, comhluadar agus deis mhachnaimh i lár ruaille buaille na cathrach nó mar a deir Liam Mac Gabhann ‘an nádúr agus an mharana a thabhairt isteach sa gcathair’. Cá bhfágfá Cill Dara agus an fhéile mhór a bhí ansin.

Ceist spéisiúil ag Pádraigín Ní Uallacháin cén chaoi ar dearmadadh na bandéithe eile a bhí againn sa tír, an amhlaidh go raibh faitíos ar an gCríostaíocht roimh chumhacht na mban sin? Níl siad againn anois ach sa seanchas agus sa dinnseanchas. Is léir go raibh Bríd rólárnach nó róghar do chroí an phobail len í a dhíbirt, agus fágadh naomh againn a thuig riachtanais a muintire – bainne, mil, iarann, filíocht, sníomh, dúlra, agus athbheochan is torthúlacht an earraigh.

Rud nach minic, níl fuadar, deifir ná gleo sa gclár seo. Ba gheall le hoilithreacht nó séis mhachnaimh é ó thús go deireadh, é i dtiúin leis an gcroí agus leis an bhfo-chomhfhios. Tugtar dúinn filíocht, ceol, damhsa, dúlra, suaimhneas is léargas ar an mbean a d’fhág a lorg ar mheon na sinsear, meon atá á chothú anois ag glúin eile.

Tá ceacht le foghlaim againn ó Bhríd, dá dtabharfadh muid dóthain airde air an mbeadh ar Éowyn teacht lena mheabhrú arís dúinn?

Nach orainn atá an t-ádh go bhfuil léiritheoirí agus ealaíontóirí againn le hiontais is mistéirí an tsaoil a aibhsiú dúinn tráth na hanachana?

Má tá tú fós gan solas, teas ná leathanbhanda cuimhnigh ar sheinnteoir RTÉ ach a mbeidh tú i gceart arís. Tabharfaidh Imbolg misneach is faoiseamh duit.

Fág freagra ar 'Ba gheall le séis mhachnaimh ó thús go deireadh ‘Na Féilte Tine – Imbolg’'