Níl seachtain nach ndéantar ionsaí ciníoch i dTuaisceart Éireann…

Is beag atá á dhéanamh i ndáiríre chun dul i ngleic le fadhb an chiníochais ó thuaidh, mar a bhfuil an ‘choir fuath’ ag éirí níos coitianta

Racist attack

Bhí an mháthair ina codladh thart ar a sé a chlog ar maidin ina teach in Aontroim. Bhí a beirt iníonacha ina gcodladh sa seomra béal dorais. Bhí Deaide imithe abhaile chun na hIndia le haghaidh adhlacadh a athar.

Dúisíodh Subi Philip de phreab ag tormán pléisce. Rith sí chun na fuinneoige agus chonaic lasracha ag éirí óna gluaisteán i dtreo an tseomra ina raibh na páistí.

Altra cairdiach is ea Subi Philip. Bhí sí scanraithe nuair a chonaic sí na lasracha. Dhúisigh sí na cailíní, 10 agus 8 mbliana; bhí sí ag scréachaíl, a dúirt sí, agus sceon ar na páistí. Chuala sí daoine ag bualadh ar an doras agus ag scairteach uirthi ach bhí faitíos uirthi an doras a oscailt ar eagla gur ionsaitheoirí a bhí amuigh. Ar deireadh, d’aithin sí glór comharsan agus d’éalaigh ón teach. Bhí scata de mhuintir na háite bailithe chun iad a tharrtháil.

Tá blianta caite ag Subi Philip agus a fear céile ag obair sa tseirbhís sláinte i dTuaisceart Éireann, iad i measc na scórtha dochtúirí agus altraí ón India atá ag obair in ospidéal Aontroma. Tá siad seanbhunaithe sa chomharsanacht i mbaile Aontroma inar tharla an t-ionsaí orthu.

Dhearbhaigh an PSNI gur ‘choir fuatha’ ba chionsiocair leis an tine. Coirloscadh, a dúirt an tseirbhís dhóiteáin. Ciníochas, gan fiacail a chur ann.

Chuir an eachtra déistin ar na comharsana agus ar fhormhór an phobail. Bhailigh daoine airgead chun carr nua a cheannach do mhuintir Philip cé go ndúirt siadsan go raibh árachas acu. Ghabh siad buíochas le gach éinne a chuidigh leo nó a rinne comhbhrón leo ach is baolach nach féidir iad a mhealladh chun fanacht anseo. Anuas ar an gcailliúint d’ospidéil a bhíonn ag brath ar scoth-oibrithe ón iasacht, is boichte é an saol poiblí de bharr gach buille in aghaidh an iolrachais.

Ní eachtra eisceachtúil a bhí anseo. Tharla go leor eile ó shin. Níl seachtain nach ndéantar ionsaí ciníoch i dTuaisceart Éireann – an réigiún is mó ciníochas in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Is i mBéal Feirste a bhíonn an sciar is mó de na hionsaithe ciníocha.

Shílfeá, mar sin, go mbeadh líon mór daoine cúisithe – agus ciontaithe – as coireanna ciníocha. Bheadh dul amú ort. Rang ginearálta is ea coiriúlacht fuatha – ina bhfuil ciníochas, seicteachas agus hómafóibia.

Ba cheart béim a leagan ar gach rang as féin. Anuas air sin, níl cur chuige an PSNI éifeachtach – déantar i bhfad an iomarca cainte, go tláithíneach don chuid is mó, faoi phóilíní a bheith ag brath ar chabhair an phobail. Ar ndóigh, is fíor go bhfuil fianaise ó fhinnéithe tábhachtach ach níl an PSNI chomh gníomhach is ba chóir dóibh a bheith.

Shílfeá chomh maith go mbeadh Stormont oibrithe faoin gcoiriúlacht chiníoch agus dianpholasaithe aige chun dul i ngleic leis an uafás. Arís, bheadh dul amú ort. Ní raibh straitéis oifigiúil i leith Comhionannas Cine ann ó 2005.

Ritheadh próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi dhréachtcháipéis nua i ndeireadh na bliana seo caite. Mheas a lán nach raibh an straitéis úr thar mholadh beirte agus bhíothas ag súil go bhfeabhsófaí í. Breis agus bliain ina dhiaidh sin, níl tada foilsithe gan trácht ar a bheith rite.

Thairis sin, cuirtear i leith polaiteoirí aontachtacha go mbíonn drogall orthu a admháil gur i gceantair aontachtacha is mó a dhéantar ionsaithe ciníocha. (Tarlaíonn siad i gceantair náisiúnacha freisin, ach níl siad chomh forleathan).

Is as an bpobal aontachtach a d’eascair an taispeántas gránna is deireanaí – dream a thugann ‘Protestant Coalition’ orthu féin ag eagrú máirseála i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo ‘in éadan phlódú na tíre le teifigh/sceimhlitheoirí’.

Cháin na móreaglaisí Protastúnacha an plean ar an toirt agus rinne Peter Robinson (chomh maith le Sinn Féin agus an SDLP) diancháineadh air. D’fhan roinnt ina dtost, áfach, nó ní dhearna siad de cháineadh air ach a rá go gcuirfeadh an léirsiú as do shiopadóireacht na Nollag.

Seo é an comhthéacs ina ‘bhfáilteofar’ roimh leathchéad teifeach ón tSiria taobh istigh de choicís.

Tá cúigear páistí ina measc, leanbh cúpla seachtain d’aois agus bhíodar go léir i gcampa teifeach sa Liobáin. I ndeisceart, tuaisceart agus iarthar Bhéal Feirste a lonnófar iad (ag seachaint oirthear na cathrach atáthar mar go mbíonn ionsaithe ciníocha an-choitianta ansin).

Ní leor a bheith ag súil go bhfáilteofar rompu go sibhialta. Tá sé thar am ag gach duine sna húdaráis phoiblí a chinntiú go bhfuil córas frithchiníoch againn a luíonn le feidhmiú an dlí – cúiseamh, ciontú agus píonós san áireamh.

Fág freagra ar 'Níl seachtain nach ndéantar ionsaí ciníoch i dTuaisceart Éireann…'

  • Jake MacSiacais

    Fáilte roimh téifigh a Phoilín. Caithfidh muid uilig seasamh leo chun iad a chosaint agus in éadan an mionlaigh d’amadáin agus biogóidígh atá, ar an drochuair, go fóill inár measc