‘Níl i dtáirge a gheobhaidh réidh le roic ar d’éadan ach bullshit’

Bhí seachtain mhór ag Victoria Beckham le seó faisin, táirgí smididh nua agus ‘comhairle’ mhaith

‘Níl i dtáirge a gheobhaidh réidh le roic ar d’éadan ach bullshit’

Ba dheacair Victoria Beckham a sheachaint le seachtain anuas agus í le feiceáil ar fud na háite sna nuachtáin, sna hirisí faisin agus ar na meáin shóisialta.

Bhí trí chúis leis sin – an bailiúchán úrnua de tháirgí smididh a sheol sí ar líne, an seó faisin dá bailiúchán is deireanaí mar dhearthóir a bhí ar siúl i Londain agus na tuairimí a nocht sí faoin maitheas a bhaineann le habhacáid a ithe.

Is fada an lá dearmad déanta aici ar a saol mar amhránaí pop, nuair a bhain sí féin agus a cairde sna Spice Girls cáil idirnáisiúnta amach. Mheall siad glúin óg leis an mana ‘Girl Power’. Bhí mé féin chomh meallta sin acu go bhfaca mé an scannán Spice World faoi dhó in aon seachtain amháin sa phictiúrlann.

Má cheap ‘Posh Spice’ gur réalta a bhí inti an uair sin, ní tada é i gcomparáid lena cáil agus go deimhin lena saibhreas anois.

Tá méadú as cuimse ar a seasamh ó chuaigh sé i mbun dearadh faisin in 2008. Bhí daoine idir dhá chomhairle fúithi ar dtús, go háirithe saineolaithe faisin a cheap nach raibh sí dáiríre faoin obair sin. Bhí tuairimíocht ann nach raibh anseo ach cleas eile a dtabharfadh sí seal dó sula socródh sí síos ina bean chéile mhaith ag David Beckham. Bhí an bheirt acu aitheanta mar lánúin órga na linne ag an am.

Níorbh fhada gur tuigeadh go raibh cumas as an ngnáth inti mar dhearthóir agus, ó shin i leith, tá sí ina réalta ceart idirnáisiúnta a bhfuil meas uirthi i bhfad agus i ngearr. 

Tá an bailiúchán smididh Victoria Beckham Beauty a sheol sí le linn na seachtaine seo caite bunaithe ar dhá phrionsabal, go mbeadh na táirgí inbhuanaithe agus go mbeidís sómasach nó fíorghalánta.

Táirgí do na súile amháin atá i gceist faoi láthair – scáthú súl, línitheoir súl agus uachtar súl lonrach. Tá gach ceann acu seo ar fáil i ndathanna difriúla ar phraghas €25 agus €55. Beidh tuilleadh táirgí ar fáil go luath, ina measc táirgí don chraiceann agus do na liopaí.

Tá gealltanas amháin tugtha ag Victoria Beckham, nach mbeidh sí ag seoladh aon táirge a ndéarfaí faoi gur leigheas é ar na roic. ‘I’m not going to be coming out with products saying they’re going to get rid of wrinkles—because that’s bullshit,’ a dúirt sí, gan fiacail a chur ann.

Bhí sí go mór os comhair an phobail freisin le linn na seachtaine nuair a sheol sí a bailiúchán faisin don earrach agus don samhradh seo romhainn – SS 2020. Gúnaí gleoite dea-dheartha i ndathanna láidre agus bléasair dheasa a thabharfadh na 1970idí chun cuimhne a bhí lárnach sa bhailiúcháin sin.

Tugadh suntas ar leith do chuid de na haíonna a bhí i láthair ag an seoladh, ina measc a fear céile, David Beckham agus a gclann Brooklyn (20), Romeo (17), Cruz (14), agus Harper (8). Bhí aird ar leith ag Victoria Beckham féin ar an aisteoir cáiliúil Helen Mirren a bhí i láthair agus í ag caitheamh feisteas speisialta a bhí deartha ag Victoria Beckham féin di.

Is cinnte gur las na meáin shóisialta le hiontas nuair a nocht Victoria Beckham rún a bhí coinnithe i bhfolach aici go dtí seo – céard is cúis lena craiceann lonrach, sláintiúil féin. Dúirt sí go n-itheann sí suas le ceithre cinn d’abhacáid gach lá. Mhaígh sí go raibh saill atá go maith don chraiceann agus don cholainn sna abhacád agus gurbh é sin a fhágann cuma na háilleachta ar a craiceann i gcónaí.

Is deacair liom féin a shamhlú go bhféadfadh aon duine ceithre cinn d’abhacáid a ithe gach lá – sin 28 in aghaidh na seachtaine! Ní iontas ar bith go ndeir an sean-nath cainte ‘beauty is pain’.

Fág freagra ar '‘Níl i dtáirge a gheobhaidh réidh le roic ar d’éadan ach bullshit’'