‘Níl fúinn dul i mbun idirbheartaíochta maidir leis an gcomhairle sláinte phoiblí’ – Holohan

Cos i bhfeac ag NPHET agus brú ag méadú maidir le srianta a leasú

‘Níl fúinn dul i mbun idirbheartaíochta maidir leis an gcomhairle sláinte phoiblí’ – Holohan

Dr Tony Holohan. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá ráite ag an bPríomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, nach bhfuil aon rún aige dul i mbun “idirbheartaíochta” maidir leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí.

Dúirt an Dr Holohan an méid sin tráth a bhfuil brú á chur ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí leasú a dhéanamh ar chuid de na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas, an chomhairle fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile ina measc.

Dheimhnigh an Dr Holohan gur thug sé le fios d’airí rialtais nach raibh aon athrú ar an gcomhairle sin agus cuid acu ag iarraidh go n-athrófaí an treoir maidir le dhá mhéadar.

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Míchumais, Finian McGrath, go raibh cruinniú “fiúntach dearfach” ag na hairí leis an Dr Holohan agus thug sé le fios go bpléifí an scéal ag cruinniú Rialtais Dé hAoine.

“Chuir mise ceist faoi chúrsaí míchumais agus faoin treoir maidir leis an scaradh sóisialta aon mhéadair.”

“Bhí díospóireacht chuimsitheach ann. D’éist an Dr Holohan linn agus d’éisteamar lena thuairimí sin. Is dóigh gurb éard a tharlóidh anois go rachaimid chuig an gcruinniú Rialtais Dé hAoine agus go ndéanfar cinneadh ansin.”

Dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, sa Dáil nach raibh aon chúis mhaith a thuilleadh leis an gcosc taisteal níos faide ná 5km ná le cuid eile de na srianta dianghlasála, ach dúirt Holohan nach é seo tráth scaoilte na srianta.

Dúirt sé gur mhór an chabhair a bhí sa chosc 5km leis an teachtaireacht ‘fan sa bhaile’ a chur ar a súile do dhaoine agus gur cur chuige a bhí ann a chabhraigh linn an galar a choinneáil faoi chois.

Dúirt sé gur chabhraigh an cosc taistil agus beartais eile chomh maith lena chinntiú nárbh é an dála céanna in Éirinn é le háiteanna eile amhail Nua-Eabhrac agus Páras ar tháinig brúisc mhór sa líon cásanna den ghalar.

“Caithfear cloí leis na beartais seo, ní hé seo tráth a scaoilte,” a dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis.

Thagair sé chomh maith don scéala go raibh cúigear othar breise a raibh Covid-19 orthu sna haonaid dianchúraim inné agus dúirt go raibh “beagáinín imní” ar NPHET faoin méadú sin ar líon na n-othar nua in ICU agus ar líon na n-othar nua -15 – sna hospidéil.

D’fhógair an Roinn Sláinte inné bás 17 duine eile a raibh Covid-19 orthu agus deimhníodh 73 cás nua den ghalar.

2,147 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,631 duine ó dheas den teorainn agus 516 ó thuaidh di.

29,466 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,803 cás ó dheas den teorainn agus 4,663 cás ó thuaidh.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a ndúirt an tAire Sláinte Simon Harris go raibh ráta scaipthe an ghalair seasmhach ag idir 0.4 agus 0.5.

Chaith ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin amhras sa Dáil inné ar an gcomhairle gur cheart fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile seachas méadar amháin agus ar chur chuige an Rialtais maidir le siopaí áirithe a choinneáil iata.

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt ceannaire Fhianna Fáil gur údar scoilte sa phobal faoin tráth seo cuid de na srianta. Dúirt sé go raibh eagla ar dhaoine áirithe faoi cad a tharlódh dá scaoilfí iad ach go raibh daoine eile ann agus fearg orthu toisc gan aon chúis, dar leo, a bheith le cuid de na beartais.

“I mo thuairimse, níl aon chúis bhailí a thuilleadh leis an teorainn 5km. Is é an t-údar imní atá ann ó thaobh na sláinte poiblí ná iompar daoine agus daoine eile timpeall orthu, seachas cé chomh fada ó bhaile a théann daoine. 

“Is é fírinne an scéil, go léiríonn an taighde go mb’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil an cosc seo ag brú daoine i gceantair uirbeacha isteach in áiteanna níos plódaithe.”  

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach mbeadh aon chinneadh á dhéanamh faoi scaoileadh srianta ná beartais a leasú go dtí an tseachtain seo chugainn.

“Dé Luain, bhaineamar cloch mhíle thábhachtach amach nuair nach raibh aon bhás nua le fógairt againn. Táimse ag iarraidh go mbeadh a thuilleadh laethanta dóchais mar sin. Seas an fód, an teachtaireacht atá inniu againn. Leanaimis orainn ag déanamh na n-íobairtí le cinntiú go bhfanfaimid ar an mbóthar ceart.

“Aon fhógra a dhéanfar faoi dhul go dtí Céim 2, nó faoi aon athrú a dhéanamh ar an bplean, fanfaimid go dtí an 5 Meitheamh dó sin. Fanfaimid go bhfuil níos mó fianaise againn agus tuilleadh comhairle againn ó shaineolaithe. Idir an dá linn, seasfaimid an fód agus éireoidh linn,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ag moladh do dhaoine fanacht ar a laghad méadar amháin óna chéile agus dhá mhéadar más féidir in aon chor é chun srian a chur le scaipeadh an víris.    

Molann An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDPC) do dhaoine fanacht méadar nó níos faide ná sin ó dhaoine. 

Dúirt Dr David Nabarro, toscaire speisialta an WHO ar Covid-19, go mbeidh duine “slán ón víreas 99% den am” ach fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1025 den 1,631 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 897 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

Fág freagra ar '‘Níl fúinn dul i mbun idirbheartaíochta maidir leis an gcomhairle sláinte phoiblí’ – Holohan'