“Ní féidir leis an teanga a bheith caomhnaithe i suíomh acadúil amháin. Le go mbeidh sí beo agus bríomhar, caithfidh sí a bheith chomh tábhachtach don phluiméir agus don dochtúir is atá sí don mhúinteoir.”
Déanann LeasChéad-Aire na hAlban Kate Forbes cur síos ar an bhfís uaillmhianach atá aici don Ghàidhlig ina tír.
Ceapadh í mar Rúnaí Comh-Aireachta don Gheilleagar agus an Ghàidhlig mí Bealtaine seo caite. Is í Forbes an chéad aire sinsearach in Alban atá freagrach as an teanga go sonrach. Roimhe seo, bhí polasaithe don Gàidhlig faoi chúram an Roinne Oideachais.
Ag éirí aníos di, d’fhoghlaim Kate Forbes an teanga sa naíonra agus ar scoil agus chuir a tuismitheoirí suim san oideachas lán-Ghàidhlig.
“Ní raibh Gàidhlig ag mo thuismitheoirí, ach bhí sí ag mo sheantuismitheoirí. Agus bhí an-suim ag an gcéad ghlúin eile ar thaobh m’athar feachtasaíocht a dhéanamh le scoileanna lán-Ghàidhlig a bhunú.
“Gach oíche is cuimhin liom, chuireadh mo mhaime agus na máithreacha eile lipéid i nGàidhlig ar an hábhair léitheoireachta Béarla. Agus ba é sin an céad ábhar léitheoireachta a bhí againne sa teanga.”
Deir Forbes nach raibh mórán deiseanna aici an teanga a labhairt nuair a d’fhág sí an mheánscoil ach thiontaigh sí ar an nGàidhlig arís nuair a thosaigh sí sa pholaitíocht.
“Níor labhair mé í mórán nuair a bhí mé ag staidéar san ollscoil agus ag obair, ach nuair a sheas mé sa toghchán bhí sí an-úsáideach arís mar theastaigh ó na meáin Gàidhlig agallaimh a dhéanamh,” a deir sí.
Is léir go bhfuil Forbes sásta tús áite a thabhairt don teanga i réimse na polaitíochta. Nuair a d’éirigh an t-iarchéad-aire, Humza Yousaf, as go tobann i mbliana, thuar go leor daoine go seasfadh sí don ról.
Ach ní dhearna sí é sin agus bhain sí úsáid as a tionchar i bPáirtí Náisiúnta na hAlban [an SNP] le ról iomlán nua don teanga a chruthú sa rialtas.
“Theastaigh uaim i gcónaí a bheith freagrach as an nGàidhlig,” a deir sí go paiseanta. “Bhí cinneadh déanta agam seasamh do cheannaireacht an pháirtí nó tacú le John Swinney, agus sna cainteanna sin bhí mé ríshoiléir gur theastaigh uaim go mbeadh an Ghàidhlig faoi mo chúram.”
Feiceann Forbes go bhfuil gaol idir an dá ról atá aici, an geilleagar agus an teanga, agus tá sé i gceist aici dul i ngleic le fadhbanna eacnamaíochta sna ceantair ina bhfuil an Ghàidhlig fós beo mar theanga phobail.
“Le go mbeidh daonra ann le líon mór cainteoirí Gàidhlig, caithfidh idirghabháil shóisialta agus eacnamaíocha teacht ón rialtas le tacaíocht a thabhairt.
“Sular fhág mé an rialtas anuraidh, choimisiúnaigh mé tuairisc ar na deiseanna sóisialta agus eacnamaíocha don Gàidhlig. Ba é sin an chéad uair go rabhamar ag caint faoi chúrsaí tithíochta agus fostaíochta agus na rudaí céanna atá tábhachtach do chainteoirí Béarla.”
Ar ndóigh, tá go leor cainte in Éirinn faoi fhadhbanna tithíochta sa Ghaeltacht. Aontaíonn Forbes go bhfuil na ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghàidhlig an-chosúil lena chéile.
“Tá an-chuid deiseanna ann le foghlaim as Éirinn agus áiteanna eile. Tá an-chuid cosúlachtaí ann maidir le polasaí. Cuireann an Straitéis 20 bliain in Éirinn béim ar an oideachas. Tugann sé aitheantas don Ghaeltacht agus tuigtear an tábhacht a bhaineann leis an bpobal agus na meáin. Agus táimid ag iarraidh é sin a dhéanamh chomh maith.”
Ach tá an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge tar éis cáineadh go leor a tharraingt in Éirinn. Tá Éamon Ó Cuív, an t-iar-Aire Gaeltachta a is mó a bhí freagrach as forbairt na straitéise, tar éis a rá go poiblí nár cuireadh an polasaí i bhfeidhm i gceart riamh.
Cé nach ndéanann Forbes cáineadh díreach ar rialtas na hÉireann, deir sí go dtuigeann sí nach bhfuil sé maith go leor polasaithe uaillmhianacha a bheith ag rialtas mura bhfuil siad díograiseach go leor iad a chur i bhfeidhm.
“Is féidir le polasaí a bheith scríofa i gcáipéis, agus tá sé tábhachtach mar thúsphointe. Ach níl fiúntas ann go dtí go gcuirfear i bhfeidhm é.”
Dar le Forbes, go bhfuil sé ríthábhachtach go dtacódh an rialtas le pé straitéis atá ann do mhionteangacha.
“Sílim go gcaithfidh paisean a bheith ann don teanga ag an mbarr sa rialtais agus caithfidh uaillmhian a bheith tríd an rialtas ar fad le rudaí a chur i bhfeidhm. Caithfidh tú a bheith uaillmhianach agus tiomanta don teanga chun rudaí deacra a bhaint amach di.”
Aithníonn Forbes go bhfuil codarsnacht shuntasach idir líon na ndaoine a bhfuil an Ghaeilge agus an Ghàidhlig mar dhara teanga acu.
“Déarfainn gur cainteoirí dúchasacha iad formhór na ndaoine a bhíonn le cloisteáil ar na meáin agus sna healaíona. B’fhéidir go léiríonn sé sin an chaoi nach bhfuil ag éirí leo siúd a labhraíonn an Ghàidhlig mar dhara teanga leanúint leis an teanga nuair a fhágann siad an scoil.”
“Aithním go bhfuil sí mar dhara teanga agam féin. Cuirtear ceist orm i gcónaí agallamh a dhéanamh ar BBC Alba agus uaireanta bíonn náire orm mar tá a fhios agam nach mbíonn mo chuid Gàidhlig comh saibhir agus chomh canúnach sin. Agus ansin smaoiníonn tú go bhfuil sé níos tábhachtaí an Ghàidhlig a chur chun cinn ná a bheith buartha faoi fhoirfeacht.”
Tá sé i gceist ag Forbes forbairt a dhéanamh ar an oideachas lán-Ghàidhlig. In 2021, ní raibh ach 5,066 mic léinn ag freastal ar scoileanna lán-Ghàidhlig san Albain. In Éirinn áfach, freastalaíonn os cionn 63,000 mac léinn ar scoileanna lán-Ghaeilge.
Síleann Forbes gur mian le níos mó tuismitheoirí go mbeadh níos mó scoileanna lán-Gàidhlig ar fáil.
“Tá an-éileamh ann,” a deir sí. “Dúshlán an-dearfach i mbealach go gcaithfimid múinteoirí agus acmhainní a aimsiú le dul i ngleic leis seo, ach dúshlán atá ann fós.”
Aithníonn Forbes freisin an tábhacht a bhaineann le stádas na Gàidhlig mar theanga phobail ar oileáin na hAlban.
“Caithfidh tú croí na teanga a chaomhnú leis an saibhreas agus na canúintí éagsúla a choinneáil beo,” a deir sí.
Is léir go bhfuil go bhfuil an Ghàidhlig mar theanga phobail i dtrioblóid. Sna hEileanan Siar, Tiriodh, agus Stafainn, na ceantair is láidre ó thaobh na teanga de, níl Gàidhlig líofa ar chaighdeán an chainteora dhúchais ach ag níos lú ná 4% de pháistí réamhscoile.
De réir staidéar a rinne an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, d’fhéadfadh go bhfaigheadh Gàidhlig bás mar theanga phobail i gceann 10 mbliana mura dtagann athrú suntasach ar pholasaithe teanga in Albain.
Mar sin, beidh sé rídheacair ag Kate Forbes agus a rialtas an taoide seo a chasadh. Ach diúltaíonn sí a misneach a chailliúint.
“Feicim go bhfuil ról agam féin agus de bharr gur mise an LeasChéad-Aire, tá ról éigin agam trasna an rialtais ar fad. Ach b’fhéidir gur cheart duit agallamh a dhéanamh liom i gceann dhá bhliain agus d’fhéadfá a rá liom ar éirigh linn,” a deir sí.
Fág freagra ar '‘Níl fiúntas i bpolasaí teanga go dtí go gcuirfear i bhfeidhm é’'