Harris ag iarraidh an claí gorm a chosaint ó ionsaí Trump

Is léir ón bhfeachtasaíocht sna laethanta deireanacha d’fheachtas uachtaránachta SAM go bhfuil an dá pháirtí dírithe go sonrach ar thrí stát

Harris ag iarraidh an claí gorm a chosaint ó ionsaí Trump

An claí nó an fál gorm. An mbeidh Trump in ann é a leagan nó a chaitheamh? Nó an éireoidh le Harris an claí a choinneáil slán. Tá seacht gcinn de Stáit chinniúnacha sa toghchán seo ach is léir ón bhfeachtasaíocht sna laethanta deireanacha den fheachtas go bhfuil an dá pháirtí dírithe go sonrach ar thrí cinn acu – Pennsylvania, Michigan agus Wisconsin.

Nuair a bhí sé soiléir in 2016 go mbeadh an lá le Trump i Michigan thuig daoine go mbeadh sé deacair ag Hillary Clinton an toghchán a ghnóthachtáil. Ó shin i leith is minic feachtas Clinton cáinte ag tráchtairí as neamhaird a dhéanamh den ‘Chlaí Gorm’ agus glacadh leis an mbeadh na stáit sin dílis i gcónaí do na Daonlathaigh.

Ní hé sin don fheachtas ag ceachtar taobh an babhta seo. Bhí na stáit sin cinniúnach arís in 2020 nuair a d’éirigh le Biden iad a thabhairt leis agus tá an dá pháirtí ag brath orthu lena mbealach i dtreo 270 vóta sa gcoláiste toghcháin a éascú dóibh. As an 538 vóta sa gcoláiste toghchánaíochta níl faoi amhras, de réir na dtuairiscí agus na bpobalbhreitheanna, ach 93 vóta. Díobh sin is i Pennsylvania is mó atá vótaí, naoi gcinn déag. Bhuaigh Biden Pennsylvania le 82,000 vóta ceithre bliana ó shin. Smaoinigh chomh beag agus atá an bhearna sin i stát ina bhfuil naoi milliún déag duine. Cén t-iontas go bhfuil an oiread ama agus dua dá chaitheamh ag na hiarrthóirí agus ag leithéidí Bruce Springsteen ar shráideanna Philadelphia!

An stát eile de na seacht gcinn a bhfuil Kamala Harris ag cur an-bhéim air ná Michigan. Tá cúig cinn déag de vótaí sa gcoláiste toghchánaíochta sa Stát seo agus as daonra 10 milliún fuair Biden an ceann is fearr ar Trump ceithre bliana ó shin le 150,000 vóta. Tá ceisteanna fostaíochta agus oibre thar a bheith tábhachtach anseo agus go háirithe tionscal na ngluaisteán i Detroit. Chuige sin tá siad ag iarraidh oibrithe atá ina mbaill cheardchumainn a mhealladh. I gcás Trump, tá siad ag iarraidh fir dhubha a mhealladh. Tá Harris ag iarraidh na hIoslamaigh de chúlra Palaistíneach atá lonnaithe i Michigan a mhealladh.

10 gcinn de vótaí sa gcoláiste toghchánaíochta atá ag Wisconsin. Roghnaigh siad an buaiteoir in 2016 agus 2020 agus tá súil ag an dá dhream gurb amhlaidh a bheidh i mbliana. 21,000 vóta d’fharasbarr a bhí ag Biden ceithre bliana ó shin. Tá sé ina imní go mbeidh sciar den vóta ag Jill Stein, iarrthóir an Chomhaontais Ghlais, agus go gcuirfeadh sin as do vóta Harris. Má bhuann muid Wisconsin, beidh an lá linn, a deir Trump

Cé go raibh bearnaí níos lú idir na hiarrthóirí in áiteacha cosúil le Georgia ceithre bliana ó shin, tá an lucht straitéise ag breathnú faoin tráth seo ar líon na vótaí sa gcoláiste toghchánaíochta atá ar fáil le roinnt agus is léir go gcreideann lucht straitéise gur timpeall ar an gclaí gorm in uachtar na tíre atá an bua le fáil. Tá suas le fiche milliún vóta caite sa toghchán seo cheana féin agus líon na ndaoine nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu ag laghdú in aghaidh an lae. Tá cosán dearg déanta ag na hiarrthóirí timpeall ar an gclaí gorm agus mairfidh an tsíorfheachtasaíocht sin go dtí an 5 Samhain. Tá an dá pháirtí ag iarraidh a áitiú ar dhaoine a vóta a chaitheamh mar go bhfuil imní ann go bhfanfaidh na daoine atá éiginnte sa mbaile.

Bíodh muid ag súil le chuile chleas agus seift dár úsáid polaiteoirí riamh in iarracht an claí gorm a chaitheamh sna deich lá seo romhainn.

Fág freagra ar 'Harris ag iarraidh an claí gorm a chosaint ó ionsaí Trump'