Níl cúis ar bith nach féidir leis na hÉireannaigh bua tábhachtach eile a fháil

Tabharfaidh a gcluiche in aghaidh na hAstráile deis iontach d’Éirinn cur lena gcáil agus lena stádas mar an fhoireann rugbaí is fearr ar domhan

Níl cúis ar bith nach féidir leis na hÉireannaigh bua tábhachtach eile a fháil

Pic: INPHO/Dan Sheridan

D’imir an Astráil, iarchuraidh rugbaí an domhain, trí chluiche go dtí seo mar chuid dá gcuairt ceithre chluiche ar an limistéar seo ach níl ach cluiche amháin buaite acu go dtí seo, i gcoinne na hAlban le haon phointe (16-15) amháin. Chaill siad an dá chluiche a imríodh ó shin, an chéad cheann acu siúd i gcoinne na bhFrancach (30—29) agus fiú mura raibh mórán iontais ag baint leis an toradh sin b’ábhar mór cainte an bua (28-27) a d’aimsigh na hIodálaigh orthu seachtain ó shin. 

Fágann sin go bhfuil siad faoi bhrú damanta agus iad ag cur chun páirce i gcoinne na nÉireannach i Staid Aviva anocht. 

Sé áit a scarann na foirne seo ar chlár rugbaí an domhain faoi láthair, Éire atá ar a bharr agus an Astráil sa seachtú háit. 

Is léir nach bhfuil faoi fhoireann Andy Farrell aon bhua bog a ghéilleadh do na cuairteoirí agus é ag cur a chéad rogha imreoirí nach mór chun páirce tar éis dó scíth a thabhairt do go leor acu sin i gcluiche na seachtaine seo caite. 

Ní dóigh go mbeidh mórán d’athrú ar phatrún imeartha na hÉireann inniu. Seans maith go mbeidh siad ag iarraidh tógáil ar an imirt chrua agus fhisiciúil i measc na dtosaithe chun liathróid tapa a sholáthar do na cúlaithe. Is cinnte freisin go mbeidh Farrell ag iarraidh cosaint na hÉireann a fháisceadh agus a neartú tar éis na lag-iarrachta sa ngné sin d’imirt na nÉireannach sa dara leath i gcoinne Fhidsí seachtain ó shin. 

Anocht, beidh foireann Andy Farrell ar thóir an tríú bua sa tsraith rugbaí seo agus beidh siad sa tóir ar an dara bua dhéag le cúl a chéile i Staid Aviva roimh chomórtas na Sé Náisiún. 

Níl cúis ar bith nach féidir leis na hÉireannaigh bua tábhachtach eile a fháil. Tá súil agam nach mbeidh praghas ró-mhór maidir le himreoirí gortaithe le híoc ar an toradh sin. Tá cúpla imreoir chéad rogha, leithéidí Robbie Henshaw agus James Lowe,  faoi chúram an dochtúra cheana féin. 

Seans gur ábhar imní don athbhliain é sin ar fad. 

 Idir an dá linn tá ochtó nóiméad eile le himirt sa mbaile ag foireann na hÉireann i gcluiche a thabharfaidh deis iontach dóibh cur lena gcáil agus lena stádas mar an fhoireann rugbaí is fearr ar domhan. 

Fág freagra ar 'Níl cúis ar bith nach féidir leis na hÉireannaigh bua tábhachtach eile a fháil'