Drochphleanáil na Roinne Oideachais is cúis leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge, dar le duine de na príomhoidí scoile is aitheanta in Éirinn, an tráchtaire peile Colm O’Rourke.
Agus é faoi agallamh le Tuairisc.ie, dúirt an t-iarpheileadóir atá ina phríomhoide ar Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh go bhfuil géarchéim ann maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge.
Mhol O’Rourke chomh maith go mbeadh ar gach ábhar oide dara leibhéal bliain iomlán dá gcúrsa a chaitheamh sa Ghaeltacht más fúthu a bheith ina múinteoirí Gaeilge.
Dúirt O’Rourke le Tuairisc.ie go mbeidh folúntas do mhúinteoir Gaeilge ina scoil féin, nuair a imeoidh múinteoir ar shaoire mháithreachais an mhí seo chugainn ach go bhfuil ag teip air teacht ar mhúinteoir Gaeilge a thiocfadh ina háit.
“Níl aon mhúinteoirí Gaeilge ann. Is amhlaidh an scéal i ngach scoil, de réir cosúlachta, agus sin an scéal a bhíonn ar bhéal gach príomhoide nuair a chasaim leo ag cruinnithe. Ní féidir leo teacht ar mhúinteoirí ionaid don Ghaeilge, ar mhúinteoirí lánaimseartha Gaeilge. Níl duine ar bith ann le Gaeilge a mhúineadh.
“Tá fógra déanta trí uaire agam cheana féin don fholúntas i mo scoil féin agus ní bhfuair mé oiread is freagra amháin ar na fógraí sin. Is léir nach bhfuil na múinteoirí ann,” a dúirt O’Rourke.
Dúirt sé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil “aon phleanáil cheart” ar bun ag an Roinn Oideachais le dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge agus gur “in olcas” atá an scéal ag dul.
“Shílfeá go mbeadh na daoine cliste ar fad atá fostaithe sa Roinn in ann a fheiceáil céard atá ag tarlú agus in ann a oibriú amach cá bhfuil na céimithe Gaeilge ag dul nó cén fáth nach bhfuil mic léinn ag tabhairt faoin nGaeilge ar chor ar bith.
“Tá an mháistreacht san oideachas atá molta costasach. Chuirfeadh an costas sin agus an dá bhliain staidéir eile bac ar dhuine tabhairt faoin múinteoireacht. Déarfadh duine óg leis féin ‘cén fáth a gcaithfinn dhá bhliain eile ag plé leis an ardoideachas nuair a d’fhéadfainn a bheith ag obair áit éigin eile?’. Anuas air sin, na daoine a thugann faoi na cúrsaí, bíonn an t-airgead go dona acu nuair a fhaigheann siad jab múinteoireachta,” a dúirt sé.
Dúirt Colm O’Rourke go bhféadfadh sé tarlú gurb é an toradh a bheadh ar “neamhaird agus easpa pleanála” an rialtais i leith na géarchéime maidir le múinteoirí Gaeilge, go mbeifí in ann a mhaíomh amach anseo gur ghá ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge cheal múinteoirí.
“Is dóigh liom nach bhfuil i gceist ach drochphleanáil ón Roinn Oideachais. Is léir do gach duine eile go bhfuil ganntanas ann. Caithfidh go bhfuil sé tugtha faoi deara ag an Roinn féin, ach tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil aon rud beartaithe acu le dul i ngleic leis,” a dúirt sé.
Dúirt an tráchtaire aitheanta gur mheasa an scéal anois ó ardaíodh an riachtanas Gaeilge chun áit a fháil i gcoláistí oiliúna múinteoirí. Bheadh sé i bhfabhar, a dúirt sé, an riachtanas sin a laghdú ach tabhairt ar an uile ábhar oide bliain iomlán dá gcúrsa a chaitheamh sa Ghaeltacht.
“Leigheas a bheadh ansin ar an bhfadhb uilig, nach ea? Chinnteodh sé go mbeadh labhairt agus scríobh na Gaeilge acu. Mealladh agus ní díbirt atá ag teastáil. Scaoil isteach iad cuir go dtí an Ghaeltacht iad ar feadh bliana agus déan cinnte de go bhfuil siad in ann í a mhúineadh. Tagann daoine óga chugamsa agus deirim leo rud éigin stuama a dhéanamh ar nós Gaeilge nó Matamaitic.
“Caithfear daoine a mhealladh chun Gaeilge a dhéanamh sa choláiste agus don mháistreacht ghairmiúil san oideachas. Ach caithfimid níos mó a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn i gcoitinne, nach gcaithfidh?” a dúirt Colm O’Rourke le Tuairisc.ie.
Liam Ó Raifeartaigh
Tá scéalta mar seo le clos le tamall i measc gaeilgeoirí agus múinteoirí eile agus is mithid plé poiblí a thosú. Is fiú go mór tuairimí príomhoide chomh haitheanta le Colm Ó Ruairc a léamh. Tréaslaím leis féin is le Maitiú agus as aird phoiblí a tharraingt ar an fhadbh seo.
Scéal casta is ea teagasc na Gaeilge, tá ceisteanna a bhaineann le modhann teagaisc, maoiniú, acmhainní, siollabais, caighdeán scrúduithe, agus gnéithe éagsúla d’oiliúint na múinteoirí náisiúnta, tá siad uilig le cur san áireamh. Teastaíonn plé náisiúnta cuimhsitheach fán scéal. B’fhéidir gur obair mhór a bheas ann ach ná cuireadh sin leisc orainn!
Mánus
Díchoimisiúnú ar an Ghaeilge an aidhm atá ag bocanna móra an “Establishment”.
Braoin
Mar atá ráite ag Colm ina alt faoin nGaeilge roghnach… seans go dtabharfaidh seo an leithscéal don rialtas an teanga a dhéanamh roghnach i scoileanna na tíre seo. Agus an leatrom follasach atá á dhéanamh ar stádas na Gaeilge agus na gaeltachta i dTeach Laighin faoi láthair, ní chuirfidh sin ionadh ar bith orm.