Níl aon fhadhb mhór le scrúdú Gaeilge na sraithe sóisearaí, a deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit go bhfuarthas ‘roinnt aiseolais’ anuraidh faoi pháipéar ardleibhéil Gaeilge ach nach raibh aon fhadhb mhór ann

Níl aon fhadhb mhór le scrúdú Gaeilge na sraithe sóisearaí, a deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit nach bhfuil aon fhadhb mhór leis an scrúdú Gaeilge a rinne daltaí na Sraithe Sóisearaí i scoileanna Béarla anuraidh.

Bhain conspóid leis an bpáipéar ardleibhéil don Ghaeilge a rinne daltaí sna scoileanna T2 an samhradh seo caite agus roinnt múinteoirí den tuairim go raibh sé ródheacair do dhaltaí.

Ina ainneoin sin, dúirt ionadaithe ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS), a d’fhreastail ar chruinniú i dTeach Laighean inné, go raibh an páipéar “ag teacht go hiomlán” leis na haidhmeanna atá leagtha síos don scrúdú. Dúradh nár léir go raibh deacracht ar leith ag baint leis an bpáipéar.

Agus í ag labhairt faoin scéal le Coiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt Andrea Feeney, Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin CSS, go bhfuarthas “roinnt aiseolais” anuraidh faoin pháipéar ach gur léirigh torthaí na scrúduithe nach raibh aon fhadhb mhór ann.

“Feictear do CSS go bhfuil scrúduithe Gaeilge na Sraithe Sóisearaí, 2022 – idir struchtúr, ábhar, leagan amach agus leibhéal deacrachta – ag teacht go hiomlán le haidhm uileghabhálach an Athbhreithnithe ar an tSraith Shóisearach,” a dúirt Feeney.

“Féadtar a thabhairt do bhur n-aire go dtugann gnóthachtáil na n-iarrthóirí sna scrúduithe, agus caighdeán na hoibre a chuir siad ar fáil, le tuiscint go raibh tromlach mór na n-iarrthóirí in ann tabhairt faoi na tascanna scrúdaithe mar is cuí agus torthaí a bhaint amach a thug léiriú cuí ar an gcaoi ar éirigh leo na torthaí foghlama a bhaint amach.”

Dúirt Feeney nach aon rud nua é do dhalta teacht amach as scrúdú agus imní orthu faoi dheacracht an scrúduithe ach go raibh na torthaí a fuair daltaí a thug faoin scrúdú Gaeilge seo inchurtha le torthaí na n-ábhar eile a scrúdaíodh.

Tháinig na sonraíochtaí nua Gaeilge – T1 do scoileanna lán-Ghaeilge agus T2 do scoileanna eile – isteach in 2017 ach, de bharr na paindéime Covid-19, anuraidh an chéad uair gur thug na daltaí faoi ghnáthscrúdú traidisiúnta.

Mheas Feeney go raibh filleadh na scrúduithe mar a bheadh “ollphléasc” do dhaltaí agus go ndearnadh roinnt athruithe ar an bpáipéar Gaeilge mar gheall ar an lorg a d’fhág an phaindéim ar shaol na ndaltaí.

Ceann de na gearáin is mó a bhí ag múinteoirí faoin scrúdú T2 nach raibh sé cosúil leis an bpáipéar samplach a d’fhoilsigh CSS agus nach raibh siad in ann daltaí a ullmhú maidir le céard a bheadh sa scrúdú.

Sampla amháin a tugadh ná nach raibh na marcanna céanna ag dul don chluastuiscint sa pháipéar samplach agus a bhí sa pháipéar scrúdaithe. Mhínigh Elaine Sheridan, Ceannaire Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe CSS, go n-athraíonn líon na marcanna ag brath ar na míreanna fuaime. Dúirt sí go raibh na míreanna a bhí sa pháipéar samplach “níos saibhre”, rud a d’fhág go rabhthas in ann níos mó ceisteanna a chur ar dhaltaí mar gheall orthu. Ní raibh na míreanna sa scrúdú ceart chomh saibhir céanna, rud a d’fhág nach raibh an oiread céanna ceisteanna ag dul leo, a dúirt sí.

Dúirt Sheridan gur cinneadh gan ach páipéar samplach amháin a fhoilsiú ionas nach mbeifí in ann iad a úsáid mar “áis teagaisc” chun daltaí a réamhullmhú an iomarca.

Gearán eile a rinneadh ná nach raibh aon rogha ag daltaí maidir leis na ceisteanna ar an bpáipéar, ach dúirt Sheridan go raibh tuairim ann go raibh sé níos cuí gan rogha a thabhairt do dhaltaí na Sraithe Sóisearaí.

Dúirt Sheridan gurb éard atá sa scrúdú ná deis do dhaltaí “a dtaithí phearsanta, a smaointe féin” a chur in iúl agus nach rabhthas ag iarraidh go mbeadh daltaí ag tuar céard a bheadh ar an bpáipéar.

“Cur chuige an-difriúil” a bhí ann don Ghaeilge agus d’ábhair eile sa tSraith Shóisearach seachas a raibh ann roimhe seo, a dúirt Andrea Feeney. “Níl téamaí agus ábhair ann mar a bhí roimhe seo, b’fhéidir.”

“Cinnte, níl sé i gceist againn lagmhisneach a chur ar dhaltaí agus múinteoirí maidir leis an nGaeilge,” a dúirt sí.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur trua go raibh “raic” an chéad bhliain a reáchtáladh an scrúdú i gceart. Dúirt sé go bpléifí an scéal leis an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta amach anseo.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Conolly gur léir nárbh ionann meon Choimisiún na Scrúduithe Stáit faoin scrúdú agus meon na múinteoirí a labhair leis an gcoiste faoi.

Fág freagra ar 'Níl aon fhadhb mhór le scrúdú Gaeilge na sraithe sóisearaí, a deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit'