‘Níl aon cháipéis ró-mhór nó ró-bheag dúinn’- seirbhís aistriúcháin seolta ag Conradh na Gaeilge

Tá seirbhís aistriúcháin bunaithe ag Conradh na Gaeilge, an chéad uair a bhfuil a leithéid de sheirbhís á cur ar fáil acu

‘Níl aon cháipéis ró-mhór nó ró-bheag dúinn’- seirbhís aistriúcháin seolta ag Conradh na Gaeilge

Tá seirbhís aistriúcháin bunaithe ag Conradh na Gaeilge. I ráiteas a chuir an eagraíocht amach dúirt an Conradh go raibh an tseirbhís á forbairt le tamall anuas.

Seo an chéad uair a bhfuil a leithéid de sheirbhís á cur ar fáil ag an eagraíocht teanga.

Deir an Conradh go nglacfaidh siad le “cáipéis de gach saghas”, idir cháipéisí dlí, fógraí margaíochta agus téacsanna, pé acu fada nó gearr iad.

Seirbhís aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge atá á tairiscint ag an gConradh ar a suíomh idirlín, cnag.ie.

“An bhfuil cáipéis agat a bhfuil aistriúchán de dhíth air? Tá seirbhís aistriúcháin ag Conradh na Gaeilge a bheidh in ann cabhrú leat.

“Is féidir linn aistriúchán Gaeilge go Béarla nó Béarla go Gaeilge a sholáthar a chloíonn le rialacha an Chaighdeáin Oifigiúil 2017 agus leis na dea-chleachtais scríbhneoireachta eile atá ann sa dá theanga.

“Is féidir linn cáipéis de gach saghas agus fad a aistriú – ó cháipéisí dlíthiúla go fógraí margaíochta. Níl aon cháipéis ró-mhór nó ró-bheag dúinn,” a mhaítear ar shuíomh an Chonartha.

Painéal d’aistritheoirí oilte a bheas i mbun na hoibre aistriúcháin.

Deir Niall Comer, uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “céim chun cinn” don eagraíocht atá ann.

“Tá an chéad chéim eile i bhforbairt na heagraíochta á glacadh againn agus tús á chur againn le seirbhís aistriúcháin nua de chuid Chonradh na Gaeilge. Le blianta anuas tá éileamh ar sheirbhísí aistriúcháin ag méadú agus táimid an-sásta seirbhís aistriúcháin Chonradh na Gaeilge a sheoladh anois le freastal ar an éileamh sin.”

Dúirt Dónal Ó Gallachóir, an feidhmeannach le Conradh na Gaeilge atá i mbun na seirbhíse, go raibh sé ag súil le seirbhís “luachmhar” a chur ar fáil.

“Le roinnt míonna anuas táimid ag obair ar mhaithe leis an tseirbhís seo a chur le chéile agus a fhorbairt agus táim féin an-sásta anois toradh na hoibre sin a fheiceáil agus an tseirbhís aistriúcháin á poibliú againn. Táimid ag súil le seirbhís luachmhar a chur ar fáil do dhaoine gur spéis leo a gcuid ábhair a aistriú. Tá painéal d’aistritheoirí oilte againn a bhfuil taithí na mblianta ag aistriú acu.”

Is féidir meastachán a fháil agus fiosrúcháin a dhéanamh ach scríobh chuig aistrigh@cnag.ie.

Fág freagra ar '‘Níl aon cháipéis ró-mhór nó ró-bheag dúinn’- seirbhís aistriúcháin seolta ag Conradh na Gaeilge'

  • Seán Ó Tarpaigh

    Bheadh sé go deas altanna suimiúla ó nuachtáin agus irisí ar fud an domhain a aistriú agus a fhoilsiú ar Tuairisc. Táim cinnte go bhfuil siad ann a mbeadh sásta na cearta foilsitheoireachta a thabhairt do nuachtán Gaeilge.