Níl aon athrú ó mhuintir na Brasaíle

Chuaigh muintir na Brasaíle amach ar na sráideanna i gcoinne na seanpholaitíochta anuraidh - ach don tseanpholaitíocht céanna a thugadar vóta Dé Domhnaigh seo caite.

Dilma Rousseff ó Pháirtí na nOibrithe (PT), uachtarán reatha na Brasaíle.
Dilma Rousseff ó Pháirtí na nOibrithe (PT), uachtarán reatha na Brasaíle.

Níor éirigh le Dilma Rousseff ó Pháirtí na nOibrithe (PT), uachtarán reatha na Brasaíle, an dara téarma a bhaint amach láithreach sa chéad bhabhta den toghchán uachtaránachta, Dé Domhnaigh seo caite. I mbabhta breise ar an 26 Deireadh Fómhair, tabharfaidh sí dúshlán an iarrthóra nualiobrálaigh Aécio Neves; tá an cosantóir timpeallachta cráifeach Marina Silva curtha amach as an rás. Is léir uaidh sin, tá vóta tugtha ag muintir na Brasaíle i gcoinne athruithe polaitiúla, óir baineann Rousseff agus Neves leis an tseanpholaitíocht. “Cá raibh na céadta míle léirseoir a chuaigh amach ar na sráideanna anuraidh? Sin an rud ba mhaith liomsa a fháil amach,” a d’fhiafraigh duine de na tráchtairí polaitiúla is aitheanta sa tír, Dora Kramer, di féin lá an toghcháin.

Ceist mhaith. Ní raibh tásc ná tuairisc ar léirseoirí na bliana seo caite le linn fheachtas toghchánaíochta na bliana seo – ach ar Bhealach, níorbh aon ionadh sin. Ní gluaiseacht eagraithe a bhí i mbunléirsithe mhí an Mheithimh 2013 ach na céadta míle duine aonair a bhí míshásta leis an bpolaitíocht go ginearálta; dream iad a bhí i bhfad ró-éagsúil le haontú i ngluaiseacht ar bith – gan trácht ar ghluaiseacht pholaitiúil

Má léiríonn toradh an chéad bhabhta vótála sa toghchán uachtaránachta rud ar bith, léiríonn sé nach dteastaíonn an t-athrú polaitiúil a bhí á éileamh ar na sráideanna anuraidh ó fhormhór mhuintir na Brasaíle i ndáiríre.

Chomh maith leis sin, léiríonn an toradh deighilt thuaidh-theas na tíre go seoigh. Sheas an tuaisceart agus an t-oirthuaisceart, ceantair ina bhfuil go leor vótóirí ag brath ar an gcóras leasa shóisialta Bolsa Família a chuir Páirtí na nOibrithe ar bun, sheas siad leis an uachtarán reatha Dilma Rousseff. Ach i ndeisceart agus in oirdheisceart na tíre, réigiúin níos rachmasachaí, bhí an nualiobrálaí Aécio Neves chun cinn uirthi.

Seanchéilí comhraic iad Páirtí na nOibrithe Rousseff agus PSDB Neves; bheadh comhrialtas eatarthu chomh deacair le samhlú agus a bheadh comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael in Éirinn. Sa choicís go leith atá fágtha go dtí an dara babhta vótála, déanfaidh Rousseff iarracht cur ina luí ar mhuintir na Brasaíle go ndéanfaidh Neves príobháidiú ar chomhlachtaí stáit; meabhróidh Neves na scannail chalaoise ar fad a bhfuil páirtí Rousseff (ach ní Rousseff í féin) sáite iontu do na vótóirí.

Chuirfeadh sé iontas ar go leor tráchtairí mura mbeadh an bua ag Rousseff ar an 26 Deireadh Fómhair.