‘Níl an Príomh-Aire i bhfolach faoin deasc’ – ábhar fonóide ach údar imní freisin

Cibé cinniúint atá i ndán do Liz Truss ní le leas an Tuaiscirt an ghuagacht osréalach sa Bhreatain

‘Níl an Príomh-Aire i bhfolach faoin deasc’ – ábhar fonóide ach údar imní freisin

Is iomaí cor aisteach a bhí i bpolaitíocht na Breataine le gairid ach bhain imeachtaí i dTeach na Parlaiminte Dé Luain an barr bua. Ba mhór an spraoi é ionadaí thar ceann Liz Truss in Westminster a chloisteáil ag deimhniú nach raibh an Príomh-Aire i bhfolach faoina deasc. D’éirigh cúrsaí níb aistí fós ina dhiaidh sin agus cé gur chúis ghrinn seo go léir gan dabht, is údar imní é freisin, go háirithe i dTuaisceart Éireann.

Nuair a tháinig an Príomh-Aire go Teach na dTeachtaí thug sí taispeántas osréalach. Ní raibh smid aisti fad is a d’fhreagair Penny Mordaunt ceist a bhí dírithe ar Truss féin. Ina dhiaidh sin shuigh sí ina tost ag éisteacht le Seansailéir nua an Státchiste, Jeremy Hunt, ag caitheamh a buiséid i dtraipisí. Is ar na geallúintí a rinne sí le linn an fheachtais do cheannaireacht na gCaomhach a bhí an buiséad sin bunaithe ach d’fhág an casadh seo fealsúnacht eacnamaíochta Truss ina smidiríní.

Ba léir nach raibh cumhacht ná údarás aici agus gurb é Jeremy Hunt atá i gceannas de facto. É sin atá ag plé leis ‘na margaí’ – an dia beag a bhí ag Margaret Thatcher, laoch Liz Truss. Ba dhána an mhaise é buille faoi thuairim a thabhairt an mbeidh Truss fós in oifig faoin am a fhoilseofar an t-alt seo. An sábhálfaidh Hunt í, nó an mbeidh bata agus bóthar á bhfáil aici.

Cibé cinniúint atá i ndán di ní le leas Thuaisceart Éireann an ghuagacht sa Bhreatain. Faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn beidh cinneadh riachtanach faoi Stormont. Mura mbeidh Feidhmeannas athbhunaithe ar an 28 Deireadh Fómhair beidh toghchán Tionóil riachtanach de réir na reachtaíochta. Tá an toghchán sin á bhagairt ag an Státrúnaí. Cá bhfios an é sin a bheas in oifig oíche Shamhna. Níl an DUP ag géilleadh don bhrú uaidh. Tá siad diongbháilte nach sásóidh geallúintí faoi mhargadh iad. Ní fhillfidh siad ar Stormont gan beart maidir leis an bprótacal iarBhreatimeachta, a deir siad.

Nuair a bhí geamaireacht Truss – bíodh sí ina suí nó i bhfolach – ar siúl in Westminster Dé Luain bhí an Taoiseach Micheál Martin i mBéal Feirste féachaint le Stormont a athbheochan, saothar in aisce seans. Ag an am céanna bhí an Bhreatain agus an tAontas Eorpach i mbun cainteanna faoin bprótacal. I bhfianaise íogaireacht rialtas na Breataine cén dearcadh atá ag ballstáit an AE faoin a iontaofa is a bheidís mar pháirtnéir i gcomhréiteach? Cé na ciallachais atá ag an míshuaimhneas do réiteach na gceisteanna faoin bprótacal? Dúirt Maroš Šefčovič idirbheartaí an AE go ndearna sé féin agus James Cleverly, Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, athbhreithniú ar a raibh déanta go dtí seo sa phlé teicniúil agus go leanfar leis an obair.

Ní bheathóidh na briathra na boicht atá líonmhar, abhus. D’uireasa Stormont níl aon chinnteacht faoi chabhair do dhaoine a bheidh ar an ngannchuid de bharr costas fuinnimh nó bia. Níl soiléire faoi conas a gheobhaidh daoine i dTuaisceart Éireann an deontas £400 a gheall rialtas na Breataine. Ina theannta sin chuir fógra Jeremy Hunt go ndéanfaí athscrúdú ar an uasteorainn £2,500 ar bhillí fuinnimh tar éis sé mhí faitíos ar a lán daoine. Údar imní iad na ciorruithe eile atá ag teastáil ón Seansailéir agus is maith is cuimhin le daoine chomh ceanúil is a bhí sé ar chiorruithe ar mhaoiniú agus acmhainní nuair a bhí sé i gceannas ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte (NHS) mar Státrúnaí Sláinte.

Tá na bancanna bia agus eagraíochtaí carthanacha eile faoi dhianbhrú cheana féin fud fad an Tuaiscirt. Má shásaíonn an Seansailéir na margaí conas a chuideofar leis an dearóil – go háirithe más ciorruithe an focal faire feasta. Ba chúis mhagaidh í an Príomh-Aire Truss ach ní hiontas gur chuir imní faoin iarracht leighis stop leis an bhfonóid.

Fág freagra ar '‘Níl an Príomh-Aire i bhfolach faoin deasc’ – ábhar fonóide ach údar imní freisin'

  • Pádraig O'hEipicín

    An an focal ceart desk. Ná crinlín.