Tá sé deimhnithe do Tuairisc.ie ag urlabhraí ó Aer Arann Islands go bhfuil an comhlacht ag leanúint lena n-achomharc i dtaobh an phróisis tairisceana a bhain leis an tseirbhís aeir go hÁrainn. Fógraíodh níos túisce go bhfuil tús curtha acu lena ndúshlán dlí san Ard-Chúirt.
Tuigtear nach bhfuil aon fhógra oifigiúil déanta ag Aer Arann glacadh leis an síneadh conartha atá tairgthe ag Roinn na Gaeltachta dóibh, síneadh a d’fhágfadh go leanfaidís orthu ag cur seirbhís ar fáil go dtí an 1 Feabhra 2016. Níl i gceist ag Aer Arann glacadh le tuilleadh áirithintí ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh, tráth a thiocfaidh deireadh leis an mbunchonradh le Roinn na Gaeltachta.
Ghlac Comhairleoirí Contae na Gaillimhe le rún a chuir an Comhairleoir Sean Ó Tuairisg (FF) chun cinn tráthnóna inné nach mbeadh cead ag dream ar bith Aerfort na Gaillimhe ar an gCarn Mór a úsáid le haghaidh seirbhís aeir go hOileáin Árann tar éis an chúigiú lá déag de Nollaig
Dúirt duine de thoscaireacht Árann, Cathy Nic Goill, go bhfuil sé i gceist ag lucht an fheachtais agóid a bheith acu taobh amuigh den Dáil mura dtiocfaí ar réiteach ar an scéal idir an dá linn.
Idir an dá linn, tá sé ráite ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil géarghá le díospóireacht faoi pholasaí oileánda an Rialtais i dtreo is gur féidir meath phobal na tíre seo a stopadh agus an t-aitheantas agus tacaíocht cuí a thabhairt do na hoileáin “leis na pobail a choinneáil beo, bríomhar agus inmharthanach iontu”.
Fág freagra ar 'Níl Aer Arann ag glacadh le tuilleadh áirithintí agus iad ag leanúint lena n-achomharc'