Níl Acht Gaeilge curtha as an áireamh ag Arlene Foster agus feachtas an DUP seolta

Agus feachtas toghchánaíochta a páirtí á sheoladh aici i mBéal Feirste inniu, níor chuir ceannaire an DUP Arlene Foster as an áireamh go dtacódh sí le hAcht Teanga

Níl Acht Gaeilge curtha as an áireamh ag Arlene Foster agus feachtas an DUP seolta

Ní sé curtha as an áireamh ag ceannaire an DUP Arlene Foster go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach ó thuaidh.

Agus feachtas toghchánaíochta a páirtí á sheoladh aici i mBéal Feirste inniu, thug Foster le fios go bhféadfadh go dtacódh sí le hAcht Teanga a thabhairt isteach fad is go léireofaí chomh maith meas ar an Ultais, ar an gcultúr  ‘Oráiste’ agus ar an gcultúr Briotanach.

Ba mhór idir ráiteas Foster inniu agus an ráiteas conspóideach a rinne sí faoi cheist an Achta Teanga agus feachtas toghchánaíochta a páirtí do thoghchán Stormont á sheoladh aici i mí Feabhra.

Dúirt Foster an uair sin nach nglacfadh an DUP go deo le hAcht Teanga agus chuir sí Sinn Féin agus a n-éileamh ar Acht i gcomparáid le “crogaill a bhíonn ag iarraidh i gcónaí”.

Nuair a cuireadh ceist uirthi inniu an amhlaidh go raibh athrú poirt aici maidir le ceist an Achta, ní raibh Foster chomh diongbháilte céanna faoin scéal.

“Dúirt mé nach mbeadh a leithéid [Ach Teanga] ann mura dtarlódh aon rud eile – i dtaobh cúrsaí cultúir agus teanga. Táimid i mbun idirbheartaíochta le tamall anuas agus táimid ag áitiú gur gá meas a léiriú ar gach cultúr, an Ultais, an cultúr  Oráiste agus an cultúr Briotanach san áireamh.

“Dá ndéanfaí dul chun cinn maidir le meas a léiriú ar chultúir agus glacadh le cultúir…chaithfeadh sé [Acht Teanga] tarlú sa chomhthéacs sin agus táimid an-soiléir faoin méid sin.”

Dúirt Foster inniu chomh maith nach mbeadh aon eagla uirthi roimh phobalbhreith faoi cheist na teorann toisc go mbuafadh a páirtí a leithéid ‘go bog’. Ní thacódh sí le vóta faoi cheist na teorann, áfach, toisc go gcothódh sé guagacht, dar léi.

‘Oscailt súl’ d’aontachtóirí a bhí sa toghchán tionóil i mí an Mhárta, a dúirt ceannaire an DUP.

Dúirt Foster gur deis a bhí i dtoghchán Westminster an t-aontachtas a chur “ar bhóthar a leasa” arís.

“Fágann cinneadh an Phríomh-Aire go mbeadh toghchán tobann ann go bhfuil deis ann cás dearfach a dhéanamh ar son an aontais,” a dúirt Arlene Foster.

Tá ceannaire an DUP ag bualadh le grúpaí Gaeilge ó thuaidh le roinnt seachtainí anuas in iarracht teacht ar thuiscint níos fearr ar chás agus ar chultúr na teanga.

Tá ceist an Achta Teanga i measc na gconstaicí is mó san idirbheartaíocht atá ar siúl maidir le hathbhunú Fheidhmeannas Stormont.

Fág freagra ar 'Níl Acht Gaeilge curtha as an áireamh ag Arlene Foster agus feachtas an DUP seolta'