Tá cuid maith des na seanchluichí CLG idir pheil agus iomáint feicthe againn ó tháinig cosc ar an spórt beo go léir sa tír. Tá spórt TG4 thar a bheith spéisiúil agus taitneamhach agus cuimhní cinn múscailte faoi chluichí a bhí feicthe againn leis na blianta.
Bhíos páirteach le déanaí i ndíospóireacht faoin imreoir iománaíochta ab fhearr a bhí ann riamh agus is beag argóint a bhí ann faoin mbuaiteoir, cé nach bhfaca cuid maith daoine an buaiteoir ag imirt beo nó i gcluiche beo ar an scáileán riamh. Dar ndóigh, is Dia de shórt é Christy Ring anseo cois Laoi.
Chonacthas féin é ag imirt lena chlub Fánaithe an Ghleanna go luath sna seascaidí ach bhí a rás rite faoin tráth sin agus é sna daichidí. Ach bhí a ainm i mbéal an phobail fós agus gach súil dírithe ar Ring aon uair a raibh an sliotar i ngar féin dó.
Níor bhuaileas leis go dtí 1976 nuair a bhí sé ina roghnóir le foireann shinsir Chorcaí. Caithfidh mé a admháil anois nach raibh mo dhóthain eolais in aon chor agam ag an am sin faoi chomh hiontach a bhí Ring mar imreoir agus na curiarrachtaí go léir a bhí bainte amach aige. Níor nós leis mórán a rá de ghnáth agus cheapas féin gur duine é a bhí cúthail go leor.
Ach nuair a bhínn sa bhaile in Achadh Bolg bhínn bréan de dhaoine ag cur ceisteanna orm faoi Ring. Bhuaigh Achadh Bolg an chéad chraobh na hÉireann sinsir iomána do Chorcaigh in 1890. I laethanta luatha CLG is club a d’imríodh sa chomórtas craoibhe ar son an chontae. Ón am sin, tá an-suim go deo ag daoine sa pharóiste beag tuaithe sin i ndúiche Mhúscraí san iománaíocht. Is cinnte i 1976 go raibh an-suim agus an-mheas ag pobal an chlub agus an pharóiste ar Christy Ring nó ‘Ringy’ mar a b’fhearr aithne air.
An chéad uair ar tháinig mé féin isteach mar ionadaí i gcluiche leathcheannais na Mumhan i gcoinne Thiobraid Árann i 1976 is eisean a labhair liom ar an taobhlíne agus mé ar tí dul isteach sa bhfáinne agus mé fós an-óg agus gan mórán taithí in aon chor agam. Ní cuimhin liom go beacht cad dúirt sé faoi chúrsaí teaicticí ach ní dhéanfaidh mé dearmad riamh ar na focail dheireanacha a dúirt sé agus iad fós ag bualadh i mo chluasa agus mé ag trasnú na líne báine. ‘Don’t forget you’re wearing a Cork jersey, boy!’.
Is cuimhin liom freisin lá eile ar labhair sé linn sa seomra feistis agus an cur síos draíochta a rinne sé ar cúl a fuair sé agus é ag tagairt dos na braonacha báistí a bhí ag titim den eangach.
Ach ansin fuair sé bás tobann i 1979 agus is ina dhiaidh sin a d’fhoghlaim mé scéal iomána ‘Ringy’. Agus cad é mar scéal atá ann. É ag imirt sna sinsir leis an chontae ó 1939 go dtí 1962. Ocht mbonn aige i gcraobh na hÉireann tráth nach raibh aon chúldoras ann, naoi mbonn Chúige Mumhan agus ceithre cinn sraithe. Ach an churiarracht is mó a théann i bhfeidhm orm féin ná gur bhuaigh sé ocht mbonn déag sa Bhóthar Iarainn, an chéad ceann i 1941 agus an ceann deireanach i 1962. Tá sé sin dochreidte mar éacht. Bhíodh Corn an Bhóthair Iarainn, a thosnaigh i 1927, thar a bheith tábhachtach, go háirithe sna caogaidí agus na seascaidí. Bhíodh na himreoirí is fearr sa tír ag imirt sna cluichí sin agus ba é mian gach imreoir idirchontae a bheith ar an bpainéal cúige. Bhíodh sluaite ollmhóra i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig nuair a bhíodh an cluiche ceannais á imirt.
Anois smaoinigh ar imreoir a bhí maith go leor chun a bheith ar fhoireann na Mumhan gach bliain idir 1941 agus 1963. Ansin smaoinigh ar an gcaighdeán iomána a bhíodh ann, go háirithe, idir Laighin agus Mumhain. Agus anois is féidir leat Christy Ring agus a ocht mbonn déag a adhradh.
Tá a fhios agam nach féidir comparáid cheart a dhéanamh idir imreoirí ó réanna difriúla ach ón méid a bhuaigh sé agus ón tionchar a bhí aige ar na cluichí inar bhuaigh sé cuid mhór mhaith des na boinn sin, ní dóigh liom go bhfuil ach fear amháin a thuilleann an gradam ‘an t-iománaí is fearr riamh’.
Sea, sin é (agus mise claonta), an Dia cois Laoi, Christy Ring.
Seán Ó Neachtain
Ní fhaca mé riamh ag imirt é ach chonaic mé neart scanáin dó. Bhí sé go maith cinnte agus is dócha an báireoir a b’fhearr ina na 40 agus 50 aidí Tá an iomáint athraithe go mór ó shin agus ní féidir comparáid a dhéanamh idir Christy agus iománaithe na linne seo.
Fearn
‘an t-iománaí is fearr riamh’ ??
Tá mo chuid airgid fós ar Chú Chulainn.
Tadhg
Léig mé an leabhar, scríobthe le Tim Horgan an Nollaig seo caite, nuair nach raibh faic ar siúil – iontach an leabhar agus laoch mór é Ringy ar gach leibhéil??✔️??
Seán Fennell
Brian Mc Fall, Naomh Eoin agus Aontroim
file
Maith thú, Fearn, ós ‘riamh’ atá luaite sa ghradam! :):)
TÓC
Dá mba duine as contae iomána eile, a John, a roghnódh Christy Ring bhronnfadh sin bailíocht ar a thuairim ach fágtar ag an gCorcaíoch a bheith gafa lena shliotairín féin! Má bhí Ring in ann bualadh a thabhairt bhí an cháil air nach raibh in ann é a thógáil; cuireadh scil agus neart ina leith gan dabht ach easpa spóirtiúlachta leis.
SOC
D’fhéachas ar chlár faisnéise ar Christy Ring ar Youtube le déanaí. Ní raibh aon teora le buanna ildánacha Ringy ar Pháirc na hIomána – fear a raibh an-cheol ann féin mar iománaí. Gan amhras bhí sé crua, righin agus daingean – tréithe abhí riachtanach chun an fód a sheasamh ins na daichidí, caogaidí agus seascaidí.
JOHN O'BRIEN
An ceart gan amhras ag John Allen. Cur síos maith ar ré Chriostóir.