‘Ní thréigfear Éire ag an nóiméad deiridh agus ní cluiche é seo’ – Juncker

Agus geallúintí láidre faighte arís ón AE faoin gcúlstop, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna gur soiléire ná riamh an riachtanas a bhaineann leis i ndiaidh imeachtaí Westminster aréir

‘Ní thréigfear Éire ag an nóiméad deiridh agus ní cluiche é seo’ – Juncker

Tá ráite ag Uachtarán Choimisiúin an Aontais Eorpaigh Jean Claude Juncker nach bhfuil aon bhunús le “dóchas” an dreama a shíleann go dtréigfear Éire “ag an nóiméad deiridh” sna cainteanna Breatimeachta.

Bhí Juncker ag tabhairt freagra ar an scéala gur chinn pharlaimint na Breataine aréir go n-iarrfaí “socruithe eile” in áit an chúlstop sa mhargadh imeachta.

“Uaireanta, ó am go chéile, braithim go mbíonn dóchas ag daoine áirithe go dtréigfidh an 26 tír eile an cúlstop agus, dá réir, Éire, ag an nóiméad deiridh, ach ní cluiche é seo, agus ní ceist shimplí dhéthaobhach í.

“Téann sí go croílár cad is brí le bheith i do bhall den AE: is ionann teorainn na hÉireann agus teorainn na hEorpa agus is í an rud is tábhachtaí dúinn,” a dúirt Uachtarán Choimisiúin an Aontais Eorpaigh.

Dúirt sé gurb é an margadh imeachta a bhí aontaithe cheana an margadh is fearr agus an t-aon mhargadh a bhí ar fáil agus nach rachfaí i mbun ath-idirbheartaíochta faoi.

Dúirt Juncker go raibh an dá thaobh san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht suite de nach mbeadh teorainn chrua athuair in Éirinn.

“Tá sé ráite amach go soiléir ag an dá thaobh nach féidir teorainn chrua a thabhairt ar ais ar oileán na hÉireann, nach féidir sleamhnú siar go dtí an ré dhorcha atá thart.”

Dúirt sé gur chreid sé go raibh Príomh-Aire na Breataine Theresa May dáiríre chomh maith faoina leithéid a sheachaint ach gur theastaigh “líontán sábhála” chuige sin.

“Níl aon spéis ná údar againn an líontán sábhála a úsáid ach, san am céanna, ní slán go hiomlán aon líontán sábhála a bhféadfaí fáil réidh leis am ar bith.”

Dúirt sé gurbh eol do chách na rudaí go léir a raibh parlaimint Westminster ina gcoinne ach nárbh léir ar chor ar bith cad é a raibh siad ar a son.

Ní raibh brí ar bith, a dúirt sé, leis na “socruithe eile” agus pléadh an scéal sin go mion cheana.

Dúirt Uachtarán Choimisiún an AE nach raibh aon amhras ann ach gur mó an chontúirt de bharr vóta na hoíche aréir gur Breatimeacht anordúil a bheidh ann.

Vótáil Parlaimint Westminster aréir ar son socrú eile seachas an cúlstop a lorg ón AE agus ar son glacadh le margadh imeachta Theresa May dá bhfaighfí a leithéid.

In ainneoin go bhfuil socrú eile in áit an chúlstop curtha as an áireamh go minic ag an Aontas Eorpach, agus é sin athdhearbhaithe go láidir ó vóta na hoíche aréir, tá sé i gceist ag Theresa May filleadh ar an mBruiséil agus “socruithe eile” a lorg.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna gur soiléire arís an riachtanas a bhaineann le cúlstop láidir daingean i bhfianaise imeachtaí Westminster aréir.

Fág freagra ar '‘Ní thréigfear Éire ag an nóiméad deiridh agus ní cluiche é seo’ – Juncker'

  • An Teanga Bheo

    Cén bhrí atá le “taking back control” don Bhreatain ?