Ní tada sceideal an Taoisigh nó Michael D. i gcomórtas le sceidil triúr gasúr bunscoile

Tá na fógraí tábhachtacha faoi choinní na ngasúr ar nós sióga beaga

Ní tada sceideal an Taoisigh nó Michael D. i gcomórtas le sceidil triúr gasúr bunscoile

Níl aon dabht faoi, ach nuair a bhuaileann do pháiste amach faoin saol go gcuirtear tús le réimse dualgas nua nach gcuimhneofá go brách orthu.

Agus níl mé ag caint ar dhualgais ar nós a rá leo an zip a dhúnadh ar an gcóta, nó a rá leo go gcaithfidh siad breathnú ar chlé agus ar dheis nuair atá siad ag dul trasna an bhóthair. Tá a fhios ag chuile dhuine go gcaithfidh tú na rudaí sin a dhéanamh.

Is iad na dualgais nach gcuimhneofá orthu atá i gceist agam.

Cé a chuimhneodh ar líon na bhfógraí tábhachtacha a thagann isteach sa teach? Nó cé a chuimhneodh, go mbeifí ag súil go mbeifeá, mar thuismitheoir, freagrach as na fógraí a thagann abhaile is go gcoinneofá ord agus eagar orthu?

Dátaí, amanna, laethanta speisialta, ranganna, athruithe ar dhátaí, seónna, imeachtaí, athruithe ar imeachtaí, cóisireacha….

Ní ceann ná péire atá i gceist ach na mílte is na mílte fógraí. Ní tada sceideal an Taoisigh nó Michael D. i gcomórtas le sceidil triúr gasúr bunscoile.

De réir mar a thuigim é, tá tú ceaptha an dáta a scríobh síos in áit éicint chiallmhar, ar fhéilire, mar shampla, seachas ar choirnéal páipéir a stróic tú den bhosca tae. Ba cheart an fógra féin a chur i dtaisce ar fhaitíos go mbeadh ort é a sheiceáil arís.

Glac uaimse é, ní dhéanfaidh tú é seo.

Ní chuirfidh tú i dtaisce an fógra, nó cuirfidh tú i dtaisce é, ach cuirfidh tú in áit éicint ‘sábháilte’ é agus ní bheidh tú in ann cuimhneamh cén áit shábháilte a bhí ann.

D’fhéadfá trí mhí a chaitheamh ag breathnú ar litir agus é greamaithe den chuisneoir, ach nuair a thiocfaidh lá na coinne sin leis an bhfiaclóir, ní bheidh tásc ná tuairisc uirthi.

Má théann tú go dtí an áit ar fhág tú an fógra is nach bhfuil aon amharc air, ní fiú duit a bheith á chuartú mar ní thiocfaidh tú air go dtí an lá i ndiaidh an lae a bhí sé ag teastáil uait.

Chomh luath is a bheidh cibé imeacht a bhí ann thart, bíodh sé ina choinne dochtúra, seó scoile, nó cluiche camógaíochta, feicfidh tú an fógra greamaithe den chuisneoir, nó crochta ar an bhféilire go soiléir.

Déarfaidh tú leat féin, ‘Cén chaoi nach bhfaca mé é sin inné?’ agus mearbhall ort. Inseoidh mé dhuit cén fáth nach bhfaca tú inné é, mar nach raibh sé ann.

Sílim anois go bhfuil na fógraí tábhachtacha ar nós sióga beaga, a imíonn leo go haerach nuair nach mbíonn tú ag coinneáil súil orthu. Ní hamháin gur sióga beaga iad, ach is breá leo a bheith ag spochadh fúinn freisin.

Fág freagra ar 'Ní tada sceideal an Taoisigh nó Michael D. i gcomórtas le sceidil triúr gasúr bunscoile'