Ní raibh oiread measa riamh ag iriseoirí ar pholaiteoirí is a bhí an lá sin ag Stormont…

In ainneoin gach rud, maireann an dóchas a spreag Comhaontú Aoine an Chéasta

Ní raibh oiread measa riamh ag iriseoirí ar pholaiteoirí is a bhí an lá sin ag Stormont…

Ní fiú cur síos ar thábhacht an chomhaontaithe a síníodh i Stormont 25 bliain ó shin gan smaoineamh ar léitheoirí atá 43 bliain d’aois nó níos óige.

Is fiú mar sin an fáth gur thug an margadh stairiúil cúis dóchais chomh mór don iriseoir seo, a raibh sé d’ádh air a bheith ar an bhfód i Stormont, a mhíniú do dhaoine nach raibh ocht mbliana déag caite fós acu ar an saol Aoine an Chéasta 1998.

Tá an iarracht mhínithe seo a leanas bunaithe ar mo chuimhne phearsanta ar an lá sin, ar an gcéim chun cinn a tugadh agus ar an bhfáth gur dóigh liom, ainneoin fadhbanna nach beag, gur ábhar dóchais don todhchaí iad bunphrionsabail an Chomhaontaithe.

Cuimhne

Bhí sé fuar feanntach agus é ag cur sneachta taobh amuigh d’ionad na gcainteanna i Stormont agus iriseoirí ag éisteacht leis an gcur síos a rinne ceannairí na bpáirtithe ar an gcomhaontú go gairid tar éis dóibh glacadh leis. Bhí ríméad san aer ainneoin na drochaimsire agus ainneoin gach deimhniú a thug Páirtí Aontachtach David Trimble agus ceannaire Shinn Féin Gerry Adams gur sheasadar an fód maidir le bun-aidhmeanna.

Ábhar suntais ab ea é nach le chéile ach ina ndream is ina ndream a labhair ionadaithe na bpáirtithe linn agus a leagan féin dá gcomhshaothar á fhógairt acu. Bhí siad go léir traochta tar éis dóibh trí lá agus oíche a chaitheamh i mbun idirbheartaíochta.

B’eisceacht ón gcaint ar leith iad ráitis an Taoisigh Bertie Ahern agus an Phríomh-Aire Tony Blair a sheas gualainn ar ghualainn agus an chéad chur síos á dhéanamh acu ar phríomhphointí an chomhaontaithe.

Níor fhreastail mé riamh roimhe sin ná ó shin ar ócáid a raibh meas chomh mór ag iriseoirí ar pholaiteoirí. Ní toisc nach raibh amhras orainn faoi chomhlíonadh iomlán an chomhaontaithe ná faoi ábhair nár réitíodh (cúrsaí póilíneachta mar shampla, agus cearta teanga) ach toisc go raibh ábhar dóchais chomh láidir ann go mbeadh síocháin i réim dá bharr.

Iarchuimhne

Dé Domhnaigh, 11 Aibreán 1998: Bhí mé i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath nuair a shiúil Bertie Ahern isteach, dhá lá tar éis síniú an Chomhaontaithe. Shuigh sé ag an gcuntar agus cara ina theannta.

Shílfeá b’fhéidir go mbeadh daoine ag tréaslú leis an Taoiseach agus ag gabháil buíochais leis as ucht a shaothair ar son na síochána. Ach ba léir dár mbunáite a thraochta a bhí sé. Cuimhníodh go háirithe siad ar bhás a mháthar Julia cúig lá roimh shíniú an Chomhaontaithe. D’fhan daoine amach uaidh. Dínit an bhróin, tuillte agus tugtha.

Feabhas

Thug na rialtais agus na páirtithe go léir a shínigh an Comhaontú geallúint go seasfaidís feasta le bunphrionsabail thábhachtacha. Ní raibh an DUP i láthair agus mholadar do mhuintir an Tuaiscirt vótáil in aghaidh an Chomhaontaithe sa reifreann inar vótáil 71 faoin gcéad ina fhabhar. Níltear ar aon tuairim fós ó thuaidh faoina bhrí phraiticiúil ach ní shéanann páirtí ar bith na prionsabail.

Ar ndóigh níl siad curtha i bhfeidhm go hiomlán fós, ach cibé athrú a fheicfear amach anseo is dúshraith láidir don todhchaí na prionsabail ar glacadh leo i Stormont 25 bliain ó shin.

D’fhógair an Comhaontú gur le modhanna síochánta amháin a chaithfí aidhmeanna polaitiúla a chur chun cinn feasta. Ba é an prionsabal sin an ceann ba thábhachtaí tar éis na dTrioblóidí ó thuaidh inar maraíodh níos mó ná 3,600 duine idir 1969 agus 1997.

Tá ábhar dúshláin nár comhlíonadh fós i bprionsabail agus in aidhmeanna eile an Chomhaontaithe: comhpháirtíocht, comhurraim agus comhionannas do chearta sibhialta, polaitiúla agus cultúir, saoirse ó leithcheal, athmhuintearas, agus fógairt chearta mhuintir an Tuaiscirt a bheith aitheanta mar a roghnaíonn siad mar Éireannaigh nó mar Bhriotanaigh,

Ní beag san.

Fadhbanna

Ní tearc na fadhbanna a chothaigh easpa muiníne idir na páirtithe agus (de thoradh an Bhreatimeachta) idir rialtais na hÉireann agus na Breataine ó síníodh Aoine an Chéasta. Is fiú dhá shampla a lua: neamhthoil an IRA gunnaí agus armlón a dhíchoimisiúnú mar a socraíodh sa Chomhaontú go dtí 2005, agus neamhthoil an dá pháirtí aontachtach lánchearta teanga a chur i bhfeidhm don Ghaeilge.

Rinne Breatimeacht dochar as cuimse don chaidreamh idir an dá phobal sa Tuaisceart toisc gur spreag sé síor-achrann polaitiúil agus féiniúlachta eatarthu. Tá an caidreamh idir an dá rialtas ag feabhsú ó chuir toghadh Rishi Sunak deireadh le ré áiféiseach mhífhreagrach i Londain.

Sin ráite ní bheidh comhoibriú ná comhthuiscint idir an dá rialtas chomh láidir agus a bhí i 1998 toisc nach bhfuil siad páirteach níos mó i gcomhfhiontar mór an Aontais Eorpaigh. Ní chastar airí ná státseirbhísigh ar a chéile chomh minic agus tá an bhearna idir aidhmeanna agus cur chuige ginearálta an dá rialtas i bhfad níos mó ná mar a bhí i 1998.

Ní féidir contúirt eile – go ndéanfaidh glúin eile dearmad ar uafáis ré na dTrioblóidí agus go rachfar i mbun foréigin arís – a chur as an áireamh.

Rinne Gerry Adams cur síos tomhaiste le gairid ar thairbhe agus ar laige an Chomhaontaithe. Dar leis gur éirigh leis na sínitheoirí teacht ar chomhthuiscint maidir leis “an turas” a bhí beartaithe acu ach nach raibh siad ar aon tuairim maidir le ceann scribe an turais.

Ní léir fós an mbeidh an DUP toilteanach deireadh a chur le baghcat an pháirtí ar thionól an Tuaiscirt, ach is fiú cuimhneamh ar sheift Tony Blair a chuidigh le ceannaire aontachtach eile an Comhaontú a shíniú. Chuir sé litir chuig David Trimble (nach raibh feidhm dhlíthiúil ar bith léi) a dúirt go n-aontódh rialtas na Breataine le díbirt páirtithe ón bhFeidhmeannas i Stormont mura rachfaí chun cinn le díchoimisiúnú.

Cá bhfios? B’fhéidir go gcuideodh seift eile dá leithéid leis an DUP. Is é sin má bhíonn fonn dáiríre orthu tar éis na dtoghchán áitiúil an mhí seo chugainn páirt a ghlacadh i bhfeidhmeannas i Stormont ina mbeadh Michelle O’Neill ó Shinn Féin ina céad-aire.

Ní beag an ‘má’ é faraor.

Fág freagra ar 'Ní raibh oiread measa riamh ag iriseoirí ar pholaiteoirí is a bhí an lá sin ag Stormont…'

  • Cluain Sceach

    Sár alt ó shár-iriseoir.