‘Ní mór duit a bheith umhal do dhuine éigin!’ ‘Gaspal’ Bob Dylan le craobhscaoileadh i nGaeilge…

Seo an chéad bhlaiseadh de liricí na leaganacha Gaeilge d’amhráin de chuid Bob Dylan atá cumtha ag Gabriel Rosenstock do sheó nua IMRAM, ‘Buail na Cloig/Ring them Bells’…

‘Ní mór duit a bheith umhal do dhuine éigin!’ ‘Gaspal’ Bob Dylan le craobhscaoileadh i nGaeilge…

“Bhraitheas neach sa seomra nach bhféadfadh a bheith ann ach Íosa Críost. Leag Íosa Criost lámh orm. Rud fisiciúil a bhí ann. Bhraitheas é. Bhraitheas ar fud na mball é. Bhraitheas mo chorp ar fad ar crith. Leag glóir an Tiarna mé agus thóg suas arís mé,” arsa Bob Dylan i 1980 agus malairt chúrsa eile á fógairt aige.

Sna blianta a lean ba ar an gCríostaíocht agus ar a chuid staidéir ar an mBíobla a dhírigh Dylan ina chuid albam agus ina chuid ceolchoirmeacha.

Bhain conspóid mhór le ‘blianta na Críostaíochta’ ag Dylan, ach aithníonn go leor anois iad ar cheann de na tréimhsí is bisiúila, is spéisiúla agus is spleodraí ina shaol ceoil.

Ní fada anois go mbeifear ábalta blaiseadh de ghaspal Dylan i nGaeilge, agus leaganacha nua d’amhráin ón tríológ (Slow Train ComingSaved agus Shot of Love) á n-ullmhú ag lucht IMRAM don cheolchoirm speisialta, Buail na Cloig/Ring them Bells: Tionscadal Gaspal Dylan.

An file Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar liricí Dylan agus gealltar “ceol gaspal funcaí…ag cur thar maoil le ‘tine is bromastún’” ó na hamhránaithe Liam Ó Maonlaí, Emma Garnett , Esosa Ighodaro agus Zeenat Sarumi agus a mbanna ceoil.

Idir an dá linn, seo an chéad bhlaiseadh de liricí de na leaganacha Gaeilge d’amhráin Dylan a bheidh le cloisteáil ag seó nua IMRAM.


Bheith umhal do dhuine éigin/Gotta Serve Somebody

D’fhéadfá bheith i d’ambasadóir, Sasana, an Fhrainc,

Tugtha don chearrbhachas, pinginí sna bainc,

D’fhéadfá bheith id churadh trom-mheáchain ar an domhan

Nó bheith tugtha do na péarlaí, a chailín deas donn

 

Ach beidh ort a bheith umhal do dhuine éigin, go deimhin

Ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin,

An diabhal más é is fearr leat nó an Tiarna os ard

Ach ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin.

D’fhéadfadh rac a dhul sa chloigeann ort is tú i ndroch-chás

Drugaí lá is oíche agus spéirmhná go bás,

D’fhéadfá bheith id thoice nó id ghadaí sleamhain glic

D’fhéadfá bheith id Dhochtúir nó id Thaoiseach, a mhic

Ach beidh ort a bheith umhal do dhuine éigin, go deimhin

Ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin,

An diabhal más é is fearr leat nó an Tiarna os ard

Ach ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin.

 

 D’fhéadfá bheith id yupaí bocht, id spailpín as Ros Muc,

 D’fhéadfá bheith i d’iománaí, poc fada do phoc,

 D’fhéadfá a bheith saibhir nó d’fhéadfá a bheith bocht

 D’fhéadfá bheith thall i dtír allúrach is gan aon éadach ort, sea nocht 

 

Ach beidh ort a bheith umhal do dhuine éigin, go deimhin

Ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin,

An diabhal más é is fearr leat nó an Tiarna os ard

Ach ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin. 

 

 D’fhéadfá bheith id sclábhaí is tú ag obair le do lámh’

 D’fhéadfadh áras mór bheith agat is an saol go sona sámh,

 D’fhéadfadh gunnaí a bheith agat, sea nó tanc

 D’fhéadfá bheith id thiarna talún nó gur leat cúpla banc

 

Ach beidh ort a bheith umhal do dhuine éigin, go deimhin,

Ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin,

An diabhal más é is fearr leat nó an Tiarna os ard

Ach ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin.

 

 D’fhéadfá bheith id phraeitseálaí, tú gan uamhan Dé

 D’fhéadfá bheith sa Chomhairle Contae, breab agat in aghaidh an lae,

 D’fhéadfá bheith id bhearbóir is siosúr mór airgid id ghlac

 D’fhéadfá bheith id leannán nó i d’iarleannán, a mhac 

Ach beidh ort a bheith umhal do dhuine éigin, go deimhin

Ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin,

An diabhal más é is fearr leat nó an Tiarna os ard

Ach ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin.

 An cadás nó síoda a bhíonn ar do dhrom

 An ólann tú in aon chor, ólann róthrom,

 An itheann tú crúibíni nó an itheann tú arán

 D’fhéadfadh do leaba a bheith folamh nó d’fhéadfadh sí bheith lán 

Ach beidh ort a bheith umhal do dhuine éigin, go deimhin

Ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin,

An diabhal más é is fearr leat nó an Tiarna os ard

Ach ní mór duit bheith umhal do dhuine éigin

 

D’fhéadfadh gur mé Terry, d’fhéadfadh gur mé Timmy,

D’fhéadfadh gur mé Bobby, d’fhéadfadh gur mé Zimmy,

D’fhéadfadh gur mé R. J., d’fhéadfadh gur mé Ray

 D’fhéadfadh ainm eile fós bheith orm i ndeireadh an lae 

Ach beidh ort …

 

Precious Angel/ A Aingil Dhílis

’Aingil dhílis, conas faoin ngréin

Conas nár bhraitheas-sa tú le mo thaobh

A léireodh dom mo dhaille, a léireodh mé ar strae

Nach lag a bhí an bonn fúm is gan ach gaineamh fé?

 

Tá ’na chogadh anama, fuil is feoil ’briseadh síos

Tá creideamh agat nó is neamhchreideamh é, ní bhaineann neodracht le Críost

Is glic atá an namhaid, tá an dubh ’rainn ina gheal

An fhírinne ’nár gcroí ach an creideamh ar ceal.

 

Doirt do léas, doirt do léas ar ball

Doirt do léas, doirt do léas ar ball

Doirt do léas, doirt do léas ar ball

Ní fhéadfainn é a dhéanamh ’s mé liom féin

Ní léir dom mórán tá mé dall.

Tá mo chairde mar dhea faoi gheasa is léir

Féachann siad orm caol díreach is ar siad, “Bhuel, sin é é”

Agus samhlaigh an doircheacht atá anuas chugainn

Nuair iarrfar an bás ar Dhia is nach ligfear dóibh dul san uaigh

 

’Shiúirín, tharla aisling dom is inseoidh mé duit faoi

Bhís ag tarraingt uisce do d’fhear céile, agus tú ag fulaingt faoin dlí

Bhí tú ag insint dó faoin mBúda, is bhí tú ag insint dó faoi Mhachmad, d’aon anáil,

Ach níor luaigh tú uair amháin an Té a tháinig is mar choirpeach fuair bás.

 

Doirt do léas, doirt do léas ar ball

Doirt do léas, doirt do léas ar ball

Doirt do léas, doirt do léas ar ball

Ní fhéadfainn é a dhéanamh ’s mé liom féin

Ní léir dom mórán tá mé dall.

 

’Aingil dhílis, níl aon amhras ort faoim’ scéal

 An rud a thug Dia dúinn, ní raghaidh sé i léig

Táimid clúdaithe le fuil, agus ba dhaoir iad ár sinsir romhainn

Agus trócaire orthu ina n-uaigh ochón.

 

Is tú ríon gheal mo cholainn’, is tú mo bhean, is tú mo shéan,

Is tú lampa m’anama, san oíche ríméad

Ach tá foréigean sna súile, ná mealltar sinn arís

Ar ár mbealach ón Éigipt, is tríd an Aetóip, go halla breithiúnais Chríost.

 

Doirt do léas, doirt do léas ar ball

Doirt do léas, doirt do léas ar ball

Doirt do léas, doirt do léas ar ball

Ní fhéadfainn é a dhéanamh ’s mé liom féin

Ní léir dom mórán tá mé dall.

 

Buail na Cloig/ Ring them Bells

 

Buail na cloig, a bhodaigh

Ó chathair úd na néal

Buail na cloig ó na tearmainn

Thar na gleanntáin go réidh

Táid leathan táid domhain

Is an saol bunoscionn

Is an t-am ag rith ar gcúl

An bhrídeog leis is trua.

 

Buail na cloig, Naomh Peadar

Áit a séideann gaoth

Buail na cloig le do chrua-lámh

Chun go dtuigfidh gach n-aon

Ó tá ’na bhuaicthráth

Sa bhaile, ar an má,

Is tá fuineadh gréine i ndán

Don bhó bheannaithe bhán.

 

 

Buail na cloig, a Mharta.

Do mhac an bhochtáin

Buail na cloig chun go gcloisfidh cách

Aon Dia amháin

Ó an t-aoire tá fá shuan

An tsaileach faoi ghruaim

Is tá caoirigh an tslé’

’Dul amú.

Buail na cloig do na daill is bodhráin

Buail na cloig dúinn go léir atá ar fán

Buail na cloig do bheagán an áidh

’Thabharfaidh breith ar an gcóip nuair ’thagann an lá

Buail na cloig, ar eite, an t-am,

Páiste ’ligeann glam,

An neamhurchóid gann.

 

Buail na cloig, a Chaitríona

Ó do sheomra gach lá

Buail iad buail ón daingean

Don lile ’tá faoi bhláth

Línte – ’Dhia na bhFeart

Trodaireacht lán de neart

Is nil achar ann a thuilleadh

’dir ceart is mícheart.

– Tá Buail na Cloig/Ring them Bells: Tionscadal Gaspal Dylan á léiriú ag IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, in amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire ar an 18 Deireadh Fómhair. Is féidir ticéid a cheannach anseo.

Fág freagra ar '‘Ní mór duit a bheith umhal do dhuine éigin!’ ‘Gaspal’ Bob Dylan le craobhscaoileadh i nGaeilge…'

  • Feardorcha

    An mbeidh deireadh riamh leis??

  • Joe Breathnach

    Ach cathain a thosaigh a chuid staidéir ar an mBíobla? Iarradh air uair amháin, agus é fós ina fhichidí: “Cad é an leabhar a léigh tú riamh go ndearnadh an iomarca tábhact leis?” Agus dúirt sé: “An Bíobla.” Agus iarradh air an leabhar nach ndearnach an iomad tábhacht leis? Agus dúirt sé: An Bíobla.