‘Ní mór dúinn aird a choinneáil ar an nGaeltacht’, a deir Martin le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge

Pléadh 33 rún ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge, rún go mbunódh an eagraíocht oifig sa Ghaeltacht ina measc

‘Ní mór dúinn aird a choinneáil ar an nGaeltacht’, a deir Martin le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge

Níor cheart do lucht na teanga dearmad a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le caomhnú na Gaeltachta, a dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag an deireadh na seachtaine.

Agus an Ard-Fheis ar líne á seoladh aici, dúirt an tAire go gcaithfí a bheith “réidh” le freastal ar “phobail nua uirbeacha” na Gaeilge ach go gcaithfí aird a choinneáil ar an nGaeltacht.

“Ní mór dúinn a bheith réidh le freastal ar na pobail nua uirbeacha seo, mar atá á dhéanamh againn tríd an infheistíocht mhór in Áras Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, mar shampla.

“Ach is í an Ghaeltacht tobar an dúchais do na pobail uirbeacha seo sna bailte agus sna cathracha timpeall na tíre, agus níor chóir dúinn ár bhfócas ar an nGaeltacht a chailleadh dá bharr,” arsa an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Dúirt an tAire go raibh Plean Gníomhaíochta “uaillmhianach” don Ghaeilge á chur i bhfeidhm ag an Rialtas. Mhaígh sí go raibh an próiseas pleanála teanga “ag teacht faoi bhláth” sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Dúirt sí go raibh Bille Teanga nua atá “uaillmhianach ina chuid aidhmeanna” á thabhairt tríd an Oireachtas faoi láthair.

Glacadh ag an Ard-Fheis Dé Sathairn  le rún go mbunódh Conradh na Gaeilge oifig sa Ghaeltacht.

I measc na rún eile ar glacadh leo, aontaíodh go molfaí don Rialtas go gcuirfí coinníollacha ó thaobh na Gaeilge leis an maoiniú a fhaigheann RTÉ. Aithníodh i rún eile “an phráinn” a bhaineann le ceist na pleanála tithíochta sa Ghaeltacht.

De réir rúin eile aontaíodh go ndéanfaí níos mó chun a chinntiú go mbíonn deiseanna ag daoine sna  ‘Pobail nua in Éirinn’ an Ghaeilge a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh i saol na teanga. Ritheadh rún eile go leanfaí leis an stocaireacht chun a chinntiú go gcomhlíonfar na geallúintí faoin nGaeilge sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua ó thuaidh.

Glacadh leis an rún go mbeadh Ard-Fheis na bliana seo chugainn ar siúl san Aonach i dTiobraid Árann.

Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar an amhránaí aitheanta Seán Ó Sé a chas Óró Sé do Bheatha Abhaile chun clabhsúr a chur ar imeachtaí na hArd-Fheise.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh clár oibre na bliana leagtha amach ag baill na heagraíochta ag an Ard-Fheis.

 Ba léir a dúirt de Spáinn go raibh “gá dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta agus na straitéise Gaeilge ó thuaidh”.

Dúirt sé chomh maith go raibh “an-bhaol” ag baint le cur chuige na Roinne Oideachais maidir leis an dá chúrsa nua Gaeilge atá le tabhairt isteach don Ardteist. Bhí an chuma ar an scéal, a dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, nach bhfreastalódh na cúrsaí nua i gceart “ar an gcainteoir dúchais nó ar an gcainteoir lag”.

Fág freagra ar '‘Ní mór dúinn aird a choinneáil ar an nGaeltacht’, a deir Martin le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge'

  • Seanphort

    Níor mhór don rialtas tosú ag tabhairt aird ar Bhunreacht na hÉireann – ar Alt 1, Alt 8(1), ar Alt 15(4)1 agus 15(4)2. Dá ndéanfadh sé sin níor bhaol do theanga na Gaeltachta/na hÉireann.

  • padraig o gallachoir

    Má ta aird aici ar an ghaeltacht agus í dáirire fána shabhail-thiocfadh léi stad a chur lé tarraingt siar na seirbhisí pobail mar na hoifigí poist agus na bancanna.