Ní mór cuidiú le naíonra i gConamara ‘má táimid dáiríre’ faoi dheis a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta

Pléadh i nDáil Éireann aréir cás an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán a deirtear atá i mbaol a dhúnta

Ní mór cuidiú le naíonra i gConamara ‘má táimid dáiríre’ faoi dheis a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta

Dúradh i dTeach Laighean aréir go gcaithfear cuidiú breise a chur ar fáil don Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán i gConamara, más rud é go bhfuilimid “dáiríre” faoi seans a thabhairt do thuismitheoirí óga a gclann a thógáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Mairéad Farrell, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, a d’ardaigh ceist an ionaid Ghaeltachta, a deirtear atá i mbaol a dhúnta.

D’fhógair Bord Stiúrtha An Crann Taca/Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT) in Indreabhán an mhí seo caite go raibh ciorrú le déanamh ar chuid de na seirbhísí a chuirtear ar fáil ann agus nach mbeadh an t-ionad in ann feidhmiú ar chor ar bith mura n-éireodh leo bainisteoir nua a fháil roimh dheireadh na míosa seo.

“Tá an t-ionad tacaíochta teaghlaigh ar an bhfód ó 2009 agus bhí deacrachtaí éagsúla aige,” a dúirt Mairéad Farrell.

“Tuigim go raibh rudaí nua agus cabhair nó tacaíocht ón Rialtas a bhain le cúram leanaí ach tá an t-ionad anois an-bhuartha go mbeidh air a chuid doirse a dhúnadh ag deireadh na míosa.

“Ar ndóigh, tá go leor teaghlaigh sa cheantar faoi bhrú uafásach dá bharr mar tá 120 páiste ag freastal ar an tseirbhís seo go laethúil agus ní hé seo an chéad uair go raibh ar bhainisteoir an ionaid é a fhágáil.”

Dúirt Mairéad Farrell gur léirigh cás na Gaeltachta an gá atá le breathnú ar an íocaíocht a bhíonn á fáil ag daoine atá ag obair san earnáil luathoideachais.

“Chomh maith leis sin, caithfimid breathnú ar sheirbhísí sa Ghaeltacht ina n-iomláine chun a chinntiú go bhfuil an tacaíocht ann do dhaoine le bheith in ann obair sa Ghaeltacht.”

Dúirt sí go raibh tábhacht ar leith ag baint le cás theaghlaigh na Gaeltachta.

“Tá sé sin fíorthábhachtach, go háirithe má táimid i ndáiríre go bhfuilimid ag iarraidh go mbeadh teaghlaigh óga in ann a gclann a thógáil sa Ghaeltacht.”

Dúirt an Teachta Dála Seán Fleming, a d’fhreagair an cheist thar ceann an Aire Leanaí Roderic O’Gorman, go raibh an Rialtas ag cruthú go maith ó thaobh an luathoideachais de.

Ní hé an Stát a fhostaíonn daoine sna seirbhísí luathoideachais, a dúirt sé, agus mar sin ní fhéadfadh an Rialtas leibhéal pá na hearnála a shocrú.

Dúirt sé go raibh ceist an phá san earnáil á scagadh faoi láthair ag an gcomhchoiste saothair.

Maidir le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht, dúirt sé go raibh an Roinn Leanaí ag obair faoi láthair ar “ar phlean cuimsitheach don soláthar Gaeilge san earnáil”.

Dúirt Fleming, aire stáit sa roinn gnóthaí eachtracha, gur chóir d’aon seirbhís cúram leanaí atá i mbaol cabhair a lorg ón Choiste Contae agus Cathrach i gcúram leanaí. Tuigeadh dó, a dúirt sé, go raibh cás an ITT in Indreabhán á phlé le CCC na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Ní mór cuidiú le naíonra i gConamara ‘má táimid dáiríre’ faoi dheis a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta'

  • Pól Ó Braoin

    Déan eisceacht de sheirbhís den chineál sin atá ag feidhmiú i nGaeilge don phobal i ngaeltacht bheo mar Indreabhán, in ainm Dé. Cén sórt muid sa tír seo ar chor ar bith! Ní ceart fadhb dá laghad a bheith ag áit mar sin.

  • An Teanga Bheo

    Gaeilge faoi chois aríst go bhfóire Dia orainn……….. gá le gníomh cumasach go beo!