Ní hionann éisteacht le leabhar agus leabhar a léamh, ach…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní hionann an t-eispéireas ‘léitheoireachta’ a bhíonn agat agus tú ag éisteacht le scéal seachas a bheith á léamh, ach uaireanta ní féidir an closleabhar a shárú

Ní hionann éisteacht le leabhar agus leabhar a léamh, ach…

Is aoibhinn le cara de mo chuid closleabhair. Bím buartha fúithi. Bíonn sí ag siúl timpeall na cathrach agus a cuid cluasán mór uirthi, ag éisteacht le saothair de chuid Haruki Murakami den chuid is mó.

‘Bí cúramach agus tú ag trasnú an bhóthair!’ a deirim léi ach bíonn sí ag gáire fúm.

‘Dhá rud a dhéanamh ag an am céanna, sin é an fáth go bhfuil closleabhair ann,’ a deir sí liom.

Go deimhin, léiríonn taighde faoin earnáil gurb í an iltascáil a chuireann closleabhair ar do chumas a dhéanamh ceann de na príomhchúiseanna go bhfuil fás diamhair ar dhíolacháin chlosleabhar (sna Stáit Aontaithe, ní raibh an ráta fáis bliantúil níos ísle ná 10 faoin gcéad le 11 bliain anuas, agus luaitear luach $1.8 billiún leis an earnáil.)

Tiománaithe carr ag éisteacht le clos-scéinséir agus iad ag déanamh 120 ciliméadar san uair ar an mótarbhealach; chuirfeadh sé fonn ort gan páirt a ghlacadh sa trácht riamh arís – ach tá cúis eile ann nach bhfuilim féin meallta ag an gclosleabhar (agus a leathchúpla, an podchraoladh liteartha) ach go pointe.

Nuair a bhíonn leabhar clóite á léamh agat, is féidir leat na habairtí a fhuaimniú i d’aigne féin ar do rogha bealach. Is féidir leat béim a chur ar fhocal áirithe amháin seachas ar fhocail eile agus is féidir leat tuin chainte a shamhlú, leis. Mura dtaitníonn an toradh leat, is féidir leat an abairt a athléamh agus triail a bhaint as béim a chur ar fhocal eile, nó as tuin chainte éagsúil.

Ní hamháin nach mbíonn sé chomh héasca céanna athéisteacht a dhéanamh le habairt i gclosleabhar nó i bpodchraoladh agus a bhíonn sé athléamh a dhéanamh ar abairt chlóite (is féidir, ach go hiondúil bíonn ort athéisteacht le sliocht níos faide ná abairt amháin – 15 soicind mar shampla) ach ní bhíonn ar do chumas do rogha glórtha féin a bhronnadh ar na carachtair.

Má bhíonn an t-ádh leat, an t-údar féin a thaifead an closleabhar (ach ní hionann duine a bheith ina shárscríbhneoir agus an duine sin a bheith ina shárléitheoir.)

I ngach cás eile, guth-aisteoir a bheidh ag léamh an téacs agus beidh tú fágtha le glór agus le tuin chainte an ghuth-aisteora sin agus go deimhin leis an mbrí a bhain an duine sin as an téacs. Ní gá gurb ionann an chiall a bhainfeadh guth-aisteoir as téacs agus an chiall a bhí i gceist ag an údar, agus má bhí an t-údar débhríoch d’aon ghnó, beidh sé fíordheacair ar ghuth-aisteoir an méid sin a léiriú. Anuas air sin, ceann de na pléisiúir is mó a bhaineann leis an léitheoireacht, dar liom, ná gur féidir leat do bhrí féin a bhaint as an téacs – agus ní éireoidh leat é sin a dhéanamh agus tú ag éisteacht le closleabhar.

Sin ar fad ráite, níl rud ar bith níos fearr a thaitníonn liom tar éis lá fada ag breathnú ar théacs nó ar scáileán ná luí siar sa dorchadas agus éisteacht le podchraoladh liteartha nó le closleabhar; faoiseamh do na súile a bhíonn ann agus meabhraíonn sé nós an scéilín roimh dhul a chodladh dom.

Mar fhocal scoir, seo liosta a chuir Úna-Minh Kavanagh le chéile de chlosleabhair i nGaeilge atá ar fáil saor in aisce ar líne agus má bhíonn dúil agat sa phodchraoladh liteartha, b’fhiú triail a bhaint as an tsraith Bláth na dTulachatá á léiriú go paiteanta ag Réaltán Ní Leannáin agus ag Éabhlóid le tamall de bhlianta anuas.

Fág freagra ar 'Ní hionann éisteacht le leabhar agus leabhar a léamh, ach…'