‘Ní hin tada!’ a d’fhógair an Babaí, ‘chonaic mise ceithre láma’

Ar strae in áit eicínt i gcontae Luimnigh a bhí ár gcolúnaí agus gan mórán eolais eile thairis sin aici

‘Ní hin tada!’ a d’fhógair an Babaí, ‘chonaic mise ceithre láma’

‘An bhfuil tú imithe amú arís, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom. Bhí muid sa gcarr le trí huaire an chloig agus gan aon amharc ar an mbaile fós.

Is dóigh gur thug sí faoi deara na cnapanna i mo shúile is mé ag stánadh amach trí fhuinneoga an chairr ag guí go bhfeicfinn áit eicínt a d’aithin mé. 

‘Níl mé imithe amú!’ a d’fhreagair mé. Cé go raibh an ceart ar fad aici, bhí mé imithe amú is ní raibh barúil dá laghad agam cá ndeachaigh mé amú ná cén chaoi a dtiocfainn ar an mbóthar ceart arís. 

Ar strae in áit eicínt i gcontae Luimnigh a bhí muid. Bhí a fhios agam an méid sin. 

Bhí a fhios agam freisin go raibh muid gar go maith d’abhainn na Sionainne. Ní raibh aon gharraí le feiceáil nach raibh ag cur thar maoil le huisce. 

‘Tá mé bored!’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag, ‘is tá muid sa gcarr le fada.’ 

‘Cén bored atá ort, ar bhreathnaigh tú amach an fhuinneog? Breathnaigh ar an saol mór atá amuigh ansin!’. 

Is ansin a chonaic mé iad. Ceithre corr réisc ar an bhfara i gcrann beag lom a bhí ag gobadh aníos as uisce turlaigh i lár gharraí mhóir.

‘An bhfeiceann sibh iad sin?’ a d’fhiafraigh mé de mo chomrádaithe sa gcarr. 

‘Céard?’ a d’fhiafraigh siad. ‘Thuas sa gcrann sin thall, céard iad féin?’ 

Mhoilligh mé an carr. Ní raibh mé cinnte ar dtús nach suiteán ealaíne a bhí ann. Ceithre dheilbhín d’éanacha glasa ina seasamh ar ghéaga tiubha, ina bhfairtheoirí ciúine. Ach shíl mé ansin go bhfaca mé cleití á séideadh sa ngaoth.

De réir an bhéaloidis, seasann an corr réisc ar garda ag an ngeata atá idir an saol seo agus an saol eile. An raibh muid imithe níos faide amú ná mar a cheap mé, an raibh muid ar thairseach Thír na nÓg? Cén chaoi a ndeachaigh mé chomh fada sin ar strae ón N18?

Nó b’fhéidir go raibh dul amú eile orm, b’fhéidir gur málaí plaisteacha glasa a bhí iontu, is iad i bhfostú sa gcrann agus ag bolgadh sa ngaoth. 

‘Feicim iad!’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag. ‘Is éanacha iad, alright. 

Bhreathnaigh mé arís. ‘An bhfaca sibh corr réisc i gcrann riamh cheana?’ a d’fhiafraigh mé díobh agus iontas orm. Ní fhaca mé corr réisc in aon áit seachas ar bhruach abhann cheana, is iad i gcónaí ina n-aonar. 

‘Agus ceithre cinn acu? Meas tú céard a thug ansin iad?’. 

Mheas mé gur chomhartha de chineál éigin a bhí ann, agus shocraigh mé gur dea-chomhartha a bhí ann. 

‘Ní fhaca mé a leithéid cheana, nach iontach é sin a fheiceáil!’ a dúirt mé leo is mé ar thóir aontaithe. 

‘Ní hin tada!’ a d’fhógair an Babaí, ‘chonaic mise ceithre láma ag snámh i ngarraí uair amháin.’ 

Ní raibh aon súil agam leis an gcor seo sa scéal. ‘Ceithre láma?’ a dúirt mé.

‘Sin é, Mamaí,’ a dúirt sé. ‘Is bhí siad ag snámh i ngarraí mór a bhí lán le huisce.’ 

‘An bhfuil tú cinnte nach ceithre ‘eala’ a chonaic tú?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag dhe. 

Stop sé agus chuimhnigh sé air féin ar feadh meandair. ‘Tá mé cinnte,’ a deir sé. 

Fág freagra ar '‘Ní hin tada!’ a d’fhógair an Babaí, ‘chonaic mise ceithre láma’'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad, mar is nós… chonaic mé féin corr tráth 7 é in aice le locha beag i lár gorta :-)