Ní hé scandi noir chontae an Chláir is measa

Saothar bleachtaireachta ar nós na coda eile é ‘Blackshore’ ach tá a mhaitheasaí féin ag baint leis ag an am céanna

Ní hé scandi noir chontae an Chláir is measa

Saothar bleachtaireachta le bean sa phríomhról. Suan na muice bradaí, duairceas, uisce fé thalamh agus suíomhanna duairce. Tá tréithe faoi leith ag leanúint na saothar bleachtaireachta ar na saolta seo; Dublin Murders, The Gone, Smother, Acceptable Risk agus a lán eile nach iad. Iad ag sodar i ndiaidh mhúnla na saothar Lochlannach, an Scandi noir mar a deir an Béarla le rian na Fraincise. Saothar bleachtaireachta ar nós na coda eile é Blackshore (RTÉ1, Dé Domhnaigh), ach tá a mhaitheasaí féin ag baint leis.

Bleachtaire tiufáilte cumasach í Fia Lucey (Lisa Dwan) atá colscartha agus gafa lena cuid oibre.  Tá bonn agus gradaim buaite aici as feabhas a cuid oibre. Ag an am céanna tá achrann tarraingthe mar go bhfuil sí gafa thar fóir cúpla babhta leis an bhforéigean. Cinneann sí tabhairt faoin bhfód dúchais, áit ar thréig sí blianta ó shin mar gheall ar thragóid teaghlaigh. Is ansan a théann sí sáite i bhfiosrúchán faoi dhúnmharú mná, bean as an áit. Cad é uisce fé thalamh agus cúbláil i measc an phobail áitiúil. Tuigeann tú cad atá i gceist agam nuair a deirim go bhfuilimid taithíoch ar an múnla seo.

Bean ghiorraisc, chiotrúnta í Fia ná cuireann fiacail ann. An chéad lá agus í amuigh sa scuadcharr lena leathbhádóir Cian (Rory Keenan) fiafraíonn sí de canathaobh nach bhfuil aon dul chun cinn déanta aige sa ghairm. “An é go bhfuil tú leisciúil nó neamhábalta,” a fhiafraíonn sí. “An é go bhfuil tusa sotalach nó drochbhéasach,” a deir sé thar n-ais léi.

Tá tragóid fhoréigneach a teaghlaigh ag luí ar a croí is a haigne ó shin. Níl dearmad déanta ag an bpobal air ach an oiread agus cad é cogar mogar agus stánadh súl nuair a fhilleann sí. Cuirtear abhaile orainn go mb’fhéidir go bhfuil baint de shaghas ag an tragóid úd leis an dúnmharú is déanaí.

Tá Blackwater (Cill Dalua) i gcontae an Chláir agus mar is dual do shaothair san iomaire seo buailimid le meascán mearaí de charachtair áitiúla. Tá a rúin féin acu ar fad agus a gcúiseanna féin acu Róisín Hurley (Clara Fitzgerald), úinéir an óstáin áitiúil, a chur de dhroim seoil. An fear gustalach áitiúil a bhfuil leas san óstán aige agus gur leis drioglann fuiscí an teidil, fear ait bagrach [Dara Devaney] a bhfuil cailín a bhfuil amhras fúithi i ngéibheann aige, dealraíonn sé, agus a thuilleadh eile nach iad.

Tá a mhaitheasaí féin ag baint leis an gclár, carachtar suimiúil í Fia ina slí féin agus tugann Dwan taispeántas ábalta uaithi. Tá tacaíocht bhreá aici ó leithéidí Keenan, Devaney, Stanley Townsend  agus tá róil bheaga (go dtí seo ar aon nós) ag Siobhán O’Kelly agus Seán T. Ó Meallaigh. Ní théitear thar fóir le fothéamaí, ní bhailítear isteach an iomarca carachtar. Tá pléisiúr sa tsimplíocht.

Fág freagra ar 'Ní hé scandi noir chontae an Chláir is measa'