‘Ní ghéillfidh an DUP go deo maidir le hacht Gaeilge’ – Arlene Foster

Deir Arlene Foster gur bhunphrionsabal de chuid an DUP é nach ngéillfidh siad d’acht Gaeilge agus nach bhfuiltear sásta a leithéid a phlé fiú

Tá ráite ag ceannasaí an DUP Arlene Foster nach ngéillfidh a páirtí choíche d’acht Gaeilge.

Tagann an ráiteas seo ó cheannasaí an DUP sna sála ar ráiteas a rinne an Taoiseach Leo Varadkar an tseachtain seo go raibh súil ag rialtas na hÉireann agus na Breataine go gcuirfí tús le cainteanna chun Stormont a athbhunú san fhómhar.

Ag labhairt di ar The Nolan Show ar BBC Raidió Uladh inniu, dúirt Foster gur bhunphrionsabal de chuid a páirtí é nach ngéillfidís d’acht Gaeilge.

“Tugadh an méid sin le fios do Shinn Féin go minic ach tá cos curtha i dtaca acu ina thaobh, agus ag an am céanna tá an cuid eile de Thuaisceart na hÉireann curtha ar fuascailt acu,” a dúirt sí. 

Dúirt Foster go raibh pobal an tuaiscirt ag súil go rachadh an rialtas i mbun oibre arís agus chuir sí an milleán ar Shinn Féin as bac a chur le hathbhunú an Fheidhmeannais ó thuaidh.

Ag trácht ar ráiteas ó Shinn Féin gur cheart don dréachtmhargadh a bhí á phlé ag an dá pháirtí i mí Feabhra seo caite a bheith ina thúsphointe do chainteanna an fhómhair, dúirt Foster nach “margadh ciallmhar ná cothrom” a bhí ann an t-am sin agus nach bhféadfadh sí a shamhlú gur margadh ciallmhar ná cothrom a bheadh ann sa lá inniu. 

Thug ceannasaí an DUP le fios chomh maith nach raibh sí ar an eolas faoi aon phleananna maidir le cainteanna an fhómhair, seachas an méid a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar fúthu.

“Níor chuala muid aon rud ónár rialtas féin faoin cheist seo. An t-aon rud a chuala muid ná ráiteas ó rialtas na hÉireann,” a dúirt sí.

Dúirt Foster gur ábhar imní a bhí i ráiteas Varadkar toisc gur chuir rialtas na hÉireann “a ladar isteach” i gceisteanna a bhain le “rialtas inmheánach Thuaisceart na hÉireann amháin” sa bhabhta cainteanna is déanaí.

“I dtaca le ceisteanna inmheánacha Thuaisceart Éireann, bhí orainn a ndúshlán a thabhairt agus a rá leo gur ceisteanna iad do rialtas na Breataine agus páirtithe an tuaiscirt,” a dúirt sí.

Bhí Ceannasaí Shinn Féin, Mary Lou McDonald, faoi agallamh ar an chlár céanna agus cháin sí an DUP as moill a chur le hathbhunú Stormont.

“Is é fírinne an scéil, agus abraimis amach díreach é, loit an DUP an babhta cainteanna deireanach. Tá siad imithe i bhfolach in Westminster.”

Dúirt sí go bhféadfaí a bheith ag caint “ar feadh na síoraíochta” ach go raibh gá anois le gníomh.

I ráiteas a d’eisigh Ceannasaí Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill inniu, dúirt sí gur gá d’aon chomhaontú idir an dá pháirtí seasamh le “comhionannas, cearta agus meas ar chách”.

Dúirt O’Neill gur chúis díomá ráiteas Foster agus go raibh comhaontú socraithe i mí Feabhra, ach gur tharraing an DUP amach as.

Mhaígh sí sa ráiteas go raibh an DUP “ag leanúint orthu ag diúltú do chomhionannas pósta, do chearta teanga, cúram sláinte a léireodh tuiscint do mhná agus cearta na n-íobartach.” 

Tháinig deireadh le feidhmeannas Stormont 19 mí ó shin agus tá teipthe ar iarrachtaí Stormont a athbhunú ó shin. Bhí ceist an achta Gaeilge ar an dris chosáin is mó sna cainteanna ar theip orthu roimhe seo.

Fág freagra ar '‘Ní ghéillfidh an DUP go deo maidir le hacht Gaeilge’ – Arlene Foster'