Ní foláir do Chúige Chonnacht spiorad a léiriú

Má imríonn Cúige Mumhan leath chomh maith fiú agus a d’imir siad seachtain ó shin ní dóigh go mbeidh seans na ngrást ag na cuairteoirí

Ní foláir do Chúige Chonnacht spiorad a léiriú

Is fíor go ndearna Cúige Uladh, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan éachtaí agus iad ag imirt i mBabhta 3 den URC an deireadh seachtaine seo caite ach má rinne, is praiseach ar fad a rinne na Connachtaigh agus iadsan sa mbaile ar an mBóthar Beag Dé Sathairn seo caite.

Ba chúis náire cur chuige fhoireann Andy Friend, foireann a bhí gan treoir, plean ná sprid fiú agus iad á ligean iad féin síos go mór os comhair a lucht leanta dílis. Níl ach an t-aon bhua amháin as trí chluiche ag fir an iarthair i gcomparáid le bua i chuile chluiche atá slánaithe ag an trí chúige eile. Léiriú maith é sin ar an mbrú atá ar na Connachtaigh cheana féin i gcomórtas nach bhfuil ach ina thús. Ní ag laghdú a bheas an brú sin sa gcoicís atá romhainn mar beidh ar na Connachtaigh cur chun páirce i gcoinne na Mumhan agus Uladh.

Aréir chuir na hUltaigh chun páirce sa mbaile i gcoinne Lions na hAfraice Theas, foireann nár bhuaigh ach cluiche amháin as trí chluiche roimhe sin. Chaill siad ceann eile aréir agus an bua ag na hUltaigh 26-10.

Inniu beidh Cúige Laighean i gcoinne na Scarlets, foireann a fuair greadadh uafásach ó na Muimhnigh an Domhnach seo caite. Is deacair tada seachas bua eile do na curaidh a thuar, go háirithe agus iad ag imirt san RDS.

Seans gur ar an gcoimhlint a bheas ar fhód Thuamumhan trathnóna idir na Muimhnigh agus na Connachtaigh a bheas aird an domhain mhóir. Má imríonn foireann an bhaile leath chomh maith fiú agus a d’imir siad seachtain ó shin ní dóigh go mbeidh seans na ngrást ag na cuairteoirí. Sin muna dtagann feabhas iomlán ar chur chuige Chúige Chonnacht i chuile ghné dá gcuid imeartha. Cé go bhfuil ceithre athrú deag deanta ag na Muimhnigh ón foireann a d’imir seachtain ó shin seans go bhfuil bhfuil foireann níos laidre a chuir chun páirce acu amarach.

Ábhar iontais do go leor go raibh Andy Friend sásta seans eile a thabhairt do Jack Carty mar leath-chúil amuigh. Cuimhnigh gur chinn air an nasc sin idir thosaithe agus chúlaithe a dhéanamh an Satharn seo caite rud a d’fhág na Connachtaigh gan threoir, gan cheannaireacht. Ní hamháin sin ach theip air i gcúpla cic éasca rud a thug dóchas agus muinín do na Dragons. Is léir nach bhfuil an doimhneacht ó thaobh imreoirí ag na Connachtaigh, rud a theastaíonn le bheith san iomaíocht i gcomórtas sraithe den chaighdeán seo.

Fós féin, tá mise ag tuar aiséirí de shórt do na Connachtaigh.  Creidim nach bhfuil siad baileach chomh lag agus a léirigh siad i mBabhta 3. Ach is ceist eile an mbeidh an t-aiséirí sin sách dearfach chun stop a chur leis an bhfoireann is láidre sa gcomórtas go dtí seo.

Feicfidh muid linn, seans go bhfuil Cúige Chonnacht i gcruachás, ach seans freisin go mbeidh a lucht leanta sásta má léiríonn siad uaillmhian agus má imríonn siad le sprid, rud a bhí go mór in easnamh an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Ní foláir do Chúige Chonnacht spiorad a léiriú'