Ní fios go fóill an saothar zombaithe ar nós na coda eile a bheidh in ‘The Last of Us’

Tá HBO ag leanúint na conairte seachas ar thosach cadhnaíochta lena saothar is déanaí

Ní fios go fóill an saothar zombaithe ar nós na coda eile a bheidh in ‘The Last of Us’

Ba dhóigh leat go mbeadh ár sáith againn de shaothair zombaithe faoin tráth seo. Níl ach cúpla mí gafa tharainn ó bhailigh The Walking Dead leis i bhfad i ndiaidh a spriocdháta díola.

D’fhan Rick Grimes agus a chomrádaithe thar fhad na fáilte agus sinn ag iarraidh na heachtraí buile a leanúint thar aon séasúr déag agus 177 clár. In ainneoin na flúirsí sin gineadh dorn saothair ghaolmhara laistigh den domhan céanna agus tá dhá cheann ar na bioráin. Níl ansin ach cnuasach amháin, tá an iliomad saothar eile ar an scáileán beag agus mór gafa chugainn le deich mbliana anuas.

Is cúis mhórtais do HBO go dtugann siad saothair dhrámaíochta mheasúla ar an bport (The Sopranos, The Wire, Game of Thrones srl.). Bíonn siad ar thosach cadhnaíochta seachas i lár na conairte. Seo chugainn iad le saothar zombaithe, áfach, agus taoide na zombaithe imithe amach. Mar bharr ar an donas tá an tsraith theilifíse The Last of Us (NOW TV/Sky Atlantic, Dé Luain) bunaithe ar chluiche ríomhaireachta agus is annamh gur éirigh le tionscnaimh dá leithéid roimhe seo. Is fearr le daoine a bheith ag imirt cluichí ríomhaireachta seachas a bheith ag féachaint orthu.

Vae leo ar aon nós chuig domhan diostóipeach eile de chuid zombaithe. I réamh-mhír amháin címid eipidéimeolaithe (carachtar John Hannah in measc) ag cur díobh ar chlár cainte i 1968 faoi na dainséir a bhainfeadh le paindéim dhomhanda. Measadh is dócha go meallfadh seo an lucht féachana óir gur eipidéimeolaithe sinn ar fad tar éis Covid.

Níor chuir san puinn leis an scéal ach réamhrá beag a thabhairt don chéad réamh-mhír eile nuair sheoltar ar aghaidh chuig 2003 sinn. Buailimid leis an athair singil Joel (Pascal), a dheartháir agus a iníon a theitheann ó Austin, Texas nuair a bhuaileann paindéim an domhan. Fungas is cúis leis an gceann seo seachas víreas (faoi mar a bhíonn go minic) ach níl a fhios agam an ndéanfaidh sin puinn difríochta don scéal. I ndiaidh bás truacánta carachtair amháin seoltar ar aghaidh arís sinn, chuig 2023 an uair seo.

De réir na tuairiscí chaith HBO breis is $90m ar na naoi gclár atá sa chéad sraith agus tá na pinginí le feiscint sna maisíochtaí a chuireann an domhan diostóipeach ina steillbheatha os ár gcomhair. Ní raibh puinn radhairc ar zombaithe sa chéad ghála. Tá an tslí á réiteach dár laoch Joel. Tá sé anois buailte faoi i gcuid de chathair Bhostúin atá ar coraintín agus ballaí ag cosaint an phobail ó na harrachtaigh. Cuirtear meascán de charachtair os ár gcomhair, páirtí Joel, Tess (Anna Torv) agus an cailín óg Ellie (Bella Ramsey) ina measc. Léirítear dúinn go bhfuil imdhíonacht de shaghas ag Ellie agus go mbeidh ar Joel í a thionlacan i bhfad ó Bhostún le gur féidir teacht ar leigheas na paindéime.

Tá míreanna snasta aicsin is foréigin anseo agus ansiúd agus déantar an domhan diostóipeach a shamhlú go hábalta, gan aon rud úrnua a bheith le sonrú. Sé Pascal, príomhláidreacht an scannáin. Aisteoir caithiseach é a bhfuil teacht i láthair ar leith aige.  Ní haon dóithín í Ramsey ach an oiread. Cuimhnigh gurb í a bhí mar Lyanna Mormont in Game of Thrones agus rug sí barr bua ar aon duine a bhí in aon radharc léi sa saothar seo. Siad siúd a dhéanfaidh an chuid is troime den obair.

Ní fios go fóill an saothar zombaithe ar nós na coda eile a bheidh anseo ach tús réasúnta maith againn.

Fág freagra ar 'Ní fios go fóill an saothar zombaithe ar nós na coda eile a bheidh in ‘The Last of Us’'