Ní fhéadfaí ‘cluiche an gharastúin’ a thabhairt ar an sacar i nDún na nGall

Bhí cumann sacair cláraithe in Ard an Rátha in 1891 tá traidisiún láidir sacair sa chontae ó shin

Ní fhéadfaí ‘cluiche an gharastúin’ a thabhairt ar an sacar i nDún na nGall

Pat Crerand, Matt Busby agus George Best. Pictiúr: ©INPHO/Allsport

Cluiche an Gharastúin.

B’in a t-ainm a bhaist an chuid sin de mhuintir na tíre seo a raibh col acu leis an sacar air – iad ag tagairt gurbh iad na Sasanaigh a thug thar tír isteach leo é. Fiú 60 bliain ó shin agus iadsan imithe as na 26 contae, ba sna cathracha agus i mbailte móra ina raibh beairicí de chuid Arm na Breataine iontu tráth ba láidre a bhí an cluiche.

Ba é Contae Dhún na nGall an t-aon cheann nach raibh amhlaidh. Bhí cumann sacair cláraithe in Ard an Rátha in 1891 agus timpeall an ama sin bhuaigh foireann a raibh ‘Derrybeg Celtic’ orthu Corn an Chontae trí bliana as a chéile.

Faoin mbliain 1916 bhí na clubanna seo a leanas ann – Glenties United, Killybegs Emeralds, Maghery Shamrocks, Kincasslagh Rovers, Keadue Rovers, Kincasslagh Hibernians, Gweedore Guilds, mar aon le foirne a bhí ar an bhFál Carrach, ar an gCraoslach agus i mBaile na nGallóglach.

I nDún na nGall cluiche samhraidh ab ea an sacar den chuid ba mhó – traidisiún na himirce a d’fhág fir na tuaithe ansiúd ag triall ar Albain nó ar an Lagán ó fhómhar go hearrach ba mhó ba chúis leis sin – iad fillte in am lena gcuid curaíochta féin a dhéanamh timpeall na Cásca.

Ba láidre fós a bhí an sacar in oirthuaisceart an chontae. Le gairid féin atá peileadóirí as an gcuid sin den chontae le feiceáil ar fhoirne CLG an chontae – an sacar i bhfad níos láidre in áiteacha mar Ráth Mealtain, Ráth Maoláin agus Bun an Phobail.

Ní raibh oiread agus ionadaí amháin as Inis Eoghain ar an bpáirc nuair a bhuaigh Dún na nGall Craobh Peile Faoi 21 na hÉireann i 1982 ná go deimhin Corn Mhig Uidhir deich mbliana dár gcionn.

Ach go fiú sa gcontae tuaithe ba mhó a raibh tóir ar an sacar, bhí siad ann freisin a raibh dímheas acu ar ‘Chluiche an Gharasúin’, mar a léiríonn litir a foilsíodh sa nuachtán The Donegal Democrat ar an 23 Meán Fómhair 1921.

Dear Sir,

To exiled Donegal men who read your paper, or hear it read in houses where they gather, it is mighty humiliating to learn that, even in this great crisis in the struggle for Irishism, there are still in Donegal – in Townawilly above all – slavish creatures who ignore Gaelic football in order to propagate the British game. Still more is it humiliating to find one of your correspondents (in whom the slave-mind would not have been expected) justifying the degeneracy – “They have a right to play any game they like.” And to think that thousands of true men are suffering and dying to make such creatures free! It would be a crime to free them – and take away from them the chains that they hug.

Do Chara,

Seamus Mac Magnuis.

Níl aon seoladh leis an litir ach ní dhéarfainn go mba dhrochbhuille faoi thuairim a cheapadh go mba sa gceantar atá luaite aige a rugadh an Séamus seo – ó dheas de na Cruacha Gorma agus ar bhruach Loch Iascaigh.

Níl a fhios agam ach an oiread, más ar imirce a bhí sé nó ar fhill sé ar Thamhnaigh an Mhullaigh. Déanadh nó ná déanadh, bhíodar fágtha ina dhiaidh aige nach mbeadh thar a bheith buíoch dó as a chuid seanmóireachta faoi chúrsaí spóirt ná faoina thuairim nach raibh scríobh ná léamh acu ach an oiread.

Agus Mac Magnuis ag cur peann le pár, níl baol ar bith ann nach mba mhór an chabhair do Chumann Lúthchleas Gael gach a raibh ag titim amach i gcúrsaí polaitíochta na hÉireann. Os a choinne sin ba chonstaic a bhí ann don sacar agus do na spórtanna eile nach raibh faoi aon díon amháin sa 32 contae mar a bhí CLG.

Ag an am céanna níor cuireadh aon teorainn pholaitiúil trí cheartlár Dhún na nGall – fós mhair an deighilt tíreolaíochta idir an dílseacht don sacar agus don pheil Ghaelach ann go rabhthas domhain go maith isteach sa gcéad seo caite.

San achar sin chuir CLG struchtúr agus eagar ar a gcuid comórtas féin ar bhonn chontae. Ar an láimh eile, siocair go mba chluiche samhraidh den chuid ba mhó é an sacar, bhí an bhliain 1971 sroichte sular bunaíodh Sraith Sacair Dhún na nGall.

Fiú dá uireasa bhí an cluiche faoi bhláth agus Conallaigh ag imirt le foirne móra Shasana agus na hAlban. Faoi 1939 bhí imeartha ag cúigear as Dún na nGall i Sraitheanna Sacair Shasana – ina measc Billy Gillespie as an gCeathrú Chaol a bhí ina chaptaen ar Sheffield United a bhuaigh Corn an FA in Wembley i 1925. Ag muintir Bhleá Cliath amháin a bhíodh sin le rá ag an am.

Sa mbaile, is le himirt na ‘gCorn Samhaidh’ a bhain an chuid ba thábhachtaí de stair an tsacair i nDún na nGall nó gur cuireadh crot an lae inniu air. Tá na scéalta a bhaineann le cuid acu sa Táin.

Is beag de bhailte beaga Inis Eoghain nach n-eagraítí ceann ann – agus eagraítear fós. Scaipthe ar an gcuid eile den chontae bhí cinn faoi choimirce chlubanna agus bailte eile.

Ar mhaithe le hairgead a bhailiú don chumann nó do choiste áitiúil ba mhinice a eagraíodh iad ar dtús agus bhí oiread de thóir orthu agus go mbíodh suas le 5,000 duine i láthair lena bhfeiceáil.

Dá bharr sin bhíodh duaischistí toirtiúla ag dul leo agus iad ag méadú le himeacht ama. Bhí an Kennedy Cup i mBun an Phobail ar an gceann ba mhó le rá acu agus i 1963 bhí £2,000 dlite dá bhuaiteoirí siúd – méadaigh sin faoi 20 go bhfaighidh tú a luach inniu.

I lár an chéid seo caite dhéanadh na clubanna móra sacair anseo agus i Sasana laghdú ar phá fiú na n-imreoirí gairmiúla ab fhearr idir dhá shéasúr – cuimhnigh go mba £20 sa tseachtain an pá ba mhó a bhí ceadaithe dóibh de réir dlí i Sasana, gan le fáil acu idir dhá shéasúr ach £7 b’fhéidir.

D’fhág sin gur thosaigh plúr na n-imreoirí as Sraith na hÉireann ag cur suime i gCoirn an tSamhraidh mar aon le roinnt as Sasana agus tuilleadh fós as Albain.

Bhíodar ann freisin ar ndóigh a d’imríodh iontu mar go mba de bhunadh an chontae iad – Paddy Crerand arbh as Gaoth Dobhair a mháthair Sarah Tim Boyle agus as Cill Mhic Réanáin a athair Michael agus a dhuine muinteartha Charlie Gallagher, a bhásaigh níos luaithe i mbliana.

Níl a fhios agam céard a dhéanfaí inniu dá gcloisfeadh buaiteoirí Chorn na hEorpa (Glasgow Celtic 1967; Man Utd 1968) go raibh duine dá gcuid imreoirí ag dul chun páirce i gcomórtas ‘suarach’ (mar ba léir dóibhsean é) i nDún na nGall!

Beidh tuilleadh faoi sin agam an tseachtain seo chugainn nuair a bheas mé ag cur síos ar chleasaí de shagart a chuir púicíní, foilt bhréige agus caipíní ar chuid de na himreoirí ba cháiliúla ag an am sa gcaoi nach n-aithneofaí iad – agus an chaoi ar bhuaigh siad luach séipéil dó.

Fág freagra ar 'Ní fhéadfaí ‘cluiche an gharastúin’ a thabhairt ar an sacar i nDún na nGall'

  • Lillis Ó Laoire

    Is dócha gurb é Seumas McManus, an scríbhneoir, údar na litreach úd a Mhártain.
    https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=456