Ní fhaca mé mo mháthair le bliain, ní fada go mbeidh mé ar mo bhealach go dtí an t-aerfort…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Ní haon dóithín é taisteal trasna an Atlantaigh in aimsir an choróinvíris, ach ní fhaca ár gcolúnaí a mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, le breis agus bliain anuas

Ní fhaca mé mo mháthair le bliain, ní fada go mbeidh mé ar mo bhealach go dtí an t-aerfort…

Tá mo mhála á phacáil agam.

Faoin am a mbeidh an t-alt seo á léamh agat, beidh mé ar mo bhealach go haerfort Salvador, an chathair sa Bhrasaíl mar a bhfuil cónaí orm (agus nár fhág mé le breis agus bliain anuas) chun eitleán a thógáil trasna an Atlantaigh go Madrid na Spáinne, agus as sin go dtí an Ísiltír, mo thír dhúchais.

Ach is aisteach an rud é mála a phacáil mura bhfuil tú céad faoin gcéad cinnte go mbeidh an t-eitleán ag dul. Cuireadh m’eitilt ar athló trí huaire cheana féin ó cheannaigh mé an ticéad leathbhliain ó shin, a bhuíochas, ar ndóigh, leis an gcoróinvíreas.

Tá masc speisialta FFP2 ceannaithe agam. Tá glóthach alcóil i mo mhála. Níl mé ag bogadh amach as an teach mórán le cúpla lá anuas ar eagla go dtolgfainn gnáthshlaghdán (nó an Covid gránna den dara huair) agus nach ligfear dom dul ar bord.

Má imíonn an t-eitleán dáiríre an babhta seo, chuile sheans go mbeidh sé nach mór fúm féin agam. Eisceacht nó dhó as an áireamh, níl cead ag daoine taisteal idir an Bhrasaíl agus an Eoraip faoi láthair mura bhfuil cead cónaithe acu sa dá áit (rud atá agamsa.)

Éilíonn an Spáinn tástáil Covid-19 agus toradh diúltach uirthi (tástáil a rinneadh laistigh d’achar 72 uair an chloig roimh shroichint na teorann duit) ó éinne a thaistealaíonn go dtí an tír sin, ach tá sé deimhnithe ag údaráis sláinte na Spáinne dom nach mbeidh a leithéid á hiarraidh ar phaisinéirí a bhfuil nasceitilt acu chuig tír eile. Beidh an ríomhphost sin (cóip nó trí de, ar eagla na heagla!) á phriontáil amach agam.

I gcomparáid le héilimh na Spáinne, cúis gháire is ea an ráiteas sláinte a chaithfidh taistealaithe chun na hÍsiltíre a líonadh isteach. Cúpla tic sna boscaí cuí agus isteach leat! Tá an Ísiltír ar an tríú tír is mó san Eoraip a bhfuil cásanna nua á dtuairisciú ann faoi láthair, nach mór 10,000 cásanna gach lá. Dé Luain, fógraíodh dianghlasáil nua: beidh gach rud ach amháin na hollmhargaí, na bainc agus na cógaslanna dúnta go ceann míosa.

Rachaidh mé caol díreach chuig teach mo dheirféar i gcathair Amsterdam, áit a mbeidh mé i gcoraintín go dtí an Nollaig (ach oiread liom féin, bhí Covid-19 ar mo dheirfiúr agus ar a fear céile cheana féin agus is dóichí ná a mhalairt nach aon bhaol muid dá chéile.)

Ní haon dóithín é taisteal in aimsir seo an choróinvíris agus ar ndóigh tá sé saghas craiceáilte a bheith ag iarraidh taisteal ó áit nach bhfuil srianta dianghlasála ar bith i bhfeidhm faoi láthair go háit a bhfuil dianghlasáil chrua míosa díreach fógartha. Murach nach bhfaca mé mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, le breis agus bliain anuas ní thabharfainn faoin aistear ar chor ar bith. Ach tá sí ag dul i ndonas, agus cá bhfios nach é seo an seans deireanach a bheidh againn ar chomhrá ‘geall le ceart’ san fhíorshaol.

Fág freagra ar 'Ní fhaca mé mo mháthair le bliain, ní fada go mbeidh mé ar mo bhealach go dtí an t-aerfort…'

  • Stiofán

    Go dté tú slán ár do thuras abhaile Alex, Nollaig Shona dhuit agus go raibh maith agat.

  • John

    Is brea liom do chuid scríbhneoireachta a Alex, agus tá súil agam go mbeidh Nollaig síochánta suaimhneach agaibh.

  • Séamus Caomhánach

    A Alex,
    Guím gach rath ar do turas abhaile agus go raibh Nollaig mhaith agat le do mháthair.

  • Cathal Mac Coille

    Is beag cúis ghearáin ará ag ár bhformhór dáiríre, mar a thuigtear nuair a léann tú scéal crua Covid mar seo. Nollaig Shona shábháilte a Alex, duitse agus dod’ mhuintir thall agus abhus.

  • uinseann mac thómais

    molaim do mhisneach Alex. Gach rath ort agus do chlann don Nollaig.

  • Karen R.

    Bíodh turas sábháilte agat agus Nollaig mhaith duit. Ag guí cuairt lán le grá ort le do theaghlach agus le do mháthair go háirithe.