Alan Titley, scríbhneoir agus colúnaí
Is cuimhin liom iriseoir áirithe Béarla a bhíodh ardghlórach tráth den saol ag tathant go láidir gur cheart don rialtas abhus comóradh a dhéanamh ar na fir as Éirinn a throid sa chéad chogadh mór barbartha ar son impireacht na Breataine, go deimhin, seans gurbh é a thosnaigh an nós ‘saighdiúirí Éireannacha’ a thabhairt orthu. Ach toisc é a bheith go binbeach gránna in aghaidh Éirí Amach 1916 agus cogadh na saoirse a lean, rith rud amháin go deargoscailte soiléir chuige: ‘Ní féidir leis an stát comóradh a dhéanamh ar na daoine a throid ar a shon agus iad siúd a throid ina choinne, tá sé chomh simplí sin’. Tá sé chomh simplí sin.
Dá mb’fhéidir deighilt ghlan a dhéanamh idir na baill sin den RIC a bhailigh ceadúnais mhadraí, a dheimhnigh go raibh páistí ag dul ar scoil agus a chuir fíneáil ar dhaoine nach raibh solas ar a rothar acu, agus na baill eile sin a mharaigh Ard-Mhéaraí, a réab tithe as a chéile agus a chuir bailte trí thine, bheadh sin go hálainn, ach faraoir, ba mhinic gurbh iad na fir chéanna iad.
Agus rud eile dhe: maíonn an rialtas go bhfuil siad ag iarraidh a bheith uileghabhálach agus ionchuimsitheach agus inchlúisibh ar fad. Ach níl. Más é sin an port, agus sin é an port, ipso facto agus qed, ní foláir aitheantas agus comóradh a dhéanamh ar na hAuxilaries chomh maith, agus ar na Dúchrónaigh. Tar éis an tsaoil, nach cuid den stair iad, agus nárbh Éireannaigh cuid acu, leis?
Maidir leis an RIC go fairsing, b’fhearr léim isteach id mheaisín ama agus ceist a chur ar na daoine a cuireadh as seilbh le linn na gorta agus chogadh na talún. Bheadh freagra soiléir acu siúd.
Mo náire sinn nach féidir linn íobairt ghnáthphóilíní an RIC a aithint os ard
Eoghan Harris, scríbhneoir agus colúnaí
Mo náire sinn.
Bhíos ag léamh cuimhní cinn Denis Donoghue le déanaí, Warrenpoint (1990). Deirtear gur shaineolaí ar T.S. Eliot é agus náisiúnaí glórach ba ea é freisin ó thaobh pholaitíocht na hÉireann de. Ba Chiarraíoch a athair, de réir dealraimh, agus póilín san RIC. Tar éis 1922, fuair sé post leis an RUC trasna na teorann. Seo míniú a mhic, Denis, ar an scéal sin.
The RUC was obviously a Protestant organization, its chief aim to keep Catholics in check. The fact that my father was one of the few Catholics who joined the force is easily explained: he had no choice, no other job was available, and the RUC could not reject his application.
Rith sé liom go bhféadfaí an rud céanna a rá mar gheall ar phóilíní an Dublin Metropolitan Police agus an RIC idir 1916-1922. Tháinig a bhformhór ós na haicmí ísle, muintir an proletariat ab ea na gnáthphóilíní, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Ní raibh aon dul as ag a bhformhór ach leanúint ar aghaidh leis na póilíní tar éis 1919 nó glacadh le dífhostaíocht dá mbaileoidís as. Más ea, ba í an bhochtaineacht príomhthréith na bhfear seo. Agus ba leor sin dar le Dan Breen chun iad a dhaoradh chun báis. Is ait an rud é go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ómós a thabhairt do dos na hIrregulars ó 1922-23 a loit acmhainní an stáit nua – traenacha agus uachtarlanna ar fud na Mumhan ina measc – d’aon ghnó. Agus ní féidir linn daonnacht agus íobairt ghnáthphóilíní an RIC a aithint os ard? Rinneamar an botún céanna le saighdiúirí an Chéad Chogaidh Dhomhanda roimh óráid bhreá Sheáin Lemass i 1966. Níl aon Lemass againn fé láthair, is oth liom a rá! Mo náire sinn.
Dá gcuirfí an Rialtas Dúchais i bhfeidhm i 1912, bheadh seasamh eile ar fad acu
Dr. Mary Harris, Ceann BA le Stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Chomhlíon an Chonstáblacht Ríoga gnáthdhualgais phóilíneachta chun dlí agus reacht a chaomhnú, chomh maith le dualgais níos conspóidí in aimsir chorraíola faoin tuath agus i rith an fhrithdhúnta i mBaile Átha Cliath. GnáthChaitlicigh ab ea an chuid is mó acu, ach Protastúnaigh ab ea formhór na gcigirí contae. Gné shuaithinseach a bhain leis an RIC ab ea tábhacht na n-arm sa bhfórsa chun cur le smacht na Breataine ar Éirinn.
Sa mhéid go raibh siad ina gconstaic ar an tsaoirse agus ag obair leis na Dúchrónaigh agus na Póilíní Cúnta, ní bheidh mórán ag iarraidh urraim a thabhairt dóibh. Mar sin féin, níor thuig daoine agus iad ag dul isteach sa bhfórsa an baol a bheadh ann dóibh féin ar ball agus na roghanna deacra a bheadh rompu. Dá gcuirfí an Rialtas Dúchais i bhfeidhm i 1912, bheadh seasamh eile ar fad acu. Murach an chéad chogadh domhanda agus an tÉirí Amach, bheadh scéal eile ann freisin. Tuilleadh taighde agus comhbhá do dhaoine muinteartha na marbh atá ag teastáil.
Níor chuir aon duine na Dúchrónaigh anall, an RIC a d’earcaigh iad
Gearóid Ó Tuathaigh, Ollamh Emeritus le stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Níl aon bhunús le comóradh fé leith a bheith ann, comóradh eisiach do ghrúpa áirithe d’fhórsaí na corónach a bhí ag iarraidh an stát a bhí á bhunú a threascairt. Níl aon chiall leis sin ar chor ar bith.
Ón 2 Eanáir 1920 bhí na Dúchrónaigh á n-earcú agus dar ndóigh ba é an RIC, fórsa míleata a bhí armtha, a d’earcaigh iad. Níor chuir éinne anseo iad, bhí an RIC i gceannas ar an earcaíocht. Iad féin. Fórsa cúnta a bhí iontu.
Is deacair a thuiscint cad as a tháinig an smaoineamh comóradh faoi choimirce an stáit a dhéanamh an mhí seo ar chuid áirithe d’fhórsa na corónach a bhí ag iarraidh údarás Dháil Éireann agus institiúidí Dháil Éireann mar a bhí ag an am a threascairt. Is deacair a thuiscint cad é an bunús a bheadh le comóradh stáit ar a leithéid.
Níor cheart na castachtaí a bhaineann leis an RIC a ligean i ndíchuimhne
Síobhra Aiken, taighdeoir agus údar
Ba é an baol a bhain leis an gcomóradh stáit a bhí beartaithe don 17 Eanáir, a mbeadh an Garda Síochána i lár an aonaigh ann, ná go ndéanfaí beagní den nasc láidir idir Constáblacht Ríoga na hÉireann agus an foréigean coilíneach.
Bhí baint ag an RIC le cuid den fhoréigean ba mheasa a tharla le linn na réabhlóide, ar nós oll-loscadh Chathair Chorcaí agus Loisceadh Bhaile Brigín – gan trácht ar ionsaithe i gcoinne na mban.
Ach níor cheart na castachtaí a bhaineann leis an RIC a ligean i ndíchuimhne ach an oiread.
Ba Chaitlicigh den chosmhuintir iad formhór d’oifigigh an RIC agus mhair siad i bhfochair an phobail. Mar gheall ar an imeallú a rinneadh orthu agus ar a dteaghlaigh, d’éirigh níos mó ná 1,600 acu as an bhfórsa i 1920.
Tá dornán samplaí d’oifigigh a bhí báúil, b’fhéidir, le gluaiseacht na saoirse: chuaigh an Constábla Jeremiah Mee chun ceannairce in éadan a gceannairí i Lios Tuathail agus thug baill eile eolas go rúnda do Mhicheál Ó Coileáin. Is é an dúshlán atá romhainn anois ná na hinsintí éagsúla seo atá in iomaíocht lena chéile a chur i láthair an phobail go stuama, tomhaiste.
An Teanga Bheo
Is iomaí ionsaí a bhí ann tá an stair lán le comhhlintí
Seán Fennell
Ní thig Comóradh a dhéanamh ar an RIC, baint acu le dunmharú Mac Curtáin, slad, sleacht agus fiche rud eile, tá sé olc go leor ag comóradh ról Arm na Breataine in Éirinn le linn shéasúr na bpoipíní gach bliain.
Seo leibheál eile ar fad, Rialtas na hÉireann ag aithint ról Impireacht na Breataine agus ag dul buíochais. Seoiníní.