Ní féidir comhréiteach a dhéanamh le víreas dainséarach

An bhfuil ciall cheannaithe ag an rialtas agus againn go léir faoi dheireadh?

Ní féidir comhréiteach a dhéanamh le víreas dainséarach

‘Ní rabhamar ullamh,’ a dúirt an Taoiseach nuair a fiafraíodh de tráthnóna Déardaoin an raibh aiféala air nár chuir an rialtas srianta Leibhéal a Cúig i bhfeidhm deich lá roimhe sin.

Bhí cabhair don lucht gnó agus beartais eile rialtais nach raibh réidh an uair sin, arsa an Taoiseach, agus ceist a chuir an t-iriseoir Gavan Reilly air á seachaint aige. B’ionann a fhreagra áfach agus admháil nár cuireadh bailchríoch ar phleanáil an rialtais tar éis dóibh Plean na gCúig Leibhéal a fhoilsiú breis agus sé seachtaine ó shin.

Fiosrófar malltriall dá leithéid amach anseo. Faoi láthair is tábhachtaí an cur chuige a theastaíonn go géar anois ná an breithiúnas a thabharfar ar ball. Is fiú cuimhneamh i gcónaí, ar an gcomhairle a thug stiúrthóir éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) Mike Ryan i mí an Mhárta.

Is ar cheachtanna a d’fhoghlaim sé ón tslí inar tugadh aghaidh ar ráig den ghalar Ebola in iarthar na hAfraice idir 2014 agus 2016 a bhunaigh an Dochtúir Ryan a thuairim. Dar leis gur léir ónar tharla sa tréimhse sin go gcaithfí gníomhú gan mhoill agus aghaidh á tabhairt ar víreas ar bith.

“Más mian libh a bheith cinnte i gcónaí,” arsa an Dochtúir Ryan, “go bhfuil an rogha cheart á déanamh agaibh sula ndéantar í, ní éireoidh libh go deo… Sáraíonn luas foirfeacht, ach bíonn faitíos ar gach duine go ndéanfaidh siad botún. Is é an botún is mó a dhéantar gan gníomhú.”

Is léir do chách anois cén toradh a bhí ar dhrogall an rialtais déanamh go pras de réir na comhairle a thug an Dochtúir Holohan dóibh thar ceann NPHET dhá lá dhéag ó shin. Tá leathadh an ghalair imithe ó smacht ar fud an stáit agus minicíocht na gcásanna nua chomh hard nach féidir scaipeadh an víris a rianú níos mó.

Níl cinneadh déanta fós ag an rialtas agus an colún seo á scríobh faoin moladh a fuair an tAire Sláinte Stephen Donnelly Dé hAoine ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET). Faraor, is léir arís áfach an teannas agus an mhímhuinín idir na saineolaithe agus na polaiteoirí, rud a lagóidh an tarraingt le chéile agus rud nach gcuirfear an víreas seo faoi smacht go leigheasfar é.

Seo a leanas trí dhrochshampla:

  1. Cibé duine a sceith moladh NPHET Dé hAoine sular pléadh é leis an rialtas, spreagadh a thuilleadh faitís agus imní gan chúis dá bharr. Ní bheidh rath ar an gcaidreamh idir na saineolaithe agus an rialtas go dtí gur féidir leo labhairt go príobháideach lena chéile.
  2. Labhair an Tánaiste Leo Varadkar taobh amuigh de Thithe an Rialtais Dé hAoine (amhail is go raibh sé fós ina Thaoiseach) agus amhras faoi mholadh NPHET á nochtadh aige. Ní tuairimíocht phoiblí a theastaigh agus an Taoiseach sa Bhruiséil ach tost go mbeadh an scéal pléite agus tomhaiste.
  3. Baineann gach moill a chuireann an rialtas ar chinneadh, atá dosheachanta de réir na fianaise a chuireann NPHET faoina mbráid, an bonn den mhuinín náisiúnta a theastaíonn leis an lámh in uachtar a fháil ar an víreas. B’fhearr lenár bhformhór dianghlasáil a sheachaint, ach ba léir ó ardú na bhfigiúirí le seachtain go raibh, ar a laghad, srianta níos déine riachtanach.

Deirtear uaireanta nach mbíonn polaiteoirí i dtír ar bith toilteanach déileáil dáiríre le hathrú aeráide toisc gur comhréiteach a theastaíonn uathusan i gcónaí. Ach ar ndóigh ní dhéanann athrú aeráide comhréiteach le duine ar bith.

B’fhiú dúinn go léir smaoineamh, agus cur chuige nua ar bith in aghaidh an choróinvíris á phlé againn, gur cur síos den sórt céanna a oireann don Covid-19. Ní féidir riamh comhréiteach a dhéanamh le víreas dainséarach.

Fág freagra ar 'Ní féidir comhréiteach a dhéanamh le víreas dainséarach'