Cuireadh tús leis an sos cogaidh idir fórsaí Iosrael agus Hamas an deireadh seachtaine seo caite agus d’éirigh leis an dá pháirtí an chéad chuid den mhargadh a chur i gcrích. Tá an margadh a rinneadh beagnach mar a chéile leis an gceann a bhí ar an mbord ó bhí mí na Bealtaine 2024 ann.
Cé gur cuireadh moill ar thús an tsos cogaidh mar gheall ar na deacrachtaí a bhí ag Hamas agus iad ag iarraidh ainmneacha na ngiall a chur chuig na hIosraelaigh d’eirigh leis na páirtithe triúr giall Iosraelach agus nócha príosúnach Palaistíneach a mhalartú gan mórán deacrachtaí.
Seans gur comhartha maith é sindon chuid eile den chéad chéim ach an mairfidh an margadh go dtí an dara céim nuair a bheidh ar Hamas na gialla eile a scaoileadh saor agus nuair a bheidh ar an hIosraelaigh glacadh le sos cogaidh buan agus a gcuid trúpaí a tharraingt amach as Gaza go hiomlán?
Ábhar Dóchais
Cé gur éirigh le Hamas an triúr giall a mhalartú ag an deireadh seachtaine tá siad i bhfad níos laige anois agus níl siad ina n-eagraíocht láidir aontaithe amhail mar a bhí siad roimh an gcoimhlint seo. Tá a bport seinnte mar fhórsa míleata dlúth faoi láthair agus cé go mbeidh siad in ann trodaithe nua a earcú, beidh deacrachtaí acu eagar a chur orthu féin mar fhórsa troda agus beidh deacrachtaí acu údarás riaracháin a chur ar ais le chéile chomh maith.
Ach tabharfaidh siad tús áite dá n-iarrachtaí fórsa míleata a athbhunú agus seilbh a choimeád ar chúrsaí riaracháin agus údarás a chur ar ais le chéile a oiread agus is féidir leo as seo amach. Mar gheall air seo, agus cé go gcaillfidh siad na gialla mar mhír mhargántaíochta, beidh fonn orthu leanúint leis an margadh.
Nuair a d’eisigh príomh-aire Iosrael ráiteas díreach tar éis fógra an tsos cogaidh bhí an chuma air go raibh na hIosraelaigh ag lorg leithscéal ar bith chun filleadh chun catha. Níl dabht ar bith ann go bhfuil mionlach mór sa tír i gcoinne an mhargaidh agus beidh brú leanúnach ar an rialtas an sos cogaidh a bhriseadh.
Ach tá príomhaidhm eile ag na hIosraelaigh – dul i ngleic le ceist acmhainní núicléacha na hIaráine. Má mhaireann an sos cogaidh beidh siad in ann díriú go hiomlán air sin. Cuirfidh na teachtaireachtaí atá ag teacht ón rialtas nua i Meiriceá gur chóir dóibh díriú ar “fhadhb na hIaráine” leis an bhfonn atá ar Iosrael an aidhm sin a bhaint amach.
B’fhéidir dá bharr go mbeidh an rialtas in ann an brú inmheánach a sheachaint agus leanúint leis an margadh le Hamas i nGaza.
Ábhar Imní
Ach tá an scoilt in Iosrael chomh mór sin nach stopfaidh an eite dheas dá hiarrachtaí brú a chur ar an rialtas ionsaithe nua a sheoladh ar Gaza chun Hamas a chloí go hiomlán, rud nach féidir a dhéanamh de réir na bhfórsaí cosanta.
Cé nach bhfuil na mionsonraí maidir leis an dara céim den mhargadh leagtha amach go poiblí, tá sé ráite go leanfaidh malartú na ngiall agus na bpríosúnach ar aghaidh agus go gcuirfear tús le cainteanna faoi shos cogaidh buan.
Mar chuid den phlé sin beidh ar na páirtithe plé a dhéanamh ar cad a tharlóidh an ‘lá dár gcionn’ nuair atá an cogadh thart.
Ní ghlacfaidh na hIosraelaigh leis go mbeadh páirt ag Hamas in aon údarás nua a d’fhéadfadh a bheith ann agus beidh siad i gcoinne ról a bheith ag Údarás na Palaistíne chomh maith. Cheap urlabhraithe áirithe in Iosrael go bhféadfadh ról a bheith ag finte tábhachtacha Gaza ach dhiúltaigh na teaghlaigh sin don mholadh sin scun scan.
Anuas air seo níl comharthaí ar bith ann go mbeadh na tíortha máguaird toilteanach tabhairt faoin dúshlán go fóill. Cuireadh as an áireamh go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag na Náisiúin Aontaithe chomh maith.
Is deacair a shamhlú go mbeidh na páirtithe in ann teacht ar chomhaontú go luath, rud a chruthóidh níos mó teannais agus a chuirfidh leis an mbrú ón eite dheas filleadh chun catha agus an sos cogaidh a bhriseadh.
Cruthófar deacrachtaí eile don phróiseas chomh maith toisc go bhfuil fadhbanna eagraíochtúla agus cumarsáide ag Hamas agus iad níos laige ná mar a bhí siad. B’fhéidir gur léiriú a bhí sa mhoill ainmneacha na ngiall a chur ar aghaidh ar na deacrachtaí atá agus a bheidh acu as seo amach. Dá dtarlóidh deacrachtaí mar seo arís bheadh baol ann go n-imeodh cúrsaí ó smacht trí thimpiste agus go mbrisfeadh an sos cogaidh síos.
Anuas air sin toisc nach bhfuil aon údarás lárnach ag feidhmiú i nGaza faoi láthair, beidh sé deacair ar ghníomhaireachtaí cúnaimh agus carthanais idirnáisiúnta córais bhuana a bhunú chun cúnamh a dháileadh, rud a chuirfidh leis an mbaol go bhféadfadh cúrsaí imeacht ó smacht go tobann.
Cur i gcéill
Meastar, toisc go bhfuil sos cogaidh i bhfeidhm faoi láthair, go bhfuil an baol ann go dtapóidh na hIosraelaigh an deis chun feachtas nua a sheoladh sa Bhruach Thiar, rud nach dtabharfaidh aon fhaoiseamh do mhuintir na Palaistíne
Ina theannta sin, tá tráchtairí áirithe in Iosrael den tuairim nach bhfuil i gceist leis an gcéad chéim den mhargadh ach cur i gcéill ionas go scaoilfí cuid de na gialla saor agus go bhfaigheadh an rialtas faoiseamh gearrthéarmach sula rachadh siad chun catha arís sa stráice.
Feicfidh muid go luath sa dara céim, nó fiú roimhe sin, cé is láidre an fonn go scaoilfí saor na gialla eile, go leanfaí leis an sos cogaidh agus go ndíreofaí níos mó ar an Iaráin ná an fonn leas a bhaint as deacrachtaí thuasluaite mar leithscéal chun an sos cogaidh a bhriseadh.
Aonghus
Níl suim dá laghad ag Iosrael i sos cogaidh. Sí an aidhm a bhí acu riamh ná forlámhas iomlán d’fháil ar an bPalaistín agus, le Trump ar ais i gcumhacht ag gealladh buamaí ollmhóra chun Gaza ‘a ghlanadh amach’, tapóidh siad an deis clabhsúr a chur leis an sprioc sin.
Féach ‘Etnic Cleansing of Palastine’ leis an staraí Giúdach Ilan Pape.
Carraig
Ba mhéanar dúinn an foláireanh seo leanas a mheabhrú, tráth a bhfuiltear ag cuimhneamh ar an Uileloscadh inniu:
“Muna bhfuil an cine daonna sásta ceacht ar bith a fhoghlaim ón stair, sí an stair cheannann chéanna a bheidh sa mhullach orthu go brách.
Carraig
Rinne an IDF garsún óg 12 bhliain d’aois a lámhach Dé Luain seo caite i Raffah le linn dó bheith ag marcaíocht ar a asal. Scaoil siad leis an bhfear a rinne iarracht teacht i gcabhair air freisin.
Fágadh ansin é sínte marbh ar an mbóthar.
Níl ansiúd ach sampla amháin den
‘sos cogaidh’ dar le hIosrael.
Anois, dá mba Ghiúdach an leaid óg sin agus go mba Ghiúdach an duine úd a dhruid i leith chuige chun lámh chúnta a thabhaurt dó, cuimhnigh ar an bhfiúnach a bheadh á nochtadh ar na meáin ar fuaid na cruinne.
An scaoilfí na buamaí nua 200lb meáchana anuas ar mhuintir Gaza dá dheasca, a bhuíochas le Trump?
Ach gíocs ná míocs níl ag na meáin chéanna mar gheall ar an leaid sin, gan ach 12 bhliain d’aois aige, fuil mhairt á sileadh aige amach ar an gcré.
A asal gan chorraí in aice leis.
Mallacht Dé orthu!