Ní dóigh liom gur thuig mé i gceart céard is ‘éigniú’ ann gur léigh mé an aiste seo…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Nocht an scríbhneoir Junot Diaz an tseachtain seo gur éigníodh é nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois. Chuaigh an scéal i bhfeidhm go mór ar ár gcolúnaí

Ní dóigh liom gur thuig mé i gceart céard is ‘éigniú’ ann gur léigh mé an aiste seo…

Tá go leor á scríobh faoi éigniú na laethanta seo. Mionscrúdú á dhéanamh i gcúirteanna dlí, sna meáin agus ar na meáin shóisialta ar scéalta na n-íobartach. Scéalta uafáis á roinnt ag réaltaí scannáin agus amharclainne agus ag daoine nach réaltaí scannáin ná amharclainne iad ar chor ar bith faoin mana #MeToo.

Mná iad na daoine sin den chuid is mó.

Léigh mé cuid dá scéalta sin (faraor, tá barraíocht ann). Chuir siad míshuaimhneas orm, mar a chuirfeadh ar chách. Ach ní dóigh liom gur thuig mé i gceart céard is ‘éigniú’ ann – ar leibhéal na mothúchán – go dtí gur léigh mé aiste a foilsíodh in eagrán reatha na hirise The New Yorker, ina gcuireann an scríbhneoir Doiminiceach-Mheiriceánach Junot Diaz – fear – síos ar an eachtra a mhill a shaol féin. 

Seans go gceapfaidh léitheoirí áirithe anois gur rud ‘tipiciúil’ ag fear a mhaíomh ‘nár thuig sé riamh i gceart céard is éigniú ann’ go dtí gur mhínigh fear dó é. Déarfainn féin nach ‘tipiciúil’ ach gur loighciúil an rud é sin. Maithigí dom an ráiteas neamhbhalbh agus follasach seo, ach tá sé an-deacair rud éigin a shamhlú agus a thuiscint a tharlódh do bhall coirp nach bhfuil agat féin.

Tugann scéal Junot Diaz léargas cumhachtach ar an léirscrios a dhéanann éigniú ar shaol an íobartaigh, ach bhí dhá chúis eile ann go ndeachaigh a aiste ar an New Yorker i bhfeidhm orm go mór.

Ar dtús, tarlaíonn go bhfuil meas ar leith agam ar scríbhneoireacht Diaz ó phioc mé suas an chéad chnuasach gearrscéalta aige, Drown, i siopa leabhar Charlie Byrne’s i nGaillimh blianta fada ó shin, agus gan chúis ar bith eile agam ach gur mheall an clúdach mé. Dá n-iarrfaí orm, mar scríbhneoir, liosta a chur le chéile de na húdair is mó a raibh tionchar acu ar mo chuid scríbhneoireachta féin, bheadh Diaz gar don bharr. Ba é a spreag mo ghrá don ghearrscéal, do phríomhcharachtair fhireanna as ceantair faoi mhíbhuntáiste, d’abairtí gonta nach gcuireann aon fhiacail ann.

Scríobhann Diaz ina aiste ar an New Yorker gur úrabóras – nathair agus a eireaball féin á alpadh aige – a bhíonn sa tráma: go slogann droch-eachtra siar gach rud a tharla sular tharla an eachtra sin. Ar an gcaoi chéanna, beidh sé deacair saothar Diaz a léamh anois gan cuimhneamh ar an éigniú a bhain dó féin, ach nach ndéantar tagairt dó ina chuid scríbhneoireachta. Go háirithe tar éis dó an méad seo a rá ina aiste ar an New Yorker:

Somehow I was still writing—about a young Dominican man who, unlike me, had been only a little molested. Someone who couldn’t stay in any relationship because he was too much of a player. Crafting my perfect cover story, in effect. 

Ní hé go mbainfeadh an rún atá nochta anois ag Diaz aon cheo d’fheabhas a chuid scríbhneoireachta – níl ann ach go gcaitheann an t-eolas nua solas eile ar a chuid scéalta. Beidh orm a chuid leabhar a athléamh – ach ní haon phionós a bheidh ansin.

Agus sin í an tríú cúis go ndeachaigh ar scríobh Diaz ar an New Yorker an tseachtain seo i bhfeidhm orm chomh mór sin. Gearrscéalaí agus úrscéalaí den scoth é, ach scríbhneoir aistí den scoth é, leis. B’fhéidir gur ait an rud le rá é seo maidir le haiste faoi ábhar chomh tromchúiseach agus an t-éigniú, ach sárshampla atá inti de dhea-úsáid pharagraf agus aisfhilltí. Gné theicniúil í sin a léiríonn feabhas teiripeach na scríbhneoireachta, dar liom: a bhuíochas le hord agus eagar, cuireann an scríbhneoireacht ar chumas an scríbhneora smacht a choinneáil ar a chuid smaointe féin.

Fág freagra ar 'Ní dóigh liom gur thuig mé i gceart céard is ‘éigniú’ ann gur léigh mé an aiste seo…'