Ní cuimhin liom aon ráiteas eile a chuir an oiread déistin orm

Caithfear an polasaí tithíochta atá ann a athrú ó bhonn, agus caithfear fáil réidh leis an meon atá ag leithéidí Conor Skehan

Ní cuimhin liom aon ráiteas eile a chuir an oiread déistin orm

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

An bhfuil tusa ar an dream sin a bhíonn buartha faoi scéalta daoine gan dídean?  Ar ghoill sé ort go bhfuair Jonathan Corrie bás ar an tsráid ar a raibh sé ag cur faoi?

Ná bí buartha a thuilleadh mar tá sé fógartha ag iarcheannaire na hÁisíneachta Tithíochta, Conor Skehan, nach bhfuil fadhb ann is go bhfuil daoine áirithe ag maíomh go bhfuil siad gan dídean ar mhaithe le dul in airde ar an liosta feithimh ag na comhairlí áitiúla.

Sea, ag cleasaíocht leis an gcóras atá na daoine seo dar le Skehan, a bhfuil teach breá compordach aige féin.

Nach breá an rud é an t-eolas seo a bheith againn?

Ní gá duit a bheith buartha go bhfuair duine bás ar na sráideanna, nó go bhfuil os cionn 90,000 teaghlach ar liosta feithimh ag na comhairlí áitiúla.  Má tá cleasaíocht ar bun ag cuid téidís i dtigh an diabhail!

Ní dóigh liom gur léigh mé aon ráiteas riamh a chuir an oiread déistin orm agus a chuir an ceann sin ó Conor Skehan.

Seo fear a fuair tuarastal breá le comhairle a thabhairt don rialtas faoi cén chaoi deireadh a chur leis an bhfadhb easpa dídine is deir sé go bhfuil daoine gan dídean ag bualadh bob orainn.  Is cuma faoi na mílte a bheith curtha amach as tithe nó árasáin ar cíos, is cuma faoi na daoine a chaill a gcuid tithe toisc nach raibh siad in ann morgáiste a íoc nuair a chaill siad jab, agus is cuma faoi na daoine atá faoi strus ag an oiread sin deacrachtaí – deacrachtaí pearsanta is airgeadais. Is cuma faoi na daoine sin ar fad, mar gurb í an fhadhb ar cheart díriú uirthi ná daoine a bheith ag baint buntáiste as an gcóras.

In alt a foilsíodh san iris Village le deireanas, dúradh nach raibh ach 300 teach nua ag na húdaráis áitiúla ar fud an stáit don bhliain 2017.  Tá figiúirí eile ann a thugann le fios go dtógfadh sé 30 bliain, faoin ráta tógála atá ann faoi láthair, le soláthar a dhéanamh do na daoine atá ar na liostaí feithimh.

Ach ná bí buartha mar, dar leis an uasal Skehan, tá daoine gan dídean ‘gaming the system’.

I mo thuairimse, níl aon daoine gan dídean ag cur an dallamullóg ar aon duine, ach amháin, b’fhéidir, na hoifigigh sna háisíneachtaí nach bhfuil ag éirí leo tithe a chur ar fáil do dhaoine, ach atá lánsásta dímheas a chaitheamh orthu siúd atá gan dídean.

Breathnaímis ar na figiúirí. In 2016 tháinig 4,000 duine nua isteach sa gcóras mar gheall ar easpa dídine. D’imigh 3,000 as an gcóras, rud a d’fhág míle breise sa gcóras.  Ach as an 3,000 a d’fhág an córas, ba san earnáil phríobháideach a fuair aon trian díobh dídean agus lóistín ar cíos curtha ar fáil dóibh le cuidiú na hÍocaíochta Cabhrach Tithíochta (HAP). Is é sin le rá gur íoc an stát airgead poiblí go díreach le tiarnaí talún.

’Sea, tá os cionn €5.5 billiún caite ar thacaíocht cíosa don earnáil phríobháideach ó 2002 i leith, dar leis an Nevin Economic Institute.

’Sé fírinne an scéil ná go bhfuil polasaithe an rialtais i leith cúrsaí tithíochta ag cur iachall ar dhaoine áit chónaithe a fháil ar cíos ón margadh príobháideach.  Oireann sin, ar ndóigh, don aicme úd a bhfuil tithe acu le ligean ar cíos, agus nach ait gurb amhlaidh an cás, mar shampla, ag roinnt Teachtaí Dála.

Is fíor freisin go mbeidh an cíos ag síorardú mar gheall ar an éileamh a bheith ag ardú gan stad. Rud eile a oireann don tiarna talún, bíodh sé ina Theachta Dála nó ná bíodh.

Agus céard a tharlóidh do dhaoine a bhfuil áit chónaithe ar cíos ard acu nuair a bhaineann siad aois an phinsin amach.  Beidh orthu fós an cíos ard a leagfaidh an margadh síos a íoc.

’Sea, a dhaoine óga, tá bochtaineacht ar an mbealach.

Anuas air sin go léir, tá sé ag éirí níos deacra in aghaidh an lae teach a cheannach. Tá liostaí feithimh na gcomhairlí áitiúla ag fágáil daoine gan dóchas ar bith, ach teastaíonn 20% de luach an tí mar éarlais ar theach i mBaile Átha Cliath.

Tá na mílte fágtha sáinnithe.

Deir an tAire Tithíochta, Eoghan Murphy, go bhfuil sé meáite ar an scéal seo a réiteach agus bhí sé an-chúramach gan aontú go poiblí leis an Uasal Skehan.

Ach tá an margadh ag teip ar dhaoine ó thaobh tithíochta de, is tá an dualgas ar an stát na tithe atá ag teastáil a chur ar fáil mar a rinne na húdaráis áitiúla sna heastáit mhóra a tógadh sna blianta a caitheadh.

Ach chuige sin caithfear an polasaí atá ann a athrú ó bhonn, agus caithfear fáil réidh leis an meon atá ag leithéidí Conor Skehan i leith daoine gan dídean.

Fág freagra ar 'Ní cuimhin liom aon ráiteas eile a chuir an oiread déistin orm'

  • Brian-less

    Aontaím go hiomlán le hEoin.