Ní cosúil go gcuirfidh an dlí aon bhac ar iarracht Trump filleadh ar an Teach Bán

Bealach amháin nó bealach eile, is cosúil gur athimirt ar an gcoimhlint idir Biden agus Trump in 2020 a bheidh i dtoghchán 2024

Ní cosúil go gcuirfidh an dlí aon bhac ar iarracht Trump filleadh ar an Teach Bán

Sé mhí ón deireadh seachtaine seo ar an 15 Eanáir 2024 beidh an chéad réamhthoghchán suntasach sa rás le hiarrthóir a roghnú don pháirtí poblachtach sna Stát Aontaithe. Bíonn pobal stát Iowa thar a bheith práinneach as a gcuid cácas [caucuses] agus cuirtear suim i gcónaí sa mbreithiúnas a thugann pobal an stáit ar na hiarrthóirí.

Tá an oiread tábhachta leis an réamhthoghchán seo go bhfuil Donald Trump in Iowa cheana féin an tseachtain seo ag stocaireacht. Seo stát poblachtach caomhach a bhfuil tacaíocht go leor ann do Trump agus dá pháirtí. Tá gobharnóir an stáit, Kim Reynolds, cáinte go fíochmhar ag Trump mar gur dhúirt sí go dteastaíonn uaithi bheith neodrach faoin iomaíocht idir Trump agus a chéilí comhraic don ainmniúchán.

Tá Trump ag déanamh gaisce ar feadh na seachtaine as a bhfuil déanta aige le tacú le tionscal na talmhaíochta agus feirmeoirí Iowa. Sin ceann de na rudaí is mó a bhaineann leis na réamhthoghchán seo – caithfidh tú bheith in ann maíomh go bhfuil aird ar leith agat ar riachtanais na ndaoine a bheidh ag tabhairt breithiúnais ort.

Nach aisteach, mar sin féin, gur ar fheirmeoirí Iowa agus an soláthar eatánóil a chuireann an stát ar fáil atá an díospóireacht dírithe. Níl caint ar bith in Iowa ar an Ard-Ghiúiré atá curtha faoi mhion an tseachtain seo i Georgia, Ard-Ghiúiré a thabharfaidh breithiúnas ar na céadta cáipéis atá á gcur mar fhianaise go ndearna Trump iarracht toradh thoghchán na huachtaránachta in 2020 a chur ar neamhní go calaoiseach.

Tá súil ag foireann Trump, má éiríonn leo, ar an mbonn go bhfuil an iomarca ábhair le scrúdú agus go bhfuil an baol ann nach bhfaigheadh sé éisteacht chóir dá gcuirfí ar a thriail é ag an tráth seo, nach mbeidh aon triail ann go dtí tar éis an toghcháin i mí na Samhna an bhliain seo chugainn. Mí na Nollag i mbliana an dáta atá leagtha amach faoi láthair don chás áirithe sin.

Idir an dá linn tá an t-abhcóide speisialta Jack Smith ag leanacht lena chuid oibre. Beidh tuilleadh fógraí faoi chúiseanna á ndéanamh aige sna míonna seo romhainn, meastar.

Glactar leis, idir an dá linn, nach féidir an ceann is fearr a fháil ae Trump sna réamhthoghcháin. Tá na pobal a thacaíonn leis dall ar na cúiseanna agus na cásanna seo ar fad, más fíor. Níl tada sa dlí a chuirfeadh cosc air bheith ina Uachtarán fiú agus é ciontaithe i gcoir. Má bhíonn sé ciontaithe féin is féidir leis maithiúnas a thabhairt dó féin a luaithe agus a bheidh sé tofa. Sin an tuairimíocht anois sna meáin i Meiriceá.

Bealach amháin nó bealach eile, is cosúil gur athimirt ar an gcoimhlint idir Biden agus Trump in 2020 a bheidh i dtoghchán 2024. Tugann sé sin brí nua don deighilt idir an pholaitíocht agus an córas dlí.

Fág freagra ar 'Ní cosúil go gcuirfidh an dlí aon bhac ar iarracht Trump filleadh ar an Teach Bán'

  • An Teanga Bheo

    Nach $$$$ agus airgead £££ é an áit sin i gconaí.