Níl cás réasúnta in aghaidh an reifrinn a reáchtáil na gearáin faoin Tionól Saoránach

Beidh an t-athrú a chaithfear vóta faoi sa reifreann ag teacht le moltaí an choiste Oireachtais a scrúdaigh an scéal. Is faoin bpobal atá sé rogha a dhéanamh...

Níl cás réasúnta in aghaidh an reifrinn a reáchtáil na gearáin faoin Tionól Saoránach

Tá trua tuillte ag cathaoirleach an Tionóil Saoránach, an breitheamh Mary Laffoy. Díreach mar atá trua agus meas tuillte ag formhór mór chomhaltaí an Tionóil a roghnaigh an comhlacht suirbhéireachta Red C ar bhonn ceart ionadaíoch. Ní orthu sin atá an milleán go ndearnadh praiseach de roghnú chomhaltaí áirithe den Tionól.

Le bliain go leith anuas, tá an breitheamh agus 99 comhalta den Tionól Saoránach ag breithniú an Bhunreachta agus ag vótáil ar mholtaí éagsúla go leasófaí é. Is í an tuairisc inar mhol siad aisghairm an ochtú leasú ar ghinmhilleadh an tuairisc is mó a tharraing aird, ach tá go leor ábhar eile pléite agus á bplé acu i gcónaí.

Is féidir fiúntas an Tionóil mar fhóram athbhreithnithe agus díospóireachta a lochtú, ach tá saothar fada gan chúiteamh déanta ag na comhaltaí, agus ábhar tomhaiste machnaimh curtha ar fáil acu.

Faraor, ní leasú ar an mBunreacht ach roghnú lochtach comhaltaí a bhí faoi chaibidil sa phreasráiteas a d’eisigh an Tionól Dé Céadaoin. (Is féidir é a léamh anseo)

Ní ar bhonn ceart ionadaíochta a d’aimsigh Red C, an comhlacht a aimsíonn comhaltaí an Tionóil, seachtar comhaltaí nuair a chuir an Tionól in iúl dóibh i mí na Nollag agus i mí Eanáir go raibh seachtar comhaltaí ag éirí as. Is ionann bonn ‘ionadaíoch’ sa chás seo agus modh roghnúcháin a bheadh ar aon dul leis an modh a úsáideann comhlachtaí pobalbhreithe chun sampla ionadaíoch den phobal a cheistiú.

Is léir an t-ábhar imní a dhúisíonn ráiteas an Tionóil, chomh maith le deimhniú Red C nár chuir lochtanna den sórt céanna isteach ar earcaíocht eile a rinneadar i gcomhair an Tionóil. D’aimsigh earcaitheoir ón gcomhlacht an seachtar le cabhair ghaolta agus chairde. Dúradh leis an seachtar ó shin nach mbeadh cead acu a bheith páirteach in imeachtaí an Tionóil.

Ní chuireann ráitis go bhfuil gach rud i gceart (nó sa chás seo, beagnach gach rud) gach duine ar a suaimhneas de ghnáth murar léir go bhfuil an scéal fiosraithe go neamhspleách.

Sin ráite, ní cóir beag is fiú a dhéanamh den deimhniú a thug an Breitheamh Laffoy sa ráiteas a d’eisigh sí faoin roghnú lochtach:

“The Chair is satisfied that this has no impact on the work of the Assembly on previous topics or on its final topic.”

Clúdaíonn deimhniú an Chathaoirligh mar sin na tuairiscí go léir a phléigh an Tionól sular cuireadh iad faoi bhráid an Oireachtais. San áireamh: an tuairisc inar mhol an Tionól anuraidh go n-aisghairfí an t-ochtú leasú ar an mBunreacht agus go gceadófaí ginmhilleadh faoi choinníollacha áirithe.

Tá sé ráite cheana féin ag Cora Sherlock ón bhFeachtas ar Son na Beatha agus ag an Teachta Dála Éamon Scanlon go dtarraingíonn an scéal seo amhras ar an reifreann atá beartaithe ag an rialtas agus gur chóir é a chur ar ceal.

Sa Dáil Déardaoin, chuir an tAire Sláinte Simon Harris i gcuimhne do Scanlan go raibh ginmhilleadh agus an t-ochtú leasú pléite ó shin ag coiste uilepháirtí agus go mbeadh deis ag an bpobal tuairim a nochtadh sa reifreann.

Níl cás réasúnta in aghaidh an reifrinn a reáchtáil atá sna gearáin faoin Tionól a rinneadh go dtí seo. Cibé locht a bhí ar roghnú na gcomhaltaí, phléigh coiste uilepháirtí an scéal ó shin . D’fhoilsigh móramh ar an gcoiste tuairisc a mhol go reáchtálfaí reifreann. Dar leo gur chóir go gceadófaí ginmhilleadh i gcásanna áirithe.

Beidh an t-athrú ar a vótálfar sa reifreann ag teacht le moltaí an choiste. Is faoin bpobal atá sé rogha a dhéanamh. Más amhlaidh atá, bíodh.

Fág freagra ar 'Níl cás réasúnta in aghaidh an reifrinn a reáchtáil na gearáin faoin Tionól Saoránach'

  • Seán Mac Gearailt

    Chuile sheans go bhfuil an ceart ag an Breitheamh Laffoy nuair a deir sí “this has no impact on the work of the Assembly”. Bhí a fhios ag na daoine a ghairm an Tionól an chéad lá riamh an toradh a bhí uathu agus iontas na n-iontas b’shin an toradh a fuair siad.

  • Mánus

    Mo náire thú Colm Mac Coille. Thug tú nasc don ráiteas a scaip an Tionól Saoránach i mBéarla amháin in ainneoin dualgas ar eagraíochtaí Stáit ráitis sa dá theanga oifigiúil Stáit a eisiúint. An nglacann tú leis gur saoránaigh den dara ghrád sinne lucht labhartha na Gaeilge?
    An é polasaí oifigiúil Tuairsc.ie tacú le ráitis i mBéarla amháin ó eagraíocht Stáit?
    Tá an Coimisinéar Teanga cráite ag ráitis i mBéarla amháin ó na heagraíochtaí Stáit. Cuireann an nasc i mBéarla lagmhisneach orainne go léir atá ag steachailt ar cearta teanga a bhaint amach sna 26 Condae. Níl ach cúpla seachtain ó shoin gur meabhraigh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUiginn do saoránaigh na hÉireann nach leor don Taoiseach An Ghaeilge a labhairt ach nach mór dó cearta teanga a sholáthair.
    A Choilm Mhic Coille an bhfuil sé i gceist agat muid a mhaslú ar an gcaoi seo arís? Seachas glacadh le ráitis i mBéarla amháin ó eagraíocht Stáit ba chóir duitse agud do “thuairisc.ie” an fhaillí náireach eile seo a nochtú don saol mór.