Ní ceadmhach íocaíocht bhreise d’Aire na Gaeltachta as a bheith ag bord an Rialtais

Thug an tArd-Aighne, Seamus Wolfe, le fios nach ceadmhach an liúntas breise €16,288 a íoc ach le beirt den cheathrar airí stáit a bhíonn ag freastal ar chruinnithe rialtais

Ní ceadmhach íocaíocht bhreise d’Aire na Gaeltachta as a bheith ag bord an Rialtais

Ní bheidh aon íocaíocht bhreise á fáil ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh as áit a bheith aige mar Phríomh-Aire ag bord an Rialtais.

De réir tuarascála de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí, atá bunaithe ar threoir an Ard-Aighne, ní ceadmhach an liúntas breise €16,288 a íoc ach le beirt den cheathrar airí stáit a bhíonn ag freastal ar chruinnithe rialtais, Finian McGrath agus Paul Kehoe.

De réir na reachtaíochta, níl cead ach ag beirt de na hAirí Stáit a cheapann an Taoiseach freastal ar chruinnithe rialtais.

Cáineadh an Taoiseach Leo Varadkar nuair a d’fhógair sé go mbeadh an cead sin ag ceathrar – McHugh, McGrath, Kehoe, Mary Mitchell O’Connor – agus dúirt iar-aire na Gaeltachta Éamonn Ó Cuív le Tuairisc.ie ag an am gur “raiméis a bhí ann” agus go raibh “mí-úsáid á baint as an mBunreacht”.

€124,439 in aghaidh na bliana a íoctar le hairí stáit agus ceadaítear liúntas breise do na hairí stáit a bhíonn ag freastal ar chruinnithe rialtais, nó ‘super juniors’ mar a thugtar orthu.

Ach de réir bhreith an Ard-Aigne ní ceadmhach an liúntas a íoc ach le beirt, rud a fhágann nach mbeidh Aire Stáit na Gaeltachta ná an tAire Stáit don Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor i dteideal na híocaíochta breise toisc go bhfuil sí á fáil ag an mbeirt a bhí ag bord an Rialtais rompu – An tAire Stáit sa Roinn Sláinte Finian McGrath agus an tAire Stáit sa Roinn Cosanta, Paul Kehoe.

Ní raibh an liúntas €16,288 á íoc le Joe McHugh toisc gur iarr sé nach ndéanfaí a leithéid nó go mbeadh soiléiriú ann faoi cheist na n-íocaíochtaí breise.

De réir na tuarascála, ba cheart don Aire Coimirce Sóisialaí Regina Doherty an t-airgead a íocadh mar liúntas breise léi siúd nuair a bhí sí ina Príomh-Aoire a íoc ar ais leis an státchóras.

Dúirt Regina Doherty go raibh sí “sásta” an méid sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Ní ceadmhach íocaíocht bhreise d’Aire na Gaeltachta as a bheith ag bord an Rialtais'