Ní cabhair do chách ach faoiseamh do theaghlaigh bhochta a theastaíonn 

Is ar dhaoine bochta atá an brú is mó, ach rachaidh an chuid is mó de na faoisimh chun tairbhe do gach duine sa tír idir shaibhir agus daibhir

Ní cabhair do chách ach faoiseamh do theaghlaigh bhochta a theastaíonn 

Tá an saol á chasadh bunoscionn ag ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ní féidir ach barúil a thabhairt faoin athrú iomlán a chuirfidh an doirteadh fola fíochmhar thall i gcrích.

Tá rud amháin soiléir cheana féin áfach. Ní féidir le duine ar bith a bheith cinnte go dtiocfaidh an tuar faoina thairngreacht, dá chúramaí í. Ní dheimhníonn cogadh fiáin rud ar bith ach bás, brón agus riachtanas as cuimse.

Sin, agus éiginnteacht.

An 10 Feabhra, nuair a d’fhógair an rialtas deontas leictreachais €200 agus beartais eile a d’ísleodh an costas maireachtála, mhaígh Sinn Féin agus páirtithe eile sa bhfreasúra nach raibh i gceist ach sop in áit na scuaibe. Dar leo nach gcuideodh siad dáiríre le daoine a bhí i gcruachás.

Dúirt airí éagsúla nárbh acmhainn don rialtas faoiseamh níos mó a thairiscint, agus nach mbreithneofaí beartais eile go mbeadh an buiséad á leagan amach sa bhfómhar. Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohue nach raibh mionbhuiséad beartaithe, mar a theastódh mar shampla chun rátaí leasa shóisialaigh a ardú.

D’imigh sin agus tháinig seo ó chuaigh fórsaí na Rúise thart teorainn isteach san Úcráin. Trí seachtainí tar éis d’airí beartais eile a chur as an áireamh, d’fhógair an rialtas laghdú ar an dleacht ar bhreosla cé gur le buiséad amháin a athraítear rátaí dá leithéid. Sheas Paschal Donohue sa Dáil Dé Céadaoin agus rún á mholadh aige a chuirfeadh laghdú 20 cent ar lítear peitril agus laghdú 15 cent ar lítear díosail i bhfeidhm.

Cháin páirtithe an fhreasúra agus Teachtaí neamhspleácha an dá fhógra agus an gearán céanna le cloisteáil uathu go léir fiú nuair nár aontaigh siad maidir le sonraí. Ní leor na hathruithe dar leo mar fhaoiseamh ón mbrú atá an boilsciú (5.6 faoin gcéad in aghaidh na bliana, de réir an áirimh is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh) a chur ar dhaoine atá ar ioncam íseal. Nó daoine bochta, mar a thugtaí orthu fadó.

Ní réiteofar go deo an argóint pholaitiúil faoi an leor beartais an rialtais, ach dúisíonn cuid mhór den laghdú ar an gcostas maireachtála (ar a gcaithfear 825m san iomlán) a d’fhógair an rialtas ceist níos bunúsaí.

Is ar dhaoine bochta atá an brú is mó, ach rachaidh an chuid is mó de na faoisimh chun tairbhe do gach duine sa tír idir shaibhir agus daibhir. Go deimhin, ní chuideoidh an laghdú ar an dleacht ar bhreosla le mórán daoine bochta toisc nach acmhainn dóibh carr a cheannach agus a choinneáil ar an mbóthar.

Chuir Louise Bayliss ón ngrúpa SPARK* a labhraíonn ar son tuismitheoirí singile a gcás go beacht ar Morning Ireland ar RTÉ Dé hAoine. Ghlac sí leis gur tairgeadh an deontas leictreachais 200 do chách ionas go gcuirfí an t-airgead ar fáil gan mhoill.

Tá brú chomh mór áfach, dar léi, ar roinnt tuismitheoirí bochta anois go bhfuil siad ag staonadh ó bhéilí chun dóthain bia a sholáthar dá bpáistí.

Teastaíonn faoiseamh anois a dhírítear ar daoine atá i gcruachás, a dúirt Louise Bayliss, agus an ceart aici. Neartóidh an brú atá boilsciú ginearálta agus Vladimir Putin araon a chur ar an státchiste a cás sna míonna atá romhainn.

Ba chóir go mbeadh leas bainte ag an rialtas roimhe seo as liúntais leanaí, as an gcóras leasa shóisialaigh, agus as athruithe ar an gcóras cáin ioncaim chun teacht i gcabhair ar dhaoine bochta. Thugadar sampla de scéim a dhírítear ar aicme áirithe Dé hAoine agus ciste €18m á chur ar bun chun fóirithint ar iompróirí lastais.

Ní féidir athruithe dá leithéid a chur i bhfeidhm gan buiséad nó mionbhuiséad a dhréachtú – rud nach ndéantar de ghnáth ach i gcás géarchéime. Faraor tá an ghéarchéim ag cur as do mhórán cheana féin, agus ag teannadh le mórán eile. Mura bhfuil faoiseamh agus cabhair a dhíreofar ar an aicme sin den phobal, agus ar an aicme sin amháin, beartaithe cheana féin, ba chóir go mbeartófaí é gan mhoill.

Focal scoir

Nuair a mhol an tAire Iompair Eamon Ryan do thiománaithe tiomáint níos moille chun caiteachas ar bhreosla a laghdú, rinne David Cullinane ó Shinn Féin (‘God almighty, how out of touch can you get?’) agus go leor daoine eile fonóid faoi.

 D’aontaigh scata saineolaithe áfach le tuairim an aire go mbeadh caiteachas ar bhreosla fiche faoin gcéad níos ísle dá dtiomáinfí carr ag 100 ciliméadar san uair in áit 120. Má ghlactar leis nach acmhainn don stát an t-ardú iomlán ar phraghsanna a chealú le laghduithe ar cháin, ní cóir laghdú ar luas a chur as an áireamh.

 Ní raibh i gcaint an Aire Iompair ach comhairle ar ndóigh. Ach i 1979, d’fhógair an rialtas uasteora éigeantach 55 míle (nó 88 ciliméadar) san uair mar gheall ar ghanntanas ola. Cuireadh an riail ar ceal i 1987, ach b’fhéidir gurbh fhiú riail dá leithéid a bhreithniú arís. Riail a rachadh chun tairbhe do thiománaithe, don tír agus don phláinéad.

 * SPARK: Single Parents Acting for the Rights of Kids.

Fág freagra ar 'Ní cabhair do chách ach faoiseamh do theaghlaigh bhochta a theastaíonn '