Ní bhuaileann an tintreach faoi dhó le Conversations with Friends

Chuir 'Normal People' an lucht féachana faoi dhraíocht i rith na dianghlasála níl a chomharba ag déanamh an ghaisce chéanna

Ní bhuaileann an tintreach faoi dhó le Conversations with Friends

Chuir Normal People an lucht féachana anseo in Éirinn, i Sasana, agus áiteanna níos faide i gcéin fé dhraíocht, nuair a craoladh é breis agus dhá bhliain ó shin. Bhíomar in arraingeacha na paindéime agus na dianghlasála ag an am agus sé is dóichí ná a mhalairt gurbh é sin ba chionsiocair leis an lucht féachana éirí gafa le scéal grá liobarnach Connell (Paul Mescal) agus Marianne (Daisy Edgar-Jones). Thuill Normal People moladh ó léirmheastóirí agus lucht féachana araon. Ní haon ionadh mar sin go raibh uisce le fiacla nuair a chualathas go mbeadh an chéad úrscéal de chuid Sally Rooney, Conversations With Friends á thabhairt chuig an scáileán. Leis an lucht féachana a chur ar tinneall ar fad siad an mheitheal scannánaíochta chéanna, geall leis, atá i mbun an léamh scáileáin.  

Bhíothas ag súil go mbuailfeadh an tintreach faoi dhó. Ar an drochuair níor bhuail, sa chéad dá ghála ar laghad (RTÉ1, Dé Céadaoin). I Normal People bhí cíoradh á dhéanamh ar scéal na beirte ar a seal. Sa saothar seo tá ceathrar príomhcharachtar againn, ach ar shlí, go dtí seo ach go háirithe, níl ach duine againn. Go dtí seo sí Frances (Alison Oliver) atá i lár an aonaigh; mac léinn ollscoile agus ceardaí filíocht bhéil atá cúthail, beagfhoclach. Sí an Meiriceánach cainteach, coráistiúil Bobbi (Sasha Lane) a dlúthchara agus a hiarleannán in éineacht. Sa chéad ghála cuireann siad aithne ar an scríbhneoir cáiliúil Sasanach Melissa (Jemima Kirke) agus an t-aisteoir atá mar chéile aici, Nick (Joe Alwyn). Cítear eachtraí uile an scéil trí shúile Frances agus níl an scéal chomh tarraingteach céanna dá bharr. Aisteoireacht bhreá ón gcliar ar fad agus is léir go bhful an-chumas in Oliver. Lenny Abrahamson slachtmhar i mbun léirithe, mar is dual dó.  

Tá radharcanna malltriallacha agus tostanna míchompordacha i Normal People agus cíoradh á dhéanamh ar mheon carachtair atá beagfhoclach, cúthail agus ná santaíonn comhluadar. Anseo, áfach éiríonn rudaí an-fhadálach agus neamh-anamúil. Sracfhéachaint anseo, geáitsí beaga ansiúd. Tá rudaí róliobarnach, cráite uaireanta. Ó bheith ag féachaint ar shaothar Rooney thaibhseofaí duit ar uairibh nach raibh aon chuileachta riamh ag dream ollscoile. Tá a fhios againn ón gcéad luí súl go bhfuil dúil ag Nick agus Frances ina chéile. É féin chomh liobarnach, beagfhoclach léise. Tá siad níos fearr i mbun téacsanna ná mar atá siad i mbun cainte.  

Tugtar spléachadh ar mhuintir Frances chomh maith; tá a tuismitheoirí (Tommy Tiernan agus Justine Mitchell) scartha agus níl a caidreamh le héinne acu thar mholadh beirte. Beidh sé suimiúil féachaint cén cíoradh a dhéanfar ar na carachtair, agus saol baile Frances, sna gálaí atá le teacht.  

Fágaimid Frances agus í ar bhus ag triall ar thigh Nick fad is atá Melissa as baile. Tá’s ag madraí an bhaile faoin tráth seo go gcuirfear caidreamh gnéis eatarthu. B’fhéidir go gcuirfí dlús fé chúrsaí ansin. Cé nach mbuaileann an tintreach faoi dhó tá bua faoi leith ag Rooney carachtair chaithiseacha a chruthú a gcuirimid dúil iontu. Leanfaimid a scéal go ceann scríbe.  

Fág freagra ar 'Ní bhuaileann an tintreach faoi dhó le Conversations with Friends'