Bí siúráilte dá mba dhuine ar bith eile seachas Brian Cody a bhí i mbun bainistíochta ar Chumann Shéamuis Mhic Stiofáin nuair a chaill siad stádas na sinsear i gCraobh Iomána Chill Chainnigh an deireadh seachtaine seo caite nach mbeadh an scéal chomh spréite céanna i dtuairiscí na meán chumarsáide.
Níl aon amhras ach go mba dhíol suime é agus is lú ná sin an t-iontas gur deineadh oiread sin cainte faoi.
Ach tabhair dom ainm an bhainisteora a bhí ar fhoireann Fhánaithe an Gleanna nuair a chaill siadsan a n-áit i bpríomhchomórtas iomána Chorcaí anuraidh den chéad uair le 97 bliain?
Nó an té a bhí i gceannas ar Aibhistín de Staic nuair a dícháilíodh iadsan anuraidh freisin – chinn orthu dul thar an mbabhta ceathrú ceannais sa gCraobh Idirmheánach i mbliana. Tá siadsan ar cheann de na cumainn pheile is iomráití sa tír. Níl foireann i gCiarraí a bhfuil Craobh Shinsir an Chontae buaite acu níos minice ná na Stacaigh (13 – ar comhchéim leis na Crócaigh). Tá Craobh na hÉireann buaite freisin acu.
Sa mbliain 1985, ba iad Deasmhumhnaigh Oileán Ciarraí a bhuaigh Corn Andy Merrigan. Faoi 2003 bhíodar tite go dtí an grád idirmheánach, áit ina bhfuileadar ó 2004. An scéal céanna atá le haithris ag Fánaithe na Leamhna as Cill Orglan a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1996.
Tá stair chumainn na gCluichí Gaelacha lomlán le scéalta fúthu siúd ar thosaigh an saol ag dul ina n-aghaidh go gairid tar éis dóibh a bheith ar mhuin na muice. Bíonn a sheal féin ag mórán gach aon ní. Sin é nádúr an tsaoil agus ní ar pháirceanna iomána ná peile amháin atá sé amhlaidh.
Is le dhá fhoireann as Contae na Gaillimhe a bhaineann na scéalta is truamhéalaí faoina leithéid de shleamhnú, dhá chumann atá i bhfoisceacht cúpla míle dá chéile in oirdheisceart an chontae.
In ómós do Ghreallán Naofa pátrún an bhaile, a ainmníodh foireann peile Bhéal Átha na Sluaighe nuair a bunaíodh iad i 1913. Gan mhoill, ba go tréan agus go tiubh a tháinig na coirn – idir sin agus 1930 ba iad a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe chuile bhliain ar imríodh sin. (Níor críochnaíodh an comórtas nó níor imríodh beag nó mór é i 1922, 1923, 1926 agus 1927). Idir 1930 agus 1956 d’imir siad i 13 cluiche ceannais eile agus thugadar an corn leo trí huaire.
Ba sa tréimhse sin a tháinig foirne thuaisceart an chontae agus chathair na Gaillimhe chun cinn – Cumann Mhic Éil as an Dún Mór, Réalta Thuama, Cumann an Ath. Uí Ghríofa. Bhí foireann Bhéal Átha na Sluaighe tite chun deiridh. Ach ansin nuair a bhuaigh Naomh Greallán dhá chraobh as a chéile i 1979 agus 1980 bhí an chuma ar chúrsaí go raibh gealladh fúthu arís.
Agus Craobh Chlubanna Chonnacht buaite acu an dá bhliain sin, bhain siad Babhta Ceannais na hÉireann amach i 1980 áit ar bhuaigh Cumann Barra Naofa orthu i gcluiche inar scóráil Jimmy Barry Murphy 2-5 do na buaiteoirí.
Dornán beag blianta ina dhiaidh bhí a gcuid peileadóirí tite go dtí an grád idirmheánach. Inniu agus le tamall is i measc na sóisear a thiocfas tú orthu.
Téigh leathdhosaen de mhílte ó dheas de Bhéal Átha na Sluaighe agus beidh tú i bparóiste Chill Tormóir. Timpeall ort ansiúd tá cuid de na háiteacha is mó le rá i stair iomána na Gaillimhe, nó na tíre fiú. Cúpla ciliméadar ó dheas uait – Cill Íomair, áit ar leagadh síos na rialacha ba thúisce sa gcluiche; idir thú agus abhainn na Sionainne Mílic-Dún an Ochta, a bhí sa gcéad chluiche ceannais a imríodh in 1887; ó dheas duit Port Omna agus ar thaobh na ciotóige, Tíne, Baile Locha Riach, Bullán, Cill Chríost, Ard Raithin agus Creachmhaoil.
Ó lár na 1970idí go dtáinig tús na 1990idí ba rathúla iománaithe Chill Tormóir. Le linn an achair sin bhuaigh siad Craobh Iomána na Gaillimhe 5 uaire agus tá an bealach ar bhuaigh siad Corn Tommy Moore greanta in annála CLG.
Trí huaire a d’imir siad féin agus Cumann an Rí Cormac as Caiseal Mumhan a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Ar an Domhnach deireanach d’ Fheabhra 1992 faoi scáth Charraig Phádraig, ba ar chomhscór a chríochnaigh ceann de na cluichí ab fhearr a facthas ariamh sa gcomórtas. B’amhlaidh a bhí coicís dár gcionn ar Pháirc Uí Dhuagáin áit a raibh 14,000 lucht féachana i láthair, 3,000 ní ba mhó ná bhí ag an gcéad cheann.
In ainneoin cluiche ceannais na peile a bheith á imirt san áit chéanna, ba iad lucht leanta na fuinseoige ba líonmhaire freisin i bPáirc an Chrócaigh Lá’l Pádraig ag an tríú hathimirt nuair a scóráil Tony Furey an cúl a thug an bua do na Gaillimhigh.
Ar Pháirc Tom Semple a imríodh an babhta ceannais inar bhuaigh siad ar Bhiorra 0-15,1-8. An lánchúlaí Conor Hayes a scóráil péire de na cúilíní.
Tá breis agus 30 imirt déanta ar Chraobh Shinsir Iomána na Gaillimhe ó shin – níor bhain Cill Tormóir an ceann amháin féin acu sin amach, ní áirím é a bhuachan.
Le blianta beag ní mba thúisce thuas iad ná thíos, ag iomaíocht i measc na n-idirmheánach le tamall maith anois.
An tseachtain seo caite buaileadh an buille ba throime fós orthu nuair a bhuaigh Cill Fheichín orthu i gcluiche dícháilithe sa ngrád idirmheánach. Fearacht peileadóirí Bhéal Átha na Sluaighe, is i measc na sóisear a bheas Cill Tormóir an séasúr seo chugainn.
Ros Cré a bhuaigh Craobh Shinsir Iomána na gClubanna nuair a imríodh sin den chéad uair i 1971 – bhí siad i gcluiche ceannais a gcontae chuile bhliain idir 1967-1973. Níor bhuaigh siad aon cheann le hos cionn dhá scór bliain agus is i measc na n-idirmheánach atá siadsan anois freisin.
Ní thugann rud ar bith ach seal, a deir siad.
Fág freagra ar 'Ní bhíonn in aon ní ach seal, fiú do Bhrian Cody agus Cumann Shéamuis Mhic Stiofáin'