Ní bhíonn gluaiseacht na Gaeilge ag déanamh dóthain agóide faoin éagóir

Más fíor gurb é Cluain Dolcáin an ceantar is gaelaí i mBaile Átha Cliath, nach bhfuil sé in am dúinn é sin a chur in iúl do na polaiteoirí sa mbosca vótála aimsir thoghcháin?

Ní bhíonn gluaiseacht na Gaeilge ag déanamh dóthain agóide faoin éagóir

Bhí lá mór ag Gaelscoil na Camóige i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, ar na mallaibh. Tríocha bliain ar an saol a bhí á cheiliúradh. Tríocha bliain ag tabhairt seans do pháistí na háite greim a fháil ar an nGaeilge, fiú is gan í á labhairt ag formhór a dtuismitheoirí.

Cuid thábhachtach d’athbheochan na Gaeilge is ea na gaelscoileanna, agus aithnítear Cluain Dolcáin anois ar cheann de na ceantair is mó a bhfuil Gaeilge ann i mBaile Átha Cliath.

Bhí tuismitheoirí, iardhaltai agus páistí an lae inniu i láthair ag ceiliúradh is ag míniú a scéil do Cúla 4 go bródúil soiléir. Ach ní raibh na huaisle ann.

Tá tionchar na scoile le tabhairt faoi deara sa gceantar. Téann an chuid is mó de na páistí ar an tsráid ina bhfuil cónaí orm féin go dtí Gaelscoil na Camóige, agus is deas an rud a bheith ag éisteacht leo ag labhairt le chéile as Gaeilge agus iad ag súgradh, fiú, nó go speisialta, nuair a bhíonn páistí gan Ghaeilge in aice leo.

Ach má tá Gaelscoil na Camóige tríocha bliain ar an saol, fós féin níl aon fhoirgneamh aici. Foirgnimh réamhdhéanta atá in úsáid, agus a bhí acu ó bunaíodh an scoil. Foirgnimh réamhdhéanta a bhfuil sé deacair iad a choimeád te sa ngeimhreadh nó fionnuar ceart sa samhradh.

Go deimhin is cuimhin liom roinnt blianta ó shin nuair a bhí ceiliúradh eile ag an scoil nuair a fuair siad foirgnimh réamhdhéanta nua in ionad na seanchinn lofa a bhí ag titim as a chéile. Bhí Frances Fitzgerald i láthair an lá sin.

Tá Gaelscoil na Camóige ar an liosta le foirgneamh ceart a fháil, ach tá sí ar an liosta le fada an lá, agus fós níl aon tús curtha le tógáil na scoile nua.

Ag an am céanna tá scoileanna Béarla sa bpríomhchathair, ceann i ndiaidh a chéile, ag dul de léim chun tosaigh uirthi ar an liosta.

Ní de thimpiste a tharlaíonn a leithéid, ach toisc nach bhfuil aon spéis ag an Roinn Oideachais (ná ag airí oideachais ach an oiread) an t-oideachas Gaeilge a chur chun cinn. Ní gan údar a thugtar an Roinn éadóchais uirthi.

Is fiú a thabhairt faoi deara nár tháinig aon ghaelscoil ar an saol mar gheall ar thionscnaíocht na Roinne Oideachais. Ba shaoránaigh áitiúla, i ngach aon chás, a raibh sé de dhúthracht is de dhiongbháilteacht iontu gan glacadh leis na bacanna a chuir an Roinn Oideachais sa mbealach orthu is a chinntigh go raibh gaelscoil ann.

Tá Gaelscoil na Camóige suite ar shuíomh de chuid Áras Chrónáin, an foras cultúrtha áitiúil a thugann deis do lucht na Gaeilge teacht le chéile, le ceol, ranganna is siamsa. Ar ndóigh tá fás an Árais féin teoranta mar gheall ar an suíomh a bheith tugtha don ghaelscoil.

Is tá na deacrachtaí céanna atá ag Gaelscoil na Camóige ag gaelscoileanna eile ar fud na tíre, agus moill fhada orthu sula bhfaigheann siad a gcearta.

Mar is ceart atá ann, cé nach n-aithníonn an Roinn Oideachais é, nó le bheith ionraic, an stát féin. Beidh an corrfhocal deas ó aire oideachais, ach ní bheidh aon ghníomh nó plean oibre le gaelscolaíocht a leathnú amach.

Ó shuirbhéanna atá déanta, is léir go bhfuil i bhfad níos mó éilimh ar ghaelscolaíocht ná spásanna. I gCluain Dolcáin tá dhá ghaelscoil ann, agus trí naíscoil, is ní féidir le gach dalta atá ag iarraidh dul isteach sa ngaelscoil áit a fháil.

I mBaile Néill i dtuaisceart Chluain Dolcáin, ceantar aicme oibre ar fad, níl aon ghaelscoil ann is níor éirigh le tuismitheoirí na háite aon chabhair a fháil ón Roinn Oideachais chun a leithéid a chur ar fáil. Tá deis na Gaeilge á séanadh ar pháistí an cheantair sin.

Cinnte, tagann cleachtas na Roinne salach ar aidhmeanna an stáit, nó na haidhmeanna a mhaítear a bheith aige ar a laghad, ach cé atá ag gearán? Níl aon pholaiteoir buartha go gcaillfeadh sé nó sí vótaí mar gheall ar an bhfaillí seo i leith na teanga.

Agus ar deireadh thiar sin í an fhadhb. Ní bhíonn gluaiseacht na Gaeilge – má tá gluaiseacht ann – ag déanamh dóthain agóide faoin éagóir seo. Ní dhéantar agóid, is ní dhéantar aon ghníomh.

Ach más fíor gurb é Cluain Dolcáin an ceantar is gaelaí i mBaile Átha Cliath, nach bhfuil sé in am dúinn é sin a chur in iúl do na polaiteoirí sa mbosca vótála aimsir thoghcháin?

Nach cóir go ndéanfadh muid gearán láidir faoin bhfaillí seo ar Ghaelscoil na Camóige agus ar ghaelscoileanna eile? Nach cóir go gcinnteodh muid nach mbeidh a thuilleadh moille ann le foirgneamh ceart a chur ar fáil do Ghaelscoil na Camóige is do scoileanna eile?

Fág freagra ar 'Ní bhíonn gluaiseacht na Gaeilge ag déanamh dóthain agóide faoin éagóir'

  • Sibéal

    Déanaimí agóid leis na Cultural Catholics a ligeann dos na heaspaig bac a chur ar fás na Gaelscolaíchta idirchreidmheacha srl.

  • Christina Chen

    Is minic i Meiriceá a bhíonn muid ag caint ar na “Fighting Irish”. Ach ní fhaca mé mórán de sin in Éirinn. Fine an-ghéilliúil, neamhghníomhach is ea iad na Gaeil. Is cosúil nach bhfuil aon rud níos measa do na hÉireannaigh ná seasamh aníos, labhairt amach, srl. Tá an-chion agam ar Éirinn agus ar go leor daoine arb as an tír sin iad, ach tá an ghráin agam ar an gcultúr sin tosta agus géillte. Pretty pathetic, honestly. Má fhaigheann an Ghaeilge bás ní chuirfidh mé an locht ar na Sasanaigh.