Ní bheidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar chluichí Euro 2016 ó thuaidh den teorainn

Diúltaithe ag an BBC d’iarratas ó Chonradh na Gaeilge ar thráchtaireacht i nGaeilge mar nach bhféadfaí socruithe a bhí déanta roimhe seo do chluiche na hoíche anocht a athrú anois ar fhógra gairid

BBC Northern ireland

Ní bheadh sé indéanta ag an bpointe seo ag BBC Thuaisceart Éireann tráchtaireacht Ghaeilge RTÉ ar an gcluiche tráthnóna idir Éirinn agus an tSualainn a chraoladh sa tuaisceart dóibh siúd nach mbeidh fáil acu ar sheirbhís RTÉ.

Stiúrthóir BBC Thuaisceart Éireann Peter Johnston a thug an méid seo le fios mar fhreagra ar iarratas ó Chonradh na Gaeilge a d’éiligh go mbeadh an rogha ann go mbeadh tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil ó thuaidh mar nach mbeidh cead craolta ag RTÉ ar an gcluiche ó thuaidh den teorainn de bharr socruithe a bhaineann le cúrsaí cóipchirt agus ceadúnais.

Thug  an Stiúrthóir le fios ina litir chuig an gConradh nach raibh cead craolta ag BBC Thuaisceart Éireann ach ar chluiche amháin de chuid fhoireann na poblachta, cluiche na hoíche anocht; ag ITV atá an ceadúnas do na cluichí eile. 

Ina litir chuig an BBC mheabhraigh Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge go raibh tráchtaireacht i mBreatnais ar fáil ón BBC do chluichí inar raibh foireann na Breataine Bige páirteach agus thagair sé freisin do dhualgais reachtúla a bheith ar an BBC maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Dúirt sé gur “dlúthchuid” de Chomhaontú Aoine an Chéasta é  “seirbhísí Gaeilge teilifíse a chur ar fáil ó thuaidh” agus gur gá don BBC “mar chraoltóir oifigiúil an stáit” géilleadh do na dualgais sin. Bheadh ceangal orthu freisin faoi réir na bhforálacha atá sa Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, a dúirt sé.

Ach dúirt Peter Johnston ón BBC mar fhreagra nach bhféadfaí socruithe a bhí déanta roimhe seo do chluiche na hoíche anocht a athrú anois ar fhógra gairid.

Ní bheadh tráchtaireacht Ghaeilge á tairiscint ag RTÉ ar chluichí Thuaisceart Éireann agus ní bheadh sé indéanta ag an BBC féin tráchtaireacht ar leith i nGaeilge a sholáthar anois, a dúirt sé freisin.

Thug Stiúrthóir BBC Thuaisceart Éireann le fios don Chonradh go raibh “strong commitment to BBC programming in Irish across radio, television and online” san eagraíocht agus go mbeadh fáilte ag an gcraoltóir roimh mholtaí ón gConradh maidir leis na seirbhísí sin a fhorbairt agus a fheabhsú.

 

Fág freagra ar 'Ní bheidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar chluichí Euro 2016 ó thuaidh den teorainn'

  • Concubhar

    Trachtaireacht #Gaeilge bhreá ag Garry Mac Donnchadh @rte anseo @Cultúrlann Bhéal Feirste #Ire #Éire ??Trachtaireacht #gaeilge ar chluichí na hÉireann is mór ocáidí sport eile de shíor. Ná gabhtar siar anois! #saoltríghaeilgeatáuainn

  • Concubhar

    Trachtaireacht #Gaeilge bhreá ag Garry Mac Donnchadh @rte anseo Cultúrlann Bhéal Feirste #Ire #Éire ??Trachtaireacht #gaeilge ar chluichí na hÉireann is mór ocáidí sport eile de shíor. Ná gabhtar siar anois! #saoltríghaeilgeatáuainn